Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connemara Gaelic.
Title
Connemara Gaelic.
Author(s)
O'Faherty, D.,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CONNEMARA GAELIC D. O'FAHERTY RADHMON MAC RIGH LAIGHEAN. Bhí rí í g-cúigeadh Laighean fad ó; rugadh mac dhó agus tugadh Radhmon mar ainm air. Bhí gnás ann, an t-am sin, nuair beirtí mac do righ, go n-déantaoi a chleamhnas le inghín righ eile a beurfaoi an oidhche cheudna. Thárla go rugadh inghean do righ na Spáinne an oidhche a rugadh Radhmon, agus righneadh a chleamhnas léi. Seal gearr 'na dhiaidh sin fuair a mháthair bás. D'fhan a athair gan pósadh go raibh Radhmon 'na fhear. Dubhairt
sé ann sin: “tá mé gan céile ó cailleadh do mháthair, agus ní bheidhead níos fuide gan bhean. Tá inghean áluinn deas ag righ na Gearmáinne agus is mian liom dul dá h-iarraidh; an d-tiocfá-sa liom?” “Rachad,” arsa Radhmon. D'imthighdear leo go d-tán- gadar go cúirt righ na Gearmáinne. D'innis righ Laighean fáth a thuruis. Cuireadh fáilte roimhe. Chaitheadar an oidhche sin le fleidh a's feusda. Ar maidin, lá air na mhárach, ceapadh cluiche comórtais idir mac righ na Gearmáinne agus Radhmon mac righ Laighean. Roinneadh na fir (leath ar gach taobh) acht chuir Radhmon 's a chuid fear an liathróid amach. “Níl mo chuid fear ag obair dhamh- sa comh maith a's tá do chuidse fear ag obair dhuit-se,” ar sa mac righ na Gearmáinne. “Tá go maith,” ars Radhmon; “bheurfaidh mise leath mo chuid fear dhuit a's feicimís cia chuirfear an liathróid amach.” Righneadh amh- laidh, acht bhuaidh Radhmon an báire. Leis an sgeul a ghiorrughadh, chuaidh Radhmon an aghaidh an iomláin a's chuir sé an liathróid amach orra. Thárla go raibh inghean righ na Gearmáinne a' dearcadh orra trí fhuinneoig ar feadh an ama. Chuir sí teachtaire faoi dhéin Radhmuin 'ghá iarraidh suas do'n chaisleán óir chuir sí spéis mhór ann, a's budh fheárr léi é mar chéile 'ná a athair. Dhiultaigh Radhmon an cuireadh, óir smuain sé ar an bh-fáth bhí leis. Mar gheall ar an tarcuisne so bhí rún aici dioghaltas d'imirt ar Radhmon. Pósadh rí Laighean agus inghean righ na Gearmáinne, a's thug sé a bhaile leis go h-Éirinn í. Bhidheadh an rí agus Radhmon ag seilg gach uile lá. Lá dá d-táinic sé a bhaile ó'n t-seilg, rinne a bhean musán leis faoi na fágbhail sa m-baile aonraic, 's dubhairt, “budh cóir dhuit-se do mhac a fhág- bhail mar comhluadar liom; ní mar so a bhí mé i g-cúirt m' athar.” D'fhág an rí Radhmon sa m-baile lá ar na mhárach, 's d'imthigh sé féin 'na seilge. Níorbh fhada bhí sé imthighthe 'nuair shaoil sise droch- bheart imirt ar Radhmon. Rith sé uaithe a's níor stad sé go d-táinic sé go cúirt righ na Spáinne. Fáiltigheadh roimhe agus fiafrui- gheadh dhe fáth a thuruis. D'innis ré sin dóibh. Dubhairt an rí leis nach bh-fuigheadh aon fhear a h-inghean acht an fear a mharbhochadh triur fáthach tá i n-Doirín- na-bh-fathach. “Acht,” ars an rí, is olc m'aithne nó is tú Radhmon mac righ Laighean agus má's tú, is leat m' inghean, óir righneadh a cleamhnas leat an oidhche rugadh thú.” “Lé aghaidh gaisge rugadh mé, a's lé aghaidh gaisge tá mé, agus rud air bith a dheunfas fear air bith,” arsa Radhmon, “tá mé sásda é a dheunadh sul gheobhas mé d'inghean.” Go moch maidneach, lá ar na mhárach nigh sé a eudan, chíor sé a cheann, d'ith sé a bhéiligh, 's d'imthigh sé go Doirín-na- bh-fathach. Tharruing sé amach a ghleus teineadh agus rinne teine dhó-féin. Rug sé ar chaora, mharbhaigh sé í, 's chuir sé ar an teinidh í a' bruith. Ní raibh ceathramhadh dí ithte aige 'nuair tháinic an fáthach's dubhairt “fú, fá, feasóg! fághaim boladh Éirionnaigh bhinn, bhreugaigh bhradaigh.” “Do dhonacht 's do dhoicheall ort féin, agus míle marbhfháisg ort; ní lé cóir nó ceart a thabhairt duit tháinic mise annseo, acht lé gach uile chóir agus ceart a bhaint dhíot,” arsa Radhmon. D'ionnsuighdear a chéile, 's ní'l gaisgidheach ó thús an domhain go deireadh an domhain nach d-tiucfadh ag breathnughadh orra dá m-bei- dheadh fhios aca go rabhadar lé chéile. Chuimhnigh Radhmon nach raibh fear a chaointe, nó a shínte, nó a churthe san aiséadach, 's thug sé cor don fháthach a chuir air a ghlúnaibh é, a's dón darna cor leag sé é. “Fóil, a ghaisgidhigh is feárr sa' domhan, shaoil mé nach raibh fear ar bith in-an sin a dheunadh liom acht Radhmon mac righ Laighean, nó é sin féin go m-beidheadh sé in aois a bliadhna 's fichead. Bheurfaidh mé leath mo ríoghachta lé mo bheo, a's í eilig lé mo mharbh; sin agus mo clai- dheamh soluis a dheunfas solus i n-dorchadas, má leigeann tú mo cheann liom.” “Cá bh-feuchfadh mé faobhar do chlaidhimh?” ar sa
Radhmon. Feuch ar an g-crann críon sin tháll é. “Ní fheicim crann air bith is gránda 'ná do cheann críon liath.” Bhuail sé i g-comhghar an chinn 's an mhuinéil é, 's bhain sé an ceann de. Shníomh sé gad do'n choill, 's chuir sé amach thrí na dhá chluais é, a's thug mar sin a bhaile go righ ná Spáinne é. Nuair tháinic sé i bh-foigse seacht n-iomaire 's seacht n-acra do'n teach, chaith sé an ceann dhe 's chroith sé an chúirt. Tháinic sé asteach 's dubhairt, “is liom trian dod' inghín a rí na Spainne.” “Is leat eilig í, má 's tú Radhmon mar righ Laighean. Chaith siad an oidche sin, trian le fiannaigheacht, trian le sgeulaigheacht trian lé caitheadh bidh a's dighe 's le sáimh-codlata; cupána teotha, blas na meala ar gach greim, a's gan an darna greim ar aon bhlas. An dara lá mharbhaigh sé fáthach eile. Ar thriall a bhaile dhó, an tríomhadh lá tar éis an fáthach a mharbhadh, tháinic ceo mór 's cuireadh a muga é. Chualaidh sé eugcaoin bhocht 's rinne sé air. “Cia thú féin,” ar sa Radhmon. “Tá,” ar sé, “créatúr na g-créatúr, 's bochtán na m-bochtán, a cheangail na fáthaigh suas indiu.” Sgaoil Radhmon é; acht cia bhí ann! an creachadóir tarnochdaighthe, mac righ na fuaraidheachta, nár bh-féidir a mhúchadh, nó a bháthadh, nó a mharbhadh, mar nach ann féin bhí a anam. Chean- gail sé Radhmon suas in a áit féin; thug sé ceann an fháthaigh aig righ na Spáinne. “Is liom d'inghean,” ar sé, a'bualadh méir faoi na crios 's 'ghá tabhairt leis. Mhothuigh an rí nár bhé Radhmon thug leis í. Chuaidh sé ar a thóir 's fuair ceangailte lé teudracha draoidheachta agus easarlui- dheachta é. “Níl sé í ndán thú a sgaoileadh,” ars an rí, mara bhfuil mo chuid fola comh glan nach féidir cáin a chur le mo sheacht sinnsir.” Leis sin bhain sé fuil as féin, chuimil sé do na teudrachaibh í, 's thuit siad lobhtha ó chéile. “Tar liom agus fan liom.” “Ní fhanfad,” arsa Radhmon; “ní bheidh mé sásda go bhfághaidh mé greim ar an gcrea- chadóir.” D'imthigh leis gur thuit an oidhche air. Rinne bothán dhó féin; tharraing sé amach a ghleus teineadh; d'fhadaigh sé teine a's leag sé a lón roimhe. Tháinic cú aige a's d'iarr “cúilín nó cnáimhín, cuid ar leith nó coilín lé tabhairt ag mo chuid cuileán.” “Gheobhair sin 's fáilte.” “Is fearr go mór thú 'ná an creachadóir a chuaidh thart annseo aréir a's an bhean is áilne dá bhfaca súil leis, 's gach deor lé na súil chomh mór lé monóg sléibhe; d'iarr me rúinnín air; chaith sé a sgian fhada liom, a's fóbhar go m-bain- feadh sé an ceann díom: má theasduigheann congnadh mo leithéide-se uait go bráth, glaoidh ar chú-ín an Doire liath, agus béidh mise agat.” Casadh seabhacán na h-aille breagh leis agus roinn sé leí. Dubhairt sé:— “cruadhtan air bith in a m-béidh tú, glaoidh orm agus beidh me agat.” An tríomhadh lá casadh madr' uisge na h-aille duibhe dhó. D'iarr sé rúinnín air. Roin sé leis. Dubhairt:— “áit air bith a d-teas- dóchaidh mo chongnadh nó mo chuidiughadh uait glaoidh orm 's beidh mé agat.” An lá sin, san meadhon lae, bhí sé ag caisleán an chreachadóra. Bhí sé féin as baile, acht bhí fáilte mhór aici roimhe. D'innis sí dhó go raibh anam an chreachadóra in uibh a bhí i m-bolg lachan, a bhí i m-bolg reithe, a bhí i lár saile a bhí shíos san soilléar agus mar m-beurfaidh ar an gródh mór, agus é a chur síos d'aon bhuille agus an tsail a thógbhail d'aon bhuille, annsin thiocfadh an reithe amach, a's an meul a chuirfeadh sé a's, cluisfidhe san domhan shoir é; bheidheadh an reithe ag rith ar an gcreachadóir agus eision a deunadh ar an reithe. Dá m-beurfaidhe air go rithfeadh an lacha amach, agus dá m-beurfaidhe ar an lacha go rithfeadh an ubh aisti a's go n-deun- fad sí eascuin, a's dá m-beurfaidhe air an eascuin, go n-deunfaidhe ubh arís, agus é a bhualadh leis an uibh san m-ball dóráin tá faoi na cích chlí, nach raibh sé i n-dán é mhar- bhadh. “Níl aon fhear ionan sin a dheunadh acht Radhmon mac righ Laighean a d'fhág mé
ceangailte.” Rug Radhmon ar an gródh agus thóg sé an tsail; sgoilt sé an tsail d'aon bhuille; rith an reithe amach ag méil- leach. Chualaidh an creachadóir an méill agus bhí sé ag deunadh air. “Cá bh-fuil tú a chúín an doire liath?” “Tá mé annseo agus an reithe i ngreim agam.” Súd amach an lacha as bolg an reithe. “Cá bh-fuil tú a sheabhaicín na h-aille breagha?” “Tá mé i annseo agus an lacha i ngreim a'm.” Súd an ubh as bolg na lachan agus rinne sí eascuin. Bhí sise ag deunadh air an loch: “cá bh-fuil tú a mhadr' uisge na h-aille duibhe?” “Tá mé annseo a's an eascuin i ngreim a'm.” Rug Radhmon uirri. Súd aige an creachadóir a's a chuid eudaigh stróicthe ag na driseachaibh. Bhuail Radhmon leis an uibh é, agus thuit sé marbh. Thug Radhmon inghean righ na Spáinne leis go d-tí a h-athair a's chomhnuighdear leis go deireadh a m-beatha. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services