Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sluagh Sidhe.
Title
An Sluagh Sidhe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SLUAGH SIDHE. Le P. O'L. (ar leanamhain). Is mion agus is minic do chuala déin trácht ar dhaoinibh do h-athghoideadh ó'n t-Sluagh Sidhe. Má's fíor an líne atá anois ar bhruach na h-uaighe bhí mórán aca suas le línn a n-óige féin, agus is garra-dia leó ainm a chur ar an té-so agus ar an té úd, do bhí seal le cois an t-sluaigh Sidhe nó gur túgadh tar ais iad. Má théidh sé de na Daoinibh Matha duine do bhreith leó dhe'n chéad iarracht, ní chaillid croidhe dh'a dhruím sin. Feuchaid leis arís agus arís eile, ar mhódh gur anamh cás nach leó bhíos buaidh faoi dheireadh. Tháinic sé chum críche, uair, gur thug an dá dhream cath dh'á chéile ar son leinbh a bhí muínteardha go maith ag dream de na dreamaibh. Rug an camtha a bhí chum sgiobtha an bhuaidh, agus thuga- dar aithne do aon d'á mnáibh dul isteach agus an leanbh do bhi ion a chodladh i bh-fochair a athar agus a mháthar do bhreith amach. Chuaid sí isteach; bhíodar a d-triúr go sámh ion a suan; shín sí a lámh trasna na leaptha agus rug ar an naoidhean. Iar leigean a láimhe air, chuir se sgréach as do dhúisigh a athair do chonnairc an bhean ar mhúsgailt dó; rug sé barróg ar an leanbh agus níor leig léithi é. Tamall ion a dhiaidh sin thug a ghnó as baile é, agus é ion a chodladh'san oídhche shaoil sé gur chonnairc sé an bhean sgiobtha arís agus a leanbh féin aici ar bhéal a cuisleann, “An m-bainfir díom anois é?” ar sí, agus do gháir sí go cnáideamhail, cathbhuadhach, agus d'euluigh uaidh. Ar a theacht a bhaile bhí a leanbh marbh. Anois is ionchuir an cheist “Cá g-cómhnui- ghid an Sluagh Sidhe?” Is iomdha áit a m-bíd. Uair agus uair is clos dúinn go bh-fuil a n-áitreabh i g-ceart-lár na g-cnoc nglas ngléineach, áluinn árd, a bh-fad ó gheoin agus gleó, ó achrann agus arguil an t-saoghail. Arís agus arís eile cloismíd go n-gníd a n-áit- chómhnuidthe i n-gleanntaibh dorcha dúbha mar a m-bíonn scáil na h-oidhche do shíor ag suan
agus uaignios nach m-bristear acht fo-uair le méillioch an ghabhair, éigheamh an iolair, garbh- ghuth gaoithe geimhridh nó túairt agus torann tuille fóghmhair ag léim go lonnach lúthmhar tar lom-sleasaibh na g-carraigeach nó ag géis go garg ag bun na n-ailleach uathmhar. Acht cíbé áit a m-bíd is áil leó plásan glan bheith taoibh le dorus an leasa ar mhódh go m-beidís ag a n-grianadh agus ag a n-goradh féin tráth bhíonns ámh-ghaethe na gréine samh- raidh ag taithniomh go taidhleach ar chnoc agus gleann, muir agus mór-fhairrge. Cómh dian a n-dúil i m-báinseachán gur tearc lios nach m-bíonn ceann i d-treó éigin tímchioll air muna m-bíonn sé buailte suas leis. Ní fhuil aon nidh is mó chorruigheas a bh-fuath ná cuid agus caidreamh leis na daoinibh. Ní maith leó áitreabh na áit-cómnuidhthe bheith i n-gar ná i n-gaor dóibh agus dá d-teigeómhadh go n-déanfaidhe tigh taobh leó, d'fhagfaidís- sean a síoth-arus féin, acht ní gan dhíoghbháil agus dochar dochruideach do dhéanamh ar d-tús do'n té le n-ar cionntach a n-iomarbadh. Cá h-áit a dtéidhid annsan ní fios dom. Acht is anamh is éigion dóibh san a dhéanamh, óir is eól do'n t-sluagh mar a m-bíd, agus bhéidheadh imeagla ar gach aonneach teacht in athchomair dóibh sul a n-déanfaidhe iad a mhillead agus a mheathlughadh. Dá m-beidheadh sé de mhí-ádh ar dhuine teacht ag canntáil nó ag toirmeasg orra, ní cian go n-imeór- thaidhe brón báis agus beagshaoghail air féin nó ar a shliocht nó báinfidhe d'á bhólacht nó d'á m-bleacht. Bíonn itheadh agus ól go leór aca: arán cruithneachta, coirce, agus eórnan ion a chrua- chaibh; miosgáin d'im mhilis; barrailidhe éisg; leamhnacht bhog bhríoghmhar ion a sru- thaibh; uachtar ion a shlaodaibh; milbhuidhe agus céir-bheach ion a mámannaibh; meadh ion a meadaraibh; corm, beoir agus uisce beatha ion a d-taoide — go h-athgheárr gach sóghnidh dhár smuain croidhe nó dh'ár shanntuigh an dúil ariamh. Cé gur maith iad so ionnta féin is gar, an ghar go bh-faghann duine é féin tuirseach dhíobh. Uime sin ní ag itheadh ná ag ól do chaithid a n-aimsir go h-uile bíonn cath comórtais, cómhrac aonfhir agus grásgar lámh go minic eatorra; téidhid ag rínceadh ar réidhibh, ag caitheamh léimeann agus líag; ag imirt bháire ar mhághaibh mín-áilne nó cleas na cuailighe anuas le fánaidh, d' féachaint cia aca ba thúisge go bun. Uair bíd ag gabháil a n-abhrán, uair eile ag ínnsint a n-imtheachta agus an-eachtraidh dh'á chéile, agus uair eile fós ag aithris go sgigeamhail ar bhaoth- bheartaibh agus cruaidh-chleachtaibh an t-saoghail t-suaraigh-seo. Seal dóibh go soimheanmnach ag seilg fiadh agus girr-fhiadh, madadh-ruadh agus coinín tar chnoc agus ceachann, go cladarach agus pluais, suas slios sléibhe le saothar nó anuas le fánaidh i sán-rith go bruach fairrge — acht ní stadaid annsan — tar tuínn tréin agus builg brúchtaigh, níos luaithe ná an ghaoth Mhárta agus as leó go bráth as do radharc. Seal eile téidhid ag rómhar agus ag grafadh, ag spealadoireacht agus ag rith le bádaib nó le h-eachaibh. Má eugann aon- neach gar i n-gaol dóibh tar lear nó as a dhúithche féin théidhid i sugaid a bhaile é dh'á thigh féin chum é thóramh, agus dá éis sin é adh- lacadh ions an roilig a bh-fuil an chuid eile dhá mhuíntir. Uair do bhi fear ag a raibh muirear mór ag obair ar aon de mhianaighibh umha Béara. Ní raibh aonneach dh'á chloínn ionghnótha agus muna m-beidheadh an bhean mhaith a bhi pósta leis ni fheadfadh sé tigh ná treabh do choimeád, mar bhi airgead tearc agus gan ghlaodhach ar shócainidhibh. Bhi móinfhéar breágh aige i m-béal bainte, acht ó bhi sé féin ar obair lae, i rith na míosa san, níor fheud sé “an tráigh 'san tímchioll do theacht leis,” mar a deir an sean-fhocal. Bhí an aimsir an- áluinn agus an féar ag lobhadh agus ag liathadh do cheal a bhainte. Tháinic sé a bhaile aon tráthnóna amháin d' éis a lae oibre, thug se cnagaire d' uisge beatha leis agus d'ól é gan gruaim gan garrabhuaic. Fuair sé a speal annsan; bhi an oidhche ann, acht bhi an ghealach ag taithniomh go glinn gléineach ar slighe go raibh an oidhche beagnach cómh soléis solus mhar leis an lá. Chuir se faobhar ar a speil, agus tosnuigh se ar bhaint; ar d-tús go mín réidh go raibh buille no dhó bainte agus beárna fosgailte aige. Chuir sé faobhar eile suas agus so ag leagadh sreathann seamaraighe go fuirseamhail fuadrach é agus ag cur fionnáin agus fionn mhóna ag feadghaoil timchioll air. Ba gheárr do go bh-facaidh se ion a dhiaigh seacht spealadóiridhe ag baint na g-cos de féin agus d'a chéile. (Le bheith ar leanmhain).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services