CONNEMARA GAELIC
D. O'FAHERTY
RADHMON MAC RIGH LAIGHEAN.
Bhí rí í g-cúigeadh Laighean fad ó; rugadh
mac dhó agus tugadh Radhmon mar ainm air.
Bhí gnás ann, an t-am sin, nuair beirtí mac
do righ, go n-déantaoi a chleamhnas le inghín
righ eile a beurfaoi an oidhche cheudna.
Thárla go rugadh inghean do righ na Spáinne
an oidhche a rugadh Radhmon, agus righneadh a
chleamhnas léi. Seal gearr 'na dhiaidh sin
fuair a mháthair bás. D'fhan a athair gan
pósadh go raibh Radhmon 'na fhear. Dubhairt
sé ann sin: “tá mé gan céile ó cailleadh
do mháthair, agus ní bheidhead níos fuide gan
bhean. Tá inghean áluinn deas ag righ na
Gearmáinne agus is mian liom dul dá
h-iarraidh; an d-tiocfá-sa liom?” “Rachad,”
arsa Radhmon. D'imthighdear leo go d-tán-
gadar go cúirt righ na Gearmáinne. D'innis
righ Laighean fáth a thuruis. Cuireadh fáilte
roimhe. Chaitheadar an oidhche sin le fleidh a's
feusda. Ar maidin, lá air na mhárach,
ceapadh cluiche comórtais idir mac righ na
Gearmáinne agus Radhmon mac righ Laighean.
Roinneadh na fir (leath ar gach taobh) acht
chuir Radhmon 's a chuid fear an liathróid
amach. “Níl mo chuid fear ag obair dhamh-
sa comh maith a's tá do chuidse fear ag obair
dhuit-se,” ar sa mac righ na Gearmáinne.
“Tá go maith,” ars Radhmon; “bheurfaidh
mise leath mo chuid fear dhuit a's feicimís cia
chuirfear an liathróid amach.” Righneadh amh-
laidh, acht bhuaidh Radhmon an báire. Leis
an sgeul a ghiorrughadh, chuaidh Radhmon an
aghaidh an iomláin a's chuir sé an liathróid
amach orra. Thárla go raibh inghean righ na
Gearmáinne a' dearcadh orra trí fhuinneoig
ar feadh an ama. Chuir sí teachtaire faoi dhéin
Radhmuin 'ghá iarraidh suas do'n chaisleán
óir chuir sí spéis mhór ann, a's budh fheárr
léi é mar chéile 'ná a athair. Dhiultaigh
Radhmon an cuireadh, óir smuain sé ar an
bh-fáth bhí leis. Mar gheall ar an tarcuisne
so bhí rún aici dioghaltas d'imirt ar
Radhmon.
Pósadh rí Laighean agus inghean righ na
Gearmáinne, a's thug sé a bhaile leis go
h-Éirinn í. Bhidheadh an rí agus Radhmon
ag seilg gach uile lá. Lá dá d-táinic sé a
bhaile ó'n t-seilg, rinne a bhean musán leis
faoi na fágbhail sa m-baile aonraic, 's
dubhairt, “budh cóir dhuit-se do mhac a fhág-
bhail mar comhluadar liom; ní mar so a bhí
mé i g-cúirt m' athar.”
D'fhág an rí Radhmon sa m-baile lá ar na
mhárach, 's d'imthigh sé féin 'na seilge. Níorbh
fhada bhí sé imthighthe 'nuair shaoil sise droch-
bheart imirt ar Radhmon. Rith sé uaithe a's
níor stad sé go d-táinic sé go cúirt righ na
Spáinne. Fáiltigheadh roimhe agus fiafrui-
gheadh dhe fáth a thuruis. D'innis ré sin
dóibh. Dubhairt an rí leis nach bh-fuigheadh
aon fhear a h-inghean acht an fear a
mharbhochadh triur fáthach tá i n-Doirín-
na-bh-fathach. “Acht,” ars an rí, is olc
m'aithne nó is tú Radhmon mac righ
Laighean agus má's tú, is leat m' inghean, óir
righneadh a cleamhnas leat an oidhche rugadh
thú.” “Lé aghaidh gaisge rugadh mé, a's lé
aghaidh gaisge tá mé, agus rud air bith a
dheunfas fear air bith,” arsa Radhmon, “tá
mé sásda é a dheunadh sul gheobhas mé
d'inghean.” Go moch maidneach, lá ar na
mhárach nigh sé a eudan, chíor sé a cheann, d'ith
sé a bhéiligh, 's d'imthigh sé go Doirín-na-
bh-fathach. Tharruing sé amach a ghleus
teineadh agus rinne teine dhó-féin. Rug sé
ar chaora, mharbhaigh sé í, 's chuir sé ar an
teinidh í a' bruith. Ní raibh ceathramhadh dí
ithte aige 'nuair tháinic an fáthach's dubhairt
“fú, fá, feasóg! fághaim boladh Éirionnaigh
bhinn, bhreugaigh bhradaigh.” “Do dhonacht 's
do dhoicheall ort féin, agus míle marbhfháisg
ort; ní lé cóir nó ceart a thabhairt duit
tháinic mise annseo, acht lé gach uile chóir
agus ceart a bhaint dhíot,” arsa Radhmon.
D'ionnsuighdear a chéile, 's ní'l gaisgidheach
ó thús an domhain go deireadh an domhain nach
d-tiucfadh ag breathnughadh orra dá m-bei-
dheadh fhios aca go rabhadar lé chéile.
Chuimhnigh Radhmon nach raibh fear a chaointe,
nó a shínte, nó a churthe san aiséadach, 's thug
sé cor don fháthach a chuir air a ghlúnaibh é,
a's dón darna cor leag sé é. “Fóil, a
ghaisgidhigh is feárr sa' domhan, shaoil mé nach
raibh fear ar bith in-an sin a dheunadh liom
acht Radhmon mac righ Laighean, nó é sin féin
go m-beidheadh sé in aois a bliadhna 's fichead.
Bheurfaidh mé leath mo ríoghachta lé mo bheo,
a's í eilig lé mo mharbh; sin agus mo clai-
dheamh soluis a dheunfas solus i n-dorchadas,
má leigeann tú mo cheann liom.” “Cá
bh-feuchfadh mé faobhar do chlaidhimh?” ar sa
Radhmon. Feuch ar an g-crann críon sin
tháll é. “Ní fheicim crann air bith is gránda
'ná do cheann críon liath.” Bhuail sé i
g-comhghar an chinn 's an mhuinéil é, 's bhain
sé an ceann de. Shníomh sé gad do'n choill,
's chuir sé amach thrí na dhá chluais é, a's thug
mar sin a bhaile go righ ná Spáinne é.
Nuair tháinic sé i bh-foigse seacht n-iomaire
's seacht n-acra do'n teach, chaith sé an ceann
dhe 's chroith sé an chúirt. Tháinic sé asteach
's dubhairt, “is liom trian dod' inghín a rí
na Spainne.” “Is leat eilig í, má 's tú
Radhmon mar righ Laighean. Chaith siad an
oidche sin, trian le fiannaigheacht, trian le
sgeulaigheacht trian lé caitheadh bidh a's dighe
's le sáimh-codlata; cupána teotha, blas
na meala ar gach greim, a's gan an darna
greim ar aon bhlas.
An dara lá mharbhaigh sé fáthach eile. Ar
thriall a bhaile dhó, an tríomhadh lá tar éis
an fáthach a mharbhadh, tháinic ceo mór 's
cuireadh a muga é. Chualaidh sé eugcaoin
bhocht 's rinne sé air. “Cia thú féin,” ar
sa Radhmon. “Tá,” ar sé, “créatúr na
g-créatúr, 's bochtán na m-bochtán, a
cheangail na fáthaigh suas indiu.” Sgaoil
Radhmon é; acht cia bhí ann! an creachadóir
tarnochdaighthe, mac righ na fuaraidheachta,
nár bh-féidir a mhúchadh, nó a bháthadh, nó a
mharbhadh, mar nach ann féin bhí a anam. Chean-
gail sé Radhmon suas in a áit féin; thug
sé ceann an fháthaigh aig righ na Spáinne.
“Is liom d'inghean,” ar sé, a'bualadh méir
faoi na crios 's 'ghá tabhairt leis.
Mhothuigh an rí nár bhé Radhmon thug leis í.
Chuaidh sé ar a thóir 's fuair ceangailte lé
teudracha draoidheachta agus easarlui-
dheachta é. “Níl sé í ndán thú a sgaoileadh,”
ars an rí, mara bhfuil mo chuid fola comh
glan nach féidir cáin a chur le mo sheacht
sinnsir.” Leis sin bhain sé fuil as féin,
chuimil sé do na teudrachaibh í, 's thuit siad
lobhtha ó chéile. “Tar liom agus fan liom.”
“Ní fhanfad,” arsa Radhmon; “ní bheidh mé
sásda go bhfághaidh mé greim ar an gcrea-
chadóir.” D'imthigh leis gur thuit an oidhche
air. Rinne bothán dhó féin; tharraing sé
amach a ghleus teineadh; d'fhadaigh sé teine
a's leag sé a lón roimhe. Tháinic cú aige
a's d'iarr “cúilín nó cnáimhín, cuid ar leith
nó coilín lé tabhairt ag mo chuid cuileán.”
“Gheobhair sin 's fáilte.” “Is fearr go mór
thú 'ná an creachadóir a chuaidh thart annseo
aréir a's an bhean is áilne dá bhfaca súil
leis, 's gach deor lé na súil chomh mór lé
monóg sléibhe; d'iarr me rúinnín air; chaith
sé a sgian fhada liom, a's fóbhar go m-bain-
feadh sé an ceann díom: má theasduigheann
congnadh mo leithéide-se uait go bráth,
glaoidh ar chú-ín an Doire liath, agus béidh
mise agat.” Casadh seabhacán na h-aille
breagh leis agus roinn sé leí. Dubhairt
sé:— “cruadhtan air bith in a m-béidh tú,
glaoidh orm agus beidh me agat.” An
tríomhadh lá casadh madr' uisge na h-aille
duibhe dhó. D'iarr sé rúinnín air. Roin sé
leis. Dubhairt:— “áit air bith a d-teas-
dóchaidh mo chongnadh nó mo chuidiughadh uait
glaoidh orm 's beidh mé agat.” An lá sin,
san meadhon lae, bhí sé ag caisleán an
chreachadóra. Bhí sé féin as baile, acht bhí
fáilte mhór aici roimhe. D'innis sí dhó go
raibh anam an chreachadóra in uibh a bhí i
m-bolg lachan, a bhí i m-bolg reithe, a bhí i
lár saile a bhí shíos san soilléar agus mar
m-beurfaidh ar an gródh mór, agus é a chur
síos d'aon bhuille agus an tsail a thógbhail
d'aon bhuille, annsin thiocfadh an reithe amach,
a's an meul a chuirfeadh sé a's, cluisfidhe san
domhan shoir é; bheidheadh an reithe ag rith ar
an gcreachadóir agus eision a deunadh ar
an reithe. Dá m-beurfaidhe air go rithfeadh
an lacha amach, agus dá m-beurfaidhe ar an
lacha go rithfeadh an ubh aisti a's go n-deun-
fad sí eascuin, a's dá m-beurfaidhe air an
eascuin, go n-deunfaidhe ubh arís, agus é a
bhualadh leis an uibh san m-ball dóráin tá
faoi na cích chlí, nach raibh sé i n-dán é mhar-
bhadh. “Níl aon fhear ionan sin a dheunadh
acht Radhmon mac righ Laighean a d'fhág mé
ceangailte.” Rug Radhmon ar an gródh
agus thóg sé an tsail; sgoilt sé an tsail
d'aon bhuille; rith an reithe amach ag méil-
leach. Chualaidh an creachadóir an méill
agus bhí sé ag deunadh air. “Cá bh-fuil tú
a chúín an doire liath?” “Tá mé annseo
agus an reithe i ngreim agam.” Súd amach an
lacha as bolg an reithe. “Cá bh-fuil tú
a sheabhaicín na h-aille breagha?” “Tá mé
i annseo agus an lacha i ngreim a'm.” Súd
an ubh as bolg na lachan agus rinne sí
eascuin. Bhí sise ag deunadh air an loch:
“cá bh-fuil tú a mhadr' uisge na h-aille
duibhe?” “Tá mé annseo a's an eascuin
i ngreim a'm.” Rug Radhmon uirri. Súd aige
an creachadóir a's a chuid eudaigh
stróicthe ag na driseachaibh. Bhuail Radhmon
leis an uibh é, agus thuit sé marbh. Thug
Radhmon inghean righ na Spáinne leis go
d-tí a h-athair a's chomhnuighdear leis go
deireadh a m-beatha.
Críoch.