Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Gaelic of Tyrconnell.

Title
The Gaelic of Tyrconnell.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

THE GAELIC OF TYRCONNELL.



COLUM CILLE
(An dara cuid.)



Nuair tháinic Colum, d'iarr Finnian air an mac-
leabhair a thabhairt dó, ag rádh gur leis-san an príomh-
leabhar, agus mar nach dtug sé cead air bith dó-san an
mac-leabhar a dheanadh, gur ba leis an mac-leabhair
fosta. Acht do bhí Colum Cille níos righne ioná
shaoil sé. Ní thabhradh (thiubhradh) sé asteach dhó air
chor air bith, agus ins an deireadh, ní raibh aca acht é
fhágáil aig Diarmuid, righ na Teamhrach, lé socrughadh.
Agus is é an socrughadh, do righne Diarmuid, an mac-
leabhair a thabhairt d' Fhinnian, ag rádh: “lé gach buin
a buinín, agus lé gach leabhar a mhac-leabhair.”



Nuair chualaidh Colum an breitheamhnas sin, do chuaidh
sé air an daoraidh, óir bhí sé cinnte nach rachadh an
rí in a aghaidh. Air scór air bith, dubhairt sé go
n-íocfadh sé an droch-bhreitheamhnas sin.



An lá ceudna, agus fá thuairim na h-uaire ceudna,
thárla taisme eile ag cúirt na Teamhrach. Agus má


L. 208


bhí an Naomh air an daoraidh roimhe so, bhí sé anois
chomhair a bheith air mire. Fá'n am so bhí mac righ
Chonnachta 'na phríosúnóir i dTeamhraigh, agus bhí sé féin
agus stócach lé fear d'oifigeachaibh Diarmuda ag imirt
chamán. I lár na h-imeartha, do thuit an dá óglach
amach lé chéile, agus do mharbh mac righ Chonnachta an fear
eile lé n-a chamán. Do bhí an prionnsa óg an sgann-
ruighthe, óir do bhí eagla air roimh an righ. D'imthigh sé,
an méid do bhí in a chorp dh' ionns' air Cholum-Cille,
agus do chuaidh sé i bhfalach faoi n-a chleoca. Ní raibh an rí
acht i ndiaidh breitheamhnais a thabhairt air Fhinnian agus
Colum-Cille nuair tháinic an prionnsa asteach. Feuda-
muid a rádh annso, go raibh ceart aig Colum duine air
bith ar mian leis a shábháil, sin mar deurfá, cumhdach
mainistreach a thabhairt dó. Acht in aghaidh an uile
riaghla, d'orduigh an rí an duine bocht a bheith stróicthe
as lámhaibh Choluim-Chille. Tugadh amach annsin é, agus
crocadh é air an bhomaite. Ba mhór an truaighe an
prionnsa bocht sin ag dul faoi chleoca Choluim-Chille,
agus ag iarraidh maitheamhnais orra, agus annsin a bheith
tugtha amach air greim cluaise agus crochta, mar bheidheadh
pisin cuit ann! Ba mhór an náire do Righ na
h-Eireann a leitheid sin a dheanadh. Air scór air bith,
righne sé é, agus do chonnairc sé féin go dearn (go
ndearna) sé an t-olc. Air an adhbhar sin, bhí eagla
mhór air go n-imeochadh Colum Cille as an áit, go Tír-
Chonaill. Leis sin, cuireann sé gárda thart fá dtaobh
dhe, air eagla go bhfuigheadh sé air shiubhal. Acht ní raibh
mórán gar a bheith ag gur gárda air dhuine a bhí ró-
eolach aca, agu lé n-a chois sin, a bhí in a naomh mhór;
ni raibh sé i bhfad ag cur córr orra, óir, cúpla lá 'na
dhiaidh, do bhí sé i dTír-Chonaill, agus níor chaill sé mórán
ama gur innis sé a sgeul dá mhuintir.



Nuair chualaidh fir Thíre-Conaill agus fir Thíre-Eoghain
an sgeul brónach, d'eirigh siad mar bheidheadh fear amáin
ann, agus in a g-cuideachta do bhí Eochaidh Tirncharna,
rí Connachta, óir ba leis an prionnsa do crochadh lé
Diarmuid. Ba h-é deireadh an chruinnighthe so, Cath
Cúil-Dreimhne, an áit ar bualadh go mór sluagh
Diarmuda.



Do chuaidh Colum ó Chluain-Ioraird go Glas-Naoi-
dhean, i mBaile Atha Cliath. Ba h-é Mobhí Cláiríneach
do bhí ós cionn an cholaisde sin. Air mbeith tamall
maith dó annsin, tháinic pláigh mhillteanach air an tír, agus
b'éigean an colaisde a dhruidim. Air an adhbhar sin
tháinic ar naomh 'na bhaile, air ais go Tír-Chonaill.
Do chaith sé seal ama aig a mhuintir féin, agus annsin
do chuaidh sé go Doire.



Ins na laethibh so do bhí an chathair so 'na h-oileán,
agus 'na h-aon choill darach. Sin an t-adhbhar ar
tugadh Doire ar an áit. Agus is é an t-ainm ceudna
atá uirre andiu. Má tá, anuas go d-tí an bhliadhain
1000, is é an t-ainm a fuair sí Doire Cholmcille.
Do bhí an t-oileán air chosamhlacht uibhe, agus is é a
méid dhá cheud acra, nó mar sin. Thart fá d-taobh
de'n oileán áluinn so do bhí uisge na h-abhna ag sníomh
go ciuin socair, agus ní chluinfidhe acht ceol na n-eun
air chnuicín an uisge.



Is cinnte gur ab áit fhóirstineach í le mainistir a
chur air bun. Do bhí ríoghphort air an oileán aig Aodh
Mac Ainmireach righ Eireann; agus dubhairt sé le
Columcille go d-tabharfadh sé an ríoghphort dó dá
g-cuirfeadh sé mainistir air bun ann. Acht dubhairt
naomh Colum leis nach d-tiocfadh leis é a ghlacadh, de
bhrigh gur chros Mobhí air rud air bith a ghlacadh de'n
t-saoghal fhad agus bheidheadh sé féin beo. Acht lá ar
na mhárach fuair sé sgeul go bh-fuair Mobhí bás. Leis
sin téidh sé ansoir an righ, agus adubhairt leis: “Ta-
bhair damh anois, a rí, an rud do thairg tú damh andé?”
Thug an righ dó an ríoghphort go luathgháireach fonnmhar,
acht, Dia ar sábháil! Do chuaidh sé lé teinidh an oidhche
cheudna! Do bhí fearg mhór air an righ nuair a
chualaidh sé é. “Da m-beidheadh an áit gan a bheith
dóighte,” ar sé. “Ní bheidheadh díoghbháil bidh innti a
choidhche.” Acht dubhairt naomh Colum leis nach m-beidheadh
díoghbháil air bith bidh innti fhad as bheidheadh siad beo.



Do tháinic dóghadh an ríoghphuirt go taismeach, gidh gur
creideadh gur bé naomh Colum é féin do chuir lé teinidh
é, chum go g-cuirfeadh sé an mhainistir air bun lé
lámhaibh glana sona.



Do bhí an-dúil aig naomh Colum a nDoire. Do bhí
a chroidhe astigh ann, mar chruthuigheas a fhocla féin
nuair a bhí se fad air shiubhal a n-Albain. “Beir mo
bheannacht leat siar 'na bhaile go Doire, agus abair
leo go bh-fuil mo chroidhe briste ann mo chliabh. Ma
thigh bás tobann orm is é an chumhaidh mhór atá orm a
n-diaidh mo thíre féin a bheurfas orm é. Da bh-fhuighinn
iomlán Alban ó thaobh go taobh bh-fhearr liom áit cró
amháin a g-ceartlár Doire ioná an t-iomlán. Uch, is
meúnra (aoibhinn) do'n té atá ann i gcomhnuidhe aig
éisteacht lé ceol na n-eun i ndoire subháilceach an
uisge. Is é an t-adhbhar a bhfuil mé ag fagháil bháis fá
dú de Dhoire, a shuaimhneas, a shubháilceas, a shonas;
mar atá gach dair i nDoire líonta d'ainglibh na
bhflaitheas. A Dhoire, mo choill bheag darach, nach
truagh an té nach bhfeiceann tú níos mó. A Dhé na
gile! mairg do'n té a bhainfeas leis!“



(Tuilleadh).





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services