Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Relic of Ulster Gaelic.
Title
A Relic of Ulster Gaelic.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A RELIC OF ULSTER GAELIC. It is of much interest to compare the language of the Derry or Antrim translation of the imitation referred to in our last issue with that of Father O'Sullivan, pub- lished by Dollard. In the Northern version the opening sentences are: — Cé b'é bheireas tóruigheacht damhsa, ní chéimnigheann sé san dorchadas, eadhon, ní shiobhlann sé air earraid, adeir an Tighearna. 'Siad so briathra Chríosta, tré a bhfuagrar agus a bhfoillsighthear duinn, cionnos is inleanta beatha agus béasa Chríosta, má's toil linn ar soillsiugheadh agus ar ndealrughadh go fírin- neach agus ar saoradh ó'n uile dhorchadas croidhe agus anma. Deanmoid dithchioll smuainioghadh go dúrachtach air bheathaidh Críosta. Chapter II. opens thus: — Biann toil agus fonn nádúra aig gach énduine é féin a bheith fiosach, fír-eolach, ach creud is féidhm do'n eólas nó do'n ealadhain gan eagla Dé? Go deimhin, is fearr sgológ úiriseall do nigh seirbhís Dé, nó fallsanach (ioná feallsamhnach) uaibhreach a chuireas cúrsa na ndúl agus na bhflaitheamhnas a meadarracht (meabhruigheacht?) acht a locas eolas a chur air féin. In Chapter III. occurs the following fine passage: — Biann locht éigin ceangailte do'n mhaith is fearr, is iomláine, agus is foirbhthe ar an tsaoghal-so, agus biann smúid agus daille áirighthe ar an rinn- fheithimh agus ar an radharc is géire againn. Eolas úir- íseall ort féin an rian agus an tslighe is dearbhtha chum Dé; agus fearr sin ioná an t-eolas is doimhne ar fhogh- luim nó ar árd-ealadhain. Gidheadh, ní cóir fóghluim nó glan-eolas ar mhaith ar bith, dá'r órduigh Dia, do dhío-mholadh, acht is fearr coinsias glan agus déigh- bheatha ioná sin uile. Acht de bhrigh gur mó an staideur do ghní mórán ar fhoghluim agus ar eolas, ioná ar dheigh-bheathaidh, is ró-mhinic, ar an adhbhar sin, théid siad ar seachrán, ag breith ró-bheagáin toraidh nó tairbhe leo. O! Dá ndéanaidís daoine oiread díthchill ag díbirt agus ag sgrios na locht, agus ag freumhughadh agus síol-chur na súbhailceadh, agus do ghní siad ag cur chruaidh- cheastann ar a chéile, ní bhiadh (bheidheadh) oiread uilc agus sgannala ameasg daoine, nó oiread díomhaoinis agus sgaoilteachta ameasg na n-órd riaghalta. Go deimhin, ag teacht lae an bhreitheamhnais, ní fhiafróchar (MS., -fruighthear)dhínn creud do leughamar, acht creud do rinneamar, ní fhiafróthar dhínn fá ar n-urlabhradh eolach neamhthuitmeach, acht fá ar mbeathaidh chráibhthigh riaghalta. Innis dam, cá áit a bhfuilid anois na doctúirí foghlumtha ar a raibh eolas agat i n-aimsir a mbeathadh? Atá a n-áit agus a saidhbhreas anois ag daoinibh eile, agus do b'éidir nach smaoinigheann agus nach gcuimhnigheann siad orra. Ba mhór agus do ba oirdheirc a gclú agus a meas i n-aimsir a mbeathadh; agus anois ní labharthar agus ní thráchttar orra! O! is deifreach, luath, imthigheas glóir an tsaoghail so uainn. Do b' fhearr liom go bhfreagóradh a mbeatha dá bhfoghluim: is amhlaidh mar sin do dhéanfaidis staidear agus foghluim go maith … Atá sé mór go fírinneach, an té atá mór ins an charthannait; atá sé go dearbhtha mór, an té atá beag in a shúilibh féin, agus nach dtugann meas ar mhórdháil nó ar onóir. Atá sé críona dáríribh, an té mheasas neithe talmhaidhe mar aoileach, ionnus go bhfui- gheadh sé Críosta; agus atá sé fíor-fhoghlumtha go deimhin, an té do ghní toil Dé, agus dhiultas agus thréigeas a thoil féin. …
We give a final extract from the preface of the translator:— An díon-bhrollach chum an leughthóra. A lucht annsachta an chrábhaidh! Ag so agaibh leabhrán ceirt-briathrach, deagh-chomhairleach, binn-fhoclach, dar ab ainm Tóruidheacht na bhFireun ar chéim lorg Chríosta, noch do sgríobhadh ar dtús 'san teangaidh Laidne le Bráthair ainglidhe oirdheirc de ord bheannuighthe Naoimh Aghuistí; anois ar n-a thoirbhirt díbh annso i ndeilbh, i n-éideadh, agus i líbhre mar (= bhur) dtíe féin — eadhon, 'san teangaidh Ghaeoidheilge. Is fada ó do dhealraigh teastas agus deagh-chlú an ughdair bheannuighthe so ar feadh na cruinne, ar mhodh gur bhreathnuigh lucht eagna agus móir-eoluis ar chrábhadh, nach raibh amach ó'n Sgrioptúir dhiadha aen leabhar amháin is dílse, diadha, deagh-chomhairlighe iona é. Agus uime sin, is cian ó do ghabhadar saothar, daoine foghlama gach aen tíre, an leabhar diadha so a chur i dteangaidh agus i gcanamhaint dúthchasaigh a máthar agus a dtíre féin … Ar an ádhbhar sin, do tógbhadh (= chonnacas) domhsa, mar an gceudna, saothar do ghabháil d'a chur i g-cló agus i gcaint ar dtíre féin, eadhon, 'san teangaidh Gaedhilge, agus, cidh go bhfuil sé anois ag neoin agus deireadh an lae, ní fhuil sé go fóill ró-mhall an mhaith do dhéanamh, uair ar bith … Is uime sin do righ- neas díthchioll, maille lé grása Dé, an leabhrán so … do thoirbhirt díbh chomh aithfhearr, soilléir, so- thuigsiona, agus do b'eol nó do b'éidir liom, ionnus go mbiadh sé 'na chaoimhtheach agus 'na chompánach díleas agat, a leughthóir, 'na lóchrann soillse in do láimh, agus 'na reult-eolais ag múnadh agus ag taisbeánadh an bhealaigh agus na sligheadh rómhat. Ar an adhbhar sin, gnáthaigh agus cleacht an leabhrán so do leughadh go ró-mhinic, gabh chugat é mar riaghail ar dheigh-bheathaidh, ná h-eirigh corrtha dhé, óir, tar éis a leughtha aon uair amháin, fill air arís, óir do gheubhaidh tú eagna, oideas agus oileamhain úr gach aon uair, lé fromhadh ann. Leugh an leabhar leis an inntinn, leis an úir-ísleacht, agus leis an chrábhadh cheudna do bhí ag an ughdar naomhtha do righne é; eadhon, an bráthair beannuighthe de ord N.Aghuistín. Is é do b'ainm dó, Tomás a Cempis, ó'n bhaile 'san Almáine in a rughadh é. Tugadh an t-ainm sin air, 'san mbliadhain d'aois ar dTighearna 1380 (míle,trí céid, ochtmhoghat) — eadon 382 (trí céid ochtmhoghadh agus dhá) bliadhain ó shoin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services