Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Gaelic of Tyrconnell.
Title
The Gaelic of Tyrconnell.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE GAELIC OF TYRCONNELL. COLUM CILLE (An dara cuid.) Nuair tháinic Colum, d'iarr Finnian air an mac- leabhair a thabhairt dó, ag rádh gur leis-san an príomh- leabhar, agus mar nach dtug sé cead air bith dó-san an mac-leabhar a dheanadh, gur ba leis an mac-leabhair fosta. Acht do bhí Colum Cille níos righne ioná shaoil sé. Ní thabhradh (thiubhradh) sé asteach dhó air chor air bith, agus ins an deireadh, ní raibh aca acht é fhágáil aig Diarmuid, righ na Teamhrach, lé socrughadh. Agus is é an socrughadh, do righne Diarmuid, an mac- leabhair a thabhairt d' Fhinnian, ag rádh: “lé gach buin a buinín, agus lé gach leabhar a mhac-leabhair.” Nuair chualaidh Colum an breitheamhnas sin, do chuaidh sé air an daoraidh, óir bhí sé cinnte nach rachadh an rí in a aghaidh. Air scór air bith, dubhairt sé go n-íocfadh sé an droch-bhreitheamhnas sin. An lá ceudna, agus fá thuairim na h-uaire ceudna, thárla taisme eile ag cúirt na Teamhrach. Agus má
bhí an Naomh air an daoraidh roimhe so, bhí sé anois chomhair a bheith air mire. Fá'n am so bhí mac righ Chonnachta 'na phríosúnóir i dTeamhraigh, agus bhí sé féin agus stócach lé fear d'oifigeachaibh Diarmuda ag imirt chamán. I lár na h-imeartha, do thuit an dá óglach amach lé chéile, agus do mharbh mac righ Chonnachta an fear eile lé n-a chamán. Do bhí an prionnsa óg an sgann- ruighthe, óir do bhí eagla air roimh an righ. D'imthigh sé, an méid do bhí in a chorp dh' ionns' air Cholum-Cille, agus do chuaidh sé i bhfalach faoi n-a chleoca. Ní raibh an rí acht i ndiaidh breitheamhnais a thabhairt air Fhinnian agus Colum-Cille nuair tháinic an prionnsa asteach. Feuda- muid a rádh annso, go raibh ceart aig Colum duine air bith ar mian leis a shábháil, sin mar deurfá, cumhdach mainistreach a thabhairt dó. Acht in aghaidh an uile riaghla, d'orduigh an rí an duine bocht a bheith stróicthe as lámhaibh Choluim-Chille. Tugadh amach annsin é, agus crocadh é air an bhomaite. Ba mhór an truaighe an prionnsa bocht sin ag dul faoi chleoca Choluim-Chille, agus ag iarraidh maitheamhnais orra, agus annsin a bheith tugtha amach air greim cluaise agus crochta, mar bheidheadh pisin cuit ann! Ba mhór an náire do Righ na h-Eireann a leitheid sin a dheanadh. Air scór air bith, righne sé é, agus do chonnairc sé féin go dearn (go ndearna) sé an t-olc. Air an adhbhar sin, bhí eagla mhór air go n-imeochadh Colum Cille as an áit, go Tír- Chonaill. Leis sin, cuireann sé gárda thart fá dtaobh dhe, air eagla go bhfuigheadh sé air shiubhal. Acht ní raibh mórán gar a bheith ag gur gárda air dhuine a bhí ró- eolach aca, agu lé n-a chois sin, a bhí in a naomh mhór; ni raibh sé i bhfad ag cur córr orra, óir, cúpla lá 'na dhiaidh, do bhí sé i dTír-Chonaill, agus níor chaill sé mórán ama gur innis sé a sgeul dá mhuintir. Nuair chualaidh fir Thíre-Conaill agus fir Thíre-Eoghain an sgeul brónach, d'eirigh siad mar bheidheadh fear amáin ann, agus in a g-cuideachta do bhí Eochaidh Tirncharna, rí Connachta, óir ba leis an prionnsa do crochadh lé Diarmuid. Ba h-é deireadh an chruinnighthe so, Cath Cúil-Dreimhne, an áit ar bualadh go mór sluagh Diarmuda. Do chuaidh Colum ó Chluain-Ioraird go Glas-Naoi- dhean, i mBaile Atha Cliath. Ba h-é Mobhí Cláiríneach do bhí ós cionn an cholaisde sin. Air mbeith tamall maith dó annsin, tháinic pláigh mhillteanach air an tír, agus b'éigean an colaisde a dhruidim. Air an adhbhar sin tháinic ar naomh 'na bhaile, air ais go Tír-Chonaill. Do chaith sé seal ama aig a mhuintir féin, agus annsin do chuaidh sé go Doire. Ins na laethibh so do bhí an chathair so 'na h-oileán, agus 'na h-aon choill darach. Sin an t-adhbhar ar tugadh Doire ar an áit. Agus is é an t-ainm ceudna atá uirre andiu. Má tá, anuas go d-tí an bhliadhain 1000, is é an t-ainm a fuair sí Doire Cholmcille. Do bhí an t-oileán air chosamhlacht uibhe, agus is é a méid dhá cheud acra, nó mar sin. Thart fá d-taobh de'n oileán áluinn so do bhí uisge na h-abhna ag sníomh go ciuin socair, agus ní chluinfidhe acht ceol na n-eun air chnuicín an uisge. Is cinnte gur ab áit fhóirstineach í le mainistir a chur air bun. Do bhí ríoghphort air an oileán aig Aodh Mac Ainmireach righ Eireann; agus dubhairt sé le Columcille go d-tabharfadh sé an ríoghphort dó dá g-cuirfeadh sé mainistir air bun ann. Acht dubhairt naomh Colum leis nach d-tiocfadh leis é a ghlacadh, de bhrigh gur chros Mobhí air rud air bith a ghlacadh de'n t-saoghal fhad agus bheidheadh sé féin beo. Acht lá ar na mhárach fuair sé sgeul go bh-fuair Mobhí bás. Leis sin téidh sé ansoir an righ, agus adubhairt leis: “Ta- bhair damh anois, a rí, an rud do thairg tú damh andé?” Thug an righ dó an ríoghphort go luathgháireach fonnmhar, acht, Dia ar sábháil! Do chuaidh sé lé teinidh an oidhche cheudna! Do bhí fearg mhór air an righ nuair a chualaidh sé é. “Da m-beidheadh an áit gan a bheith dóighte,” ar sé. “Ní bheidheadh díoghbháil bidh innti a choidhche.” Acht dubhairt naomh Colum leis nach m-beidheadh díoghbháil air bith bidh innti fhad as bheidheadh siad beo. Do tháinic dóghadh an ríoghphuirt go taismeach, gidh gur creideadh gur bé naomh Colum é féin do chuir lé teinidh é, chum go g-cuirfeadh sé an mhainistir air bun lé lámhaibh glana sona. Do bhí an-dúil aig naomh Colum a nDoire. Do bhí a chroidhe astigh ann, mar chruthuigheas a fhocla féin nuair a bhí se fad air shiubhal a n-Albain. “Beir mo bheannacht leat siar 'na bhaile go Doire, agus abair leo go bh-fuil mo chroidhe briste ann mo chliabh. Ma thigh bás tobann orm is é an chumhaidh mhór atá orm a n-diaidh mo thíre féin a bheurfas orm é. Da bh-fhuighinn iomlán Alban ó thaobh go taobh bh-fhearr liom áit cró amháin a g-ceartlár Doire ioná an t-iomlán. Uch, is meúnra (aoibhinn) do'n té atá ann i gcomhnuidhe aig éisteacht lé ceol na n-eun i ndoire subháilceach an uisge. Is é an t-adhbhar a bhfuil mé ag fagháil bháis fá dú de Dhoire, a shuaimhneas, a shubháilceas, a shonas; mar atá gach dair i nDoire líonta d'ainglibh na bhflaitheas. A Dhoire, mo choill bheag darach, nach truagh an té nach bhfeiceann tú níos mó. A Dhé na gile! mairg do'n té a bhainfeas leis!“ (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services