Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sluagh Sidhe.

Title
An Sluagh Sidhe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN SLUAGH SIDHE.



Níor stad agus níor staon sé dh'a shaothar,
ar eagla dá scuireadh sé féin go scuirfeadh
an chobhair agus an congnamh chomh maith ceudna.
Tráth bhíodh a bhuille féin bainte aige,
théidheadh sé seacht mbuilllidhe chum cínn, chum
coimeád amach ó n-a choimhspealadóiribh.
Níor chian, gan aon agó, go raibh leath na
páirce ar lár ag an ochtar. Fá'n am san,
bhí na seacht spealadóiridhe sidhe ag teacht
chomh athchomair dhó, gur tháinic eagla air dh'a
aindeoin: do sheas a ghruaig mar fionnadh
muice fiadhanta ar mhullach a chínn; do dhein
sé an baile amach, agus do chuaidh a chodladh dhó
féin go maidin.



Ar eirghe dh'a mhnaoi, lá ar n-a bháireach,
do chuaidh sí amach chum oibre-oidhche a fir
d'fheicsint; in áit an mhóinfhéir go léir do
bheith 'na shreath ar lár, is amhlaidh bhí gach aon
ochtmhadh buille bainte, agus an chuid eile in a
ceart-sheasamh. Do chuaidh sí a bhaile agus
d'innis sí dh'á fear mar a bhí. “Go mbeiridh
an d-l leis an Sluagh Sidhe,” ar sé, “muna
mbeuradh sé leis iad acht leath-órlach 'san
ló.” “Is olc é sin,” ar an bhean, “cá fhios
duit nach bhfuilid aig éisteacht leat anois?
Agus má táid, do ghéabhair díol ad' chaint
uatha uair éigin.”



Póstar an Sluagh Sidhe, agus bheirthear chum
pósta iad. Bíonn bainis aca an t-am san,
agus fleadh mhór ar bhaisde leinbh. Uair, do bhí
fear ag dul go Corcaigh, ag díol dhá fhircín
ime. Rug an deireannaighe air, agus, sul
arbh fhéidir leis aon tigh do shroistint, rug
fear air 'san tslighe, agus d'fhiafruigh dhe an
dtiocfadh sé leis go fóill chum cáirdios
Chríost do dhéanamh do leanbh nár bais-
deadh fós, agus do bhí le bruach báis i mboth nach
raibh acht trí nó ceathair de choiscéimeannaibh
ó'n mbóthar. Ní fheacaidh sé an fear riamh
roimhe sin, mar sin, do bhí eagla air i
dtaoibh dul sul imreochthaoi aon fheall air, agus
dá gcuireadh sé suas do'n chuireadh fuair se,
shaoil sé gur mheasa go mór 'ná san dó é.



Do bhí sé i gcás idir dhá chomhairle, acht in
aon nóimeat amháin do dhein sé suas a aigne
imtheacht in éinfheacht leis, cia aca bás nó
beatha dhó é. Do cheangail sé a chapall do
thor, do chuaidh sé thar cloidh, agus ba ghearr go
bhfuair sé é féin i dtigh an-bhreagh áluinn.
Timchioll bliadhna roimhe sin, d'eug an aon
inghíon amháin a bhí aige.


L. 240


Ar dhul asteach 'san tigh dhó, do chonnaic
sé í i leabaidh, thar éis a luighe sheoil a chur:
ba leíthe an leanbh do bhí chum bheith baisdthe.
D'éis an bhaisde, tháinic neach, agus d'fhiafruigh
de'n bhfeur cad é an bronntanas ba mhian
leis do thabhairt do'n naoidhean. “An bhó is
fearr im' sheilbh,” ar sé, lom láithreach. Ar
ndul a bhaile dhó, do h-ínnseadh dhó go
bhfuair an bhó ba mhó bainne agus bleoghantas
bás, an oidhche cheudna d'fhág seisean an tigh.
Acht níorbh aithreachas dó í do chailleamhain,
mar in aghaidh a chur (churtha) chum deiridh, do
bhí sruth a's gaoth a's aithe leis as san amach.



Bíd ba agus caoirigh, gabhair agus capaill aca,
díreach d'ar ndála féin. Is minic do chuala
trácht ar dhaoinibh do ghabh tar lios agus an
Sluagh Sidhe ag déanamh cuiginne, agus rud is
aite, is ar an nDomhnach is gnáthaighe leo an
obair sin. Má gheibh bó nó each bás le linn
duine bheith breoidhte i líon-tighe, foillsighean
sin do na seandaoinibh gur tugadh tailm
fá neach éigin aca do sciobadh, acht gur theip
sé orra, agus gur thugadar leo an bhó nó an
t-each in a áit.



Is cinnte gur mór an eagla do bhí fad ó
roimh an Sluagh Sidhe; acht, mar gach aon nidh
eile bhaineas le ársacht na h-Éireann, tá
an eagla sin andiu ag meath leis an tean-
gaidh in ar luadheadh go minic a g-ceannas agus
a g-comhacht, a n-euchta agus a n-imtheachta — an
Ghaedhilge bhog bhríoghmhar, chonnta cheolmhar,
Gaedhilge ghlórmhar oileáin na naomh agus na
n-ollamhan.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services