AN SLUAGH SIDHE.
Le P. O'L.
(ar leanamhain).
Is mion agus is minic do chuala déin trácht
ar dhaoinibh do h-athghoideadh ó'n t-Sluagh Sidhe.
Má's fíor an líne atá anois ar bhruach na
h-uaighe bhí mórán aca suas le línn a n-óige
féin, agus is garra-dia leó ainm a chur ar an
té-so agus ar an té úd, do bhí seal le cois an
t-sluaigh Sidhe nó gur túgadh tar ais iad.
Má théidh sé de na Daoinibh Matha duine
do bhreith leó dhe'n chéad iarracht, ní chaillid
croidhe dh'a dhruím sin. Feuchaid leis arís agus
arís eile, ar mhódh gur anamh cás nach leó
bhíos buaidh faoi dheireadh. Tháinic sé chum
críche, uair, gur thug an dá dhream cath dh'á
chéile ar son leinbh a bhí muínteardha go
maith ag dream de na dreamaibh. Rug an
camtha a bhí chum sgiobtha an bhuaidh, agus thuga-
dar aithne do aon d'á mnáibh dul isteach agus
an leanbh do bhi ion a chodladh i bh-fochair a
athar agus a mháthar do bhreith amach. Chuaid sí
isteach; bhíodar a d-triúr go sámh ion a
suan; shín sí a lámh trasna na leaptha agus rug
ar an naoidhean. Iar leigean a láimhe air,
chuir se sgréach as do dhúisigh a athair do
chonnairc an bhean ar mhúsgailt dó; rug sé
barróg ar an leanbh agus níor leig léithi é.
Tamall ion a dhiaidh sin thug a ghnó as baile
é, agus é ion a chodladh'san oídhche shaoil sé
gur chonnairc sé an bhean sgiobtha arís agus a
leanbh féin aici ar bhéal a cuisleann, “An
m-bainfir díom anois é?” ar sí, agus do gháir sí
go cnáideamhail, cathbhuadhach, agus d'euluigh
uaidh. Ar a theacht a bhaile bhí a leanbh marbh.
Anois is ionchuir an cheist “Cá g-cómhnui-
ghid an Sluagh Sidhe?” Is iomdha áit a m-bíd.
Uair agus uair is clos dúinn go bh-fuil a
n-áitreabh i g-ceart-lár na g-cnoc nglas
ngléineach, áluinn árd, a bh-fad ó gheoin agus
gleó, ó achrann agus arguil an t-saoghail.
Arís agus arís eile cloismíd go n-gníd a n-áit-
chómhnuidthe i n-gleanntaibh dorcha dúbha mar
a m-bíonn scáil na h-oidhche do shíor ag suan
agus uaignios nach m-bristear acht fo-uair le
méillioch an ghabhair, éigheamh an iolair, garbh-
ghuth gaoithe geimhridh nó túairt agus torann
tuille fóghmhair ag léim go lonnach lúthmhar
tar lom-sleasaibh na g-carraigeach nó ag
géis go garg ag bun na n-ailleach uathmhar.
Acht cíbé áit a m-bíd is áil leó plásan
glan bheith taoibh le dorus an leasa ar mhódh
go m-beidís ag a n-grianadh agus ag a n-goradh
féin tráth bhíonns ámh-ghaethe na gréine samh-
raidh ag taithniomh go taidhleach ar chnoc agus
gleann, muir agus mór-fhairrge. Cómh dian a
n-dúil i m-báinseachán gur tearc lios nach
m-bíonn ceann i d-treó éigin tímchioll air
muna m-bíonn sé buailte suas leis.
Ní fhuil aon nidh is mó chorruigheas a
bh-fuath ná cuid agus caidreamh leis na daoinibh.
Ní maith leó áitreabh na áit-cómnuidhthe bheith
i n-gar ná i n-gaor dóibh agus dá d-teigeómhadh
go n-déanfaidhe tigh taobh leó, d'fhagfaidís-
sean a síoth-arus féin, acht ní gan dhíoghbháil
agus dochar dochruideach do dhéanamh ar d-tús
do'n té le n-ar cionntach a n-iomarbadh.
Cá h-áit a dtéidhid annsan ní fios dom.
Acht is anamh is éigion dóibh san a dhéanamh,
óir is eól do'n t-sluagh mar a m-bíd, agus
bhéidheadh imeagla ar gach aonneach teacht in
athchomair dóibh sul a n-déanfaidhe iad a
mhillead agus a mheathlughadh. Dá m-beidheadh
sé de mhí-ádh ar dhuine teacht ag canntáil nó
ag toirmeasg orra, ní cian go n-imeór-
thaidhe brón báis agus beagshaoghail air féin nó
ar a shliocht nó báinfidhe d'á bhólacht nó d'á
m-bleacht.
Bíonn itheadh agus ól go leór aca: arán
cruithneachta, coirce, agus eórnan ion a chrua-
chaibh; miosgáin d'im mhilis; barrailidhe
éisg; leamhnacht bhog bhríoghmhar ion a sru-
thaibh; uachtar ion a shlaodaibh; milbhuidhe agus
céir-bheach ion a mámannaibh; meadh ion a
meadaraibh; corm, beoir agus uisce beatha ion
a d-taoide — go h-athgheárr gach sóghnidh dhár
smuain croidhe nó dh'ár shanntuigh an dúil
ariamh. Cé gur maith iad so ionnta féin
is gar, an ghar go bh-faghann duine é féin
tuirseach dhíobh. Uime sin ní ag itheadh ná
ag ól do chaithid a n-aimsir go h-uile bíonn
cath comórtais, cómhrac aonfhir agus grásgar
lámh go minic eatorra; téidhid ag rínceadh
ar réidhibh, ag caitheamh léimeann agus líag; ag
imirt bháire ar mhághaibh mín-áilne nó cleas
na cuailighe anuas le fánaidh, d' féachaint
cia aca ba thúisge go bun. Uair bíd ag
gabháil a n-abhrán, uair eile ag ínnsint a
n-imtheachta agus an-eachtraidh dh'á chéile, agus uair
eile fós ag aithris go sgigeamhail ar bhaoth-
bheartaibh agus cruaidh-chleachtaibh an t-saoghail
t-suaraigh-seo. Seal dóibh go soimheanmnach
ag seilg fiadh agus girr-fhiadh, madadh-ruadh agus
coinín tar chnoc agus ceachann, go cladarach agus
pluais, suas slios sléibhe le saothar nó
anuas le fánaidh i sán-rith go bruach
fairrge — acht ní stadaid annsan — tar
tuínn tréin agus builg brúchtaigh, níos luaithe
ná an ghaoth Mhárta agus as leó go bráth as do
radharc. Seal eile téidhid ag rómhar agus ag
grafadh, ag spealadoireacht agus ag rith le
bádaib nó le h-eachaibh. Má eugann aon-
neach gar i n-gaol dóibh tar lear nó as a
dhúithche féin théidhid i sugaid a bhaile é dh'á
thigh féin chum é thóramh, agus dá éis sin é adh-
lacadh ions an roilig a bh-fuil an chuid eile
dhá mhuíntir.
Uair do bhi fear ag a raibh muirear mór
ag obair ar aon de mhianaighibh umha Béara.
Ní raibh aonneach dh'á chloínn ionghnótha agus
muna m-beidheadh an bhean mhaith a bhi pósta
leis ni fheadfadh sé tigh ná treabh do choimeád,
mar bhi airgead tearc agus gan ghlaodhach ar
shócainidhibh. Bhi móinfhéar breágh aige i
m-béal bainte, acht ó bhi sé féin ar obair
lae, i rith na míosa san, níor fheud sé “an
tráigh 'san tímchioll do theacht leis,” mar a
deir an sean-fhocal. Bhí an aimsir an-
áluinn agus an féar ag lobhadh agus ag liathadh do
cheal a bhainte. Tháinic sé a bhaile aon
tráthnóna amháin d' éis a lae oibre, thug se
cnagaire d' uisge beatha leis agus d'ól é gan
gruaim gan garrabhuaic. Fuair sé a speal
annsan; bhi an oidhche ann, acht bhi an ghealach
ag taithniomh go glinn gléineach ar slighe go
raibh an oidhche beagnach cómh soléis solus
mhar leis an lá. Chuir se faobhar ar a speil,
agus tosnuigh se ar bhaint; ar d-tús go mín
réidh go raibh buille no dhó bainte agus beárna
fosgailte aige. Chuir sé faobhar eile suas
agus so ag leagadh sreathann seamaraighe go
fuirseamhail fuadrach é agus ag cur fionnáin
agus fionn mhóna ag feadghaoil timchioll air.
Ba gheárr do go bh-facaidh se ion a dhiaigh
seacht spealadóiridhe ag baint na g-cos de
féin agus d'a chéile.
(Le bheith ar leanmhain).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11