Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Relic of Ulster Gaelic.

Title
A Relic of Ulster Gaelic.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A RELIC OF ULSTER GAELIC.



It is of much interest to compare the language of the
Derry or Antrim translation of the imitation referred
to in our last issue with that of Father O'Sullivan, pub-
lished by Dollard. In the Northern version the opening
sentences are: — Cé b'é bheireas tóruigheacht damhsa, ní
chéimnigheann sé san dorchadas, eadhon, ní shiobhlann sé
air earraid, adeir an Tighearna. 'Siad so briathra
Chríosta, tré a bhfuagrar agus a bhfoillsighthear duinn,
cionnos is inleanta beatha agus béasa Chríosta, má's
toil linn ar soillsiugheadh agus ar ndealrughadh go fírin-
neach agus ar saoradh ó'n uile dhorchadas croidhe agus anma.
Deanmoid dithchioll smuainioghadh go dúrachtach air
bheathaidh Críosta. Chapter II. opens thus: — Biann
toil agus fonn nádúra aig gach énduine é féin a bheith
fiosach, fír-eolach, ach creud is féidhm do'n eólas nó
do'n ealadhain gan eagla Dé? Go deimhin, is fearr
sgológ úiriseall do nigh seirbhís Dé, nó fallsanach
(ioná feallsamhnach) uaibhreach a chuireas cúrsa na ndúl
agus na bhflaitheamhnas a meadarracht (meabhruigheacht?) acht
a locas eolas a chur air féin. In Chapter III. occurs the
following fine passage: — Biann locht éigin ceangailte
do'n mhaith is fearr, is iomláine, agus is foirbhthe ar an
tsaoghal-so, agus biann smúid agus daille áirighthe ar an rinn-
fheithimh agus ar an radharc is géire againn. Eolas úir-
íseall ort féin an rian agus an tslighe is dearbhtha chum
Dé; agus fearr sin ioná an t-eolas is doimhne ar fhogh-
luim nó ar árd-ealadhain. Gidheadh, ní cóir fóghluim
nó glan-eolas ar mhaith ar bith, dá'r órduigh Dia,
do dhío-mholadh, acht is fearr coinsias glan agus déigh-
bheatha ioná sin uile. Acht de bhrigh gur mó an
staideur do ghní mórán ar fhoghluim agus ar eolas, ioná
ar dheigh-bheathaidh, is ró-mhinic, ar an adhbhar sin, théid
siad ar seachrán, ag breith ró-bheagáin toraidh nó
tairbhe leo.



O! Dá ndéanaidís daoine oiread díthchill ag díbirt
agus ag sgrios na locht, agus ag freumhughadh agus síol-chur
na súbhailceadh, agus do ghní siad ag cur chruaidh-
cheastann ar a chéile, ní bhiadh (bheidheadh) oiread uilc agus
sgannala ameasg daoine, nó oiread díomhaoinis agus
sgaoilteachta ameasg na n-órd riaghalta. Go deimhin,
ag teacht lae an bhreitheamhnais, ní fhiafróchar (MS.,
-fruighthear)dhínn creud do leughamar, acht creud do
rinneamar, ní fhiafróthar dhínn fá ar n-urlabhradh
eolach neamhthuitmeach, acht fá ar mbeathaidh chráibhthigh
riaghalta. Innis dam, cá áit a bhfuilid anois na
doctúirí foghlumtha ar a raibh eolas agat i n-aimsir
a mbeathadh? Atá a n-áit agus a saidhbhreas anois ag
daoinibh eile, agus do b'éidir nach smaoinigheann agus nach
gcuimhnigheann siad orra. Ba mhór agus do ba oirdheirc
a gclú agus a meas i n-aimsir a mbeathadh; agus anois
ní labharthar agus ní thráchttar orra! O! is deifreach,
luath, imthigheas glóir an tsaoghail so uainn. Do b'
fhearr liom go bhfreagóradh a mbeatha dá bhfoghluim:
is amhlaidh mar sin do dhéanfaidis staidear agus foghluim
go maith … Atá sé mór go fírinneach, an té atá
mór ins an charthannait; atá sé go dearbhtha mór, an
té atá beag in a shúilibh féin, agus nach dtugann meas ar
mhórdháil nó ar onóir. Atá sé críona dáríribh, an té
mheasas neithe talmhaidhe mar aoileach, ionnus go bhfui-
gheadh sé Críosta; agus atá sé fíor-fhoghlumtha go deimhin,
an té do ghní toil Dé, agus dhiultas agus thréigeas a thoil
féin.




L. 211


We give a final extract from the preface of the
translator:—



An díon-bhrollach chum an leughthóra.



A lucht annsachta an chrábhaidh! Ag so agaibh leabhrán
ceirt-briathrach, deagh-chomhairleach, binn-fhoclach, dar ab
ainm Tóruidheacht na bhFireun ar chéim lorg Chríosta,
noch do sgríobhadh ar dtús 'san teangaidh Laidne le
Bráthair ainglidhe oirdheirc de ord bheannuighthe Naoimh
Aghuistí; anois ar n-a thoirbhirt díbh annso i ndeilbh,
i n-éideadh, agus i líbhre mar (= bhur) dtíe féin — eadhon,
'san teangaidh Ghaeoidheilge.



Is fada ó do dhealraigh teastas agus deagh-chlú an ughdair
bheannuighthe so ar feadh na cruinne, ar mhodh gur
bhreathnuigh lucht eagna agus móir-eoluis ar chrábhadh, nach
raibh amach ó'n Sgrioptúir dhiadha aen leabhar amháin is
dílse, diadha, deagh-chomhairlighe iona é. Agus uime
sin, is cian ó do ghabhadar saothar, daoine foghlama
gach aen tíre, an leabhar diadha so a chur i dteangaidh
agus i gcanamhaint dúthchasaigh a máthar agus a dtíre féin



Ar an ádhbhar sin, do tógbhadh (= chonnacas) domhsa,
mar an gceudna, saothar do ghabháil d'a chur i g-cló agus
i gcaint ar dtíre féin, eadhon, 'san teangaidh Gaedhilge,
agus, cidh go bhfuil sé anois ag neoin agus deireadh
an lae, ní fhuil sé go fóill ró-mhall an mhaith do
dhéanamh, uair ar bith … Is uime sin do righ-
neas díthchioll, maille lé grása Dé, an leabhrán so
… do thoirbhirt díbh chomh aithfhearr, soilléir, so-
thuigsiona, agus do b'eol nó do b'éidir liom, ionnus
go mbiadh sé 'na chaoimhtheach agus 'na chompánach díleas
agat, a leughthóir, 'na lóchrann soillse in do láimh, agus
'na reult-eolais ag múnadh agus ag taisbeánadh an
bhealaigh agus na sligheadh rómhat.



Ar an adhbhar sin, gnáthaigh agus cleacht an leabhrán so
do leughadh go ró-mhinic, gabh chugat é mar riaghail ar
dheigh-bheathaidh, ná h-eirigh corrtha dhé, óir, tar éis a
leughtha aon uair amháin, fill air arís, óir do gheubhaidh
tú eagna, oideas agus oileamhain úr gach aon uair, lé
fromhadh ann.



Leugh an leabhar leis an inntinn, leis an úir-ísleacht,
agus leis an chrábhadh cheudna do bhí ag an ughdar naomhtha
do righne é; eadhon, an bráthair beannuighthe de ord
N.Aghuistín. Is é do b'ainm dó, Tomás a Cempis,
ó'n bhaile 'san Almáine in a rughadh é. Tugadh an
t-ainm sin air, 'san mbliadhain d'aois ar dTighearna
1380 (míle,trí céid, ochtmhoghat) — eadon 382 (trí céid
ochtmhoghadh agus dhá) bliadhain ó shoin.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services