Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Popular Gaelic.
Title
Popular Gaelic.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Deane, J.
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
POPULAR GAELIC, KERRY SGEUL TÍMCHIOLL PÚCA. Bhí feirmeóir ann fad ó, agus má bhí beidh go bráth. Bhí triur mac aige nár bh'féidir a leithéid fhághail air fuaid na h-áite ann ar chómhnuigheadar, bhídheadar chó lúthmhar treun grádhmhar sin. Budh dhearataighe an té budh shine dhíobh ná a bheirt dhearbhráthair agus inneósaidh sin a bhreághthachth. Bhí ingheana na bhfeirmeoir mór, agus gach aon chailín a d'aithin é chó maith leó, dul bun os cionn tré ghrádh dhó, agus dar n-dóigh cá 'na thaobh nach m-beidheadh 'nuair a bhí sé chó breágh galánta sin, agus go mór-mhór, nár bh'é an t-oidhre é? Bhí sé féin agus beirt de na cailínibh seo ag siubhal le chéile tráthnóna breágh. Thán- gadar suas le cailín óg caithiseach a bhí siubhal air a socaireacht san m-bóthar cheudna. Bhí muinntir an chailín so an-bhocht,
agus chómhnuigheadar in aice tighe an bhua- chaille, agus gan fhios d'aoinne bhí sí i ngrádh leis, acht dúbhairt sí leí féin nách raibh aon ghnó aici bheith deunadh óinsighín dí féin tím- chioll air. Go mór-mhór, bhí fhios aici nách leigfeadh a athair do aon chailín a phósadh acht ceann go m-beidheadh airgead go flúir- seach aici, agus ní h-í féin an cailín úd. Bheannuigheadar dá chéile, agus shiubhala- dar ann aoinfheacht nó go d-tángadar go reilg mhóir a bhí air thaobh an bhóthair. Dhruid an buachaill taobh le balla na reilge, agus chaith uaidh maide deas a bhí aige 'na láimh cho fada as dob' fhéidir leis aisteach 'measg na d-tuama. “Pósfad,” ar sesean, “an tí thabhairfidh mo mhaide amach chugham anois.” “Ní rachfadsa aisteach, mar do bheidheadh an eagla ró-mhór orm,” arsa ceann aca. “D' fheicfinn-si marbh air d-túis thú,” arsa ceann eile. “Go bh-fóiridh Dia ormsa,” ars an cailín bocht, “is dócha go bh-fuil sé chó maith agam iarracht a dheunadh chum é thabhairt chugat. Fanaidh ann so go d-tiocfad tar ais.” Chuir na cailínidhe eile sgarta gáire asta, agus chuaidh an cailín bocht aisteach. Budh dhearach le bheith cuartughadh snáthaide i m-beart tuighe an iarracht chuir sí roimpi, mar bhí na tuama an-fhlúirseach ann. Ní fhuair sí é no go raibh cuid mhaith de'n oidhche caithte. 'Nuair tháinic sí chum an gheata i d-teacht amach di. Bhí suidhte ann roimpi Púca mór gránna. Chrith sí le h-eagla agus d'fhill go tapaidh go d-tí an taoibh thall de'n reilg, acht san g-cuma cheudna bhí sé ann sin roimpi, agus mar sin a bhídheadh ann gach aon áit dá n-imtheochadh sí. Fá dheireadh, 'nuair a bhí sí nách mór marbh le faitchíos agus le tuirse labhair sé leí. “Tá sé chó maith agat do shuaimneas a ghlacadh,” ar sesean, “mar ní leigfinn amach as so thú go d-tí eirighe an lae. Cad a thug thú ann so an t-am so d'oidhche, 'nuair budh cheirte dhuit bheith ad' chodladh.” “Maiséadh,” ar sise dá fhreagairt. “Buachaill óm' áit- sa chaith a mhaide aisteach ann so, agus bhídheas chó dí-chéilleach sin thángas da chuar- tughadh. Dúbhairt sé go bh-fanfhadh sé liom, acht táim chó fada uaidh anois is dócha go bh-fuil sé imighthe a bhaile.” “Is maith a tá fhios agam-sa go bh-fuil,” ars an Púca, “agus gur thréig sé thú san áit uaigneach so, agus go deimhin is olc %do dhéan sé ort é. Bheirim-se mo bhriathair ámhthach nách n-deun- faidh sé arís é. Caithfhir-se mise thógaint anois chum a thighe ad' drom.” Thóg sí air a drom é, agus rug sí leí é. Bhí sé ró-throm di agus shleamhanuigheadh sé síos as a drom anois agus arís. 'Nuair a thuitfeadh sin amach d'órduigheadh sé go feargach. “Árduigh suas mé! Árduigh suas mé!” Thángadar fá dheireadh go d-tí an tígh. Bhí na daoine air fad na g-codladh agus na doirse dúnta. “Cuir mo lámh air doras díobh,” ars an Púca. Dhéun sí é agus d'fhosgail an doras uaidh féin. “Cuir a suidhe i g-cathaoir anaice na teine mé, agus las solus éigin dam,” ar sesean. Dhéan sí é. “Brosduigh ort anois,” ar sesean, agus tóg leat am bórán úd thall agus tabhair chugam é lán de'n mhion-choirce gheabhair san g-cómhra mhór a tá san seómra úd shios.” Tar éis é sin bheith deunta aici dúbhairt sé leí. “Tá an buachaill úd anois ag codladh go sámh ann aoinfheacht le na bheirt dhear- bhráthair. Cuir a suidhe 'ge taobh na leaba mé, agus beir leat an bórán mar an g-ceudna.” 'Nuair bhí sé suidhte thóg sé sgeun gheur as a phóca agus ghearr scórnach an bhuachaille leis. Chonghbhaigh sé a cheann os cionn an bhoráin no gur shil gach aon bhraon fola bhí 'na chorp. Dúbhairt sé leí ann sin é féin agus an borán a thógaint síos chum na teine arís. Dhéan sí é. “Gheabhair dhá spionnóig. I n-ait éigin ann súd, tabhair chugainn iad.” Fuair sí iad. “Suidh síos anois“ ar sesean agus ith an praisge seo ann aoinfheacht liom.” Ní fheadair sí cad a dheunfadh sí, acht tar éis tamaill bhig thug sí chum a cuimhne go raibh mála beag mar sparán taobh aistigh
da ciarsúr aici, agus aisteach innte leig sí gach spionnóg árduigheadh sí chum a béil thui- tim. Níor thug an Púca fa n-deara í, acht d'ith sé féin mar duine bheidheadh sgannraighthe le h-ocras, agus 'nuair a bhí an borán follamh, chuimil sé a theanga air fuaid na taoibhe aistigh dhe. “Anois” ar sesean “beir leat mé go d-tí an áit cheudna ann a bhfhuairis mé. 'Nuair thug sí tar ais é. Labhair sé leí. “Anois” ar sesean “bhídheas ag faire fad na h-oidhche aréir air eagla go d-tabhairfeá an t-iteach dam agus níor dhéanais. Budh mhaith an mhaille dhuit-féin mar bhainfinn do cheann dhíot. Is maith an cailín thu agus táim buidheach díot. Aonnídh fhiafruigh tú orm anois a dheunadh, deunfad é.” “Maise” ar sise “ní iarrfad aon rud uait acht an buachaill úd do mharbh tú aréir tabhairt chum beatha arís.” “Ní'l sé ionnam sin a dheunadh go deimhin” ar sesean “dá m-beidheadh cuid de'n phraisge a bhí againn aréir cuimilthe dá scórnach tabhairfeadh sé tar ais é acht ní'l aon leigheas agam air anois. Ta leac úd thall agus mór-chuid airgid fúithi. Bidheadh sé ar fad agat. Imthigh a bhaile anois agus slán leat.” Thóg sí leí an t-airgead agus d'imthigh as an reilg, agus ní misde rádh go raibh luath- gáir uirrthi. Tháinic sí chum tíghe an bhua- chaille agus ní raibh ann sin roimpi acht gul agus brón. Ghlaodh sí ais a athair agus a mháthair, agus tóg leí iad chum áite uaigneach. “Cad a tabhairfidh sibh damhsa má thóg- fad bhúr mac ó'n m-bas chughaibh.” Dar n-dóigh, dúbhradar go d-tabhairfeadh gach nídh a bhí aca san t-saoghal. “Fan ann so go fóil” ar sise. Aisteach leithe agus chuimil an praisge air scórnach an bhuachaille, agus d'eirigh sé suas, agus 'nuair a chonnairc a athair agus a mháthair é bhídheadar dul as a g-ceannaibh le h-áthas. Phós an cailín agus an buachaill dar n- dóigh, agus chaitheadar saoghal fada na dhiaigh sin.
POPULAR GAELIC, WEST CORK. AN SLUAGH SIDHE. Le Pádruig O Laoghaire. Cia h-iad an Sluagh Sidhe? I bh-fiadhnaise na teineadh ins an n-geimh- readh gharbh ghoimheamhail eistimíd go h-aireach leis na sgéaltaibh uathbhásacha uathmharacha tráchtthar in a d-tímcioll agus tarraingimíd níos giorra dh'á chéile iar g-clos foghair na fairge fíochmhaire ag briseadh air na buil- gibh, nó scuabadh cóiche gaoithe ánuas ó na cnocaibh, bíonn an oiread san faitchíosa orrainn rómpa; nó ritheann fuairne trí n-ár bh-féitheannaibh air eagla go m-béarfaidís
orrainn, tráth bheidhmís ag dul a bhaile chum ár d-tightheadh féin. Ní tearc na sgéalta d'aithristear orra, acht in a dhiaidh san ní bh-fuil puínn feasa againn in a d-taoibh. Adeirthior gur ab ionnan an Sluagh Sidhe agus Dream an Uabhair .i. na h-aingil do díbhreadh as flaitheas Dé de dhruím díomusa. Gairthear fós Daoine Maithe dhíobh. Ní fheadar cia an fáth le n-a d-tugadh Daoine Maithe orra, mar tá cead uilc agus maith do dhéanamh aca, agus ní chuala riamh go n-gníd mórán maithis d'aonneach cé gur cinnte gur mór méid a n-olcais. Muna m-beidheadh súil a bheith aca dul go flaitheamhnas ní fhéadfaidhe cur síos air a n-díoghbháil. Táid ar muir cómh maith le tír acht is líonmhaire iad air an bh-fairrge ná air an talmhain tirm. Árduighid stoirm air uairibh le n-a m-báithtear mórán daoineadh agus air uairibh eile cuirid ciuneas air an muir mhóir. Ins na h-oidhchibh áilne spéirgheal- aighe chídhid na h-iasgairidhe ag bádóireacht iad; iarraid teine má bhíd in a dhíth, agus tugaid na h-iasgairidhe dhóibh í le ró-thoil, mar dá n-eiteóchaidhe iad tiocfaidhe suas am éigin leó agus báthadh nó múcadh a ndán de luathas on de mhoíll. Ma éagaid daoine óg — naoidheanán niamharach, cailín caomh, buachail breágh, máthair leanbh no athair muirír — ní chreidid na seandaoine gur bás ceart acht atharughadh beatha d'fhaghaid agus gur b'iad an Sluagh Sidhe do sciobann leó iad. Is éigin do na Daoinibh Maithe, tan tugaid tailm faoi neach a sciobadh, duine éigin beó do bheith in a bh-farradh — fear nó bean acht is mionca bean go mór ná fear. Deirim, tan tugaid tailm faoi neach a sciobadh, óir téidheann sé dhíobh air uairibh gach duine is mian leó do thabhairt leó. Bíonn dá dhream díobh ann ag troid a g-coinne a chéile: dream gabháltuis a bhíos ag déanamh a n-díthchill chum sgiobtha agus an dream eile comhfuirmthe de chomhghaol agus comhfhogus an té tá le bheith sgiobtha ag iarraidh gan a lei- gean leó. Fearthar cath annsan eatorra. Tagaid ós cómhair a céile. Buailtear buille. Leis sin tionsgantar an coimhe- asgar cruaidh colgach tapaidh teann-asnach. Critheann an talamh faoi n-a g-cosaibh agus bainid fuaim agus foghar a m-buillidh mach- alla as uaignios na h-oídhche. Ritheann fuil in a srothaibh air fúd mágha an áir. Fa dheireadh bíonn an camtha is fainne cómh meirbh meata, tuirseach tnáithte san go d-tugaid suas in éadóthchas agus bristear an cath orra. Annsan tógaid an dream do bheir buaidh bith-éigh caithréime agus má's iad do mhianuigh an duine do sciobadh téidhid go ruig é, cuirid an biorán suain i g-cúl a chínn agus beirid amach é. Iar d-teacht as an tigh dhóibh d'éis na díoghbhála dhéanamh bíonn an bhean is athchomaire i n-gaol dó ag feitheamh amuigh air agus goileann sí go fada fuidheach agus ní féidir cosg air bith do chur léi. Air uairibh éagann an duine sgiobtha i g-cionn beagáin aimsire; air uairibh eile bíonn se ag seargadh, ag sámhadh agus ag dul as feadh moráin míos: lá go maith agus lá go h-olc, lá gan ghearán gan ghuais agus lá eile leis an m-bás. Is in a d-tímchioll san is dóigh liom, a deir file éigin. Tinnios croidhe as míogarnach, Tart an domhain as d'íosfainn rud. Éagaid cuid aca as a seasamh, agus cuid eile aca iar m-beith cómh snuighte le geataire. Acht ní san oídhche amháin déantar sgio- badh: is minic a cleachttar é in gach am de ló, go ró-áirighthe má bhíonn duine in áit uaignis. Táid trí trátha ann atá an- fhaobhrach do sciobadh: tuitim na h-oidhche, tímchioll glaoidh na g-coileach agus meadhon an lae. Nuair sgiobthar duine cuirtear duine eile in a áit nó rud éigin i g-cruth duine mar is féidir leis na Daoinibh Maithe cruth duine do thabhairt d'aoinnidh is áil leo; acht is mionca ghníd úsáid de phithilín fraoich ná d'aonnidh eile is rogha leó. Cailleadh cailín niamhrach uair, agus mar ba ghnáth an tan
san bhí a máthair agus a muintir go léir ag a caoineadh. Dubhairt an bean feasa .i. an bhean bheó bhi a bh-fhochair an tSluaigh Sidhe, nach raibh ann acht beart beag luachra, agus go raibh na Daoine Maithe ag gáire agus ag cnáid faoi'n g-cailín i d-taobh a gaoltadh bheith cómh díthchéillidhe agus bheith ag gol agus ag caoidh ós cionn ruid cómh suarach le luachair. Uair eile bhí buachaill breágh óg ag dul trasna cnoic air cómhbhrac lae agus óidhche go grod 'san bh-fóghmhar. D'fhág sé a theach féin gan ghearán gan ghuais acht sul ar shroich sé ceann a riain bhraith sé mar bheidheadh ualach trom ar a chroidhe; tháinic sé a bhaile arís an oidche-san; luigh sé chum leaptha agus faoi cheann dhá lá bhí sé marbh. An lá sul ar éag sé, do bhain a mháthair táth dhá ghruaig; chas sí blúire páipéir timchioll air agus do chuir i g-coimeád é. D'éis a mic a bheith adhlactha d'fheuch sí air an táth: in áit bheith cómh dubh le h-áirne bhí sé cómh liath le luich cé nach raibh an fear d'ar ab leis é níos mó na fíche bliadhain d'aois. Is féidir duine sciobtha do bhaint de na Daoinibh Maithe, acht tá am áirighthe geárrtha amach chuige agus má leigthear do'n am-san eulódh thart, ní féidir le neach air bith é shaoradh in a dhiaidh-san. Deirthear linn go minic gur seacht lá an t-am-so, cé go n-abraid a lán daoineadh gur ab go d-tí an tráth a blastar biadh an t-saoghail eile, agus cómh luath a's go d-téideann san in a bhéal, imthigheann cuimhne an t-saoghail-so as a cheann, agus bíonn sásta le mar a bhíonn aige as san amach. Táid trí neithe riachtanach chum duine d'ath-ghoid o'n Sluagh Sidhe: luibh an leasa, coinnioll ciarach agus sgian coise duibhe. Seal maith ó shoin d'eirigh bean i n-deireadh na h-oidhche chum cuiginne dhéanamh. Theas- tuigh uaithi dul amach ag iarraidh uisge. B'fhada le n-a fear gur tháinic sí tar ais; bhris air an bh-foighne aige fa dheoidh; chuaidh sé chum an tobair: bí sí marbh ann roimhe. Trí lá in a dhiaidh san tháinic bean an fheasa chum a fir ag rádh leis gur chuir a bhean í chuige le focal ná'r ith sí aon bhlúire dhe bhiadh na n-daoineadh maith fós agus dá d-tigeadh sé an oidhche san, agus fuireach go marbh na h-oidche ag sruth áirighthe (ag cur ainme air), go m-beidheadh an Marcshluagh Sidhe ag gabháil an tslighe sin um an am san, agus go m-beidheadh sí féin ag marcui- gheacht air an g-capall deiridh agus fá'n uain a bheidheadh cosa tosaigh an chapaill thar lár an droichid bhi trasna an t-srotha; dá léimeadh sé amach, breith air láimh uirri, í tharraing anuas de'n chapall, barróg d'fhásgadh uirri, í phógadh trí h-uaire, go m-beidheadh sí aige arís, faoi shaoghal agus faoi shláinte, cómh maith agus do bhi aon lá ariamh. Annsan thug sí cuid de luibh an leasa dhó, agus d'innis dó cad í an fhreagra thiúbhradh sé air aon cheist chuirfidhe chuige, agus na neithe eile ba cheart a dhéanamh le n-a chois sin. Acht ní raibh ann go léir acht fán fuar mar níor chuaidh sé in a coinne ó shoin. (Le beith ar leanmhain.)
NOTES. (1) Builg, a submerged rock; also a billow breaking on a submerged rock. (2) Cóch or comhach (cowugh), a "sough" of wind. (3) Dream an Uabhair, the fallen angels (lit. the com- pany of pride). (4) Oidhche spéirghealaighe, a moon lit night, when the moon is full; oidhche duíbhre, a dark moon night. (5) Tiocfaidhe suas leó an éigin, they would have re- venge, or they would retaliate some time (lit. would come up with them some time). (6) De luathas nó de mhoíll, sooner or later; also grod nó déidhionach, or luath nó mall. (7) Niamharach, beautiful, heavenly, bright; also asure- blue, as súile niamharacha. Niamh (s.f.) a blue shade of colour, as bhí niamh ghorm le gile ion a croi- ceann. (8) Muirear or muirighiol, a burden, a family. (9) Tailm, an effort, an attempt. ( ) (a) Téidheann sé dhíobh air uairibh, they sometimes fail (lit. it goes of (or off) them). (b) Teipeann sé orra; (c) meathluigheann sé orra; (d) clis- eann sé orra, and (e) cinneann sé orra: all these mean they fail. (a), (b) and (c) are used in
Munster, the others in Connaught and Ulster, and are entirely unknown (I believe) in Munster. (11) An camtha is fainne, the weaker or weakest party; camtha, a company, a party: frequetnly used in a bad sense. (12) Bith-éigh, a loud shout; bith-éigh caithréime, a loud shout of triumph. (13) Go ruig, unto, towards. (14) Athchomair, near; go athchomair i n-gaol = gar i n-gaol: both used. (15) Fuidheach, lonely, expressing heart-felt sorrow. (16) Ag sámhadh (pron. sā), growing lank; sámhadh, edge, that is, with the bones protruding through the flesh. (17) Míogarnach, dozing, falling asleep; míog, feeling; smíog, a word. O'Reilly has smid, a word, a syllable. Smíogarnach, muttering words that are not intended for the ears of others. (18) Pithilín, a bundle. (19) Cnáid, mocking, jeering, making light of. (20) Cómhbhrac láe agus oidche, nightfall (lit. the combat between day and night); also, canntráithín, ann- dorchacht or anndoircheacht and tuitim na h-oídhche. (21) Go grod = go luath, early. (22) Shroich sé, he reached; sroichim, I reach (West Munster), and treisim, I reach (East Munster.) (23) Bhraith sé, he felt; also to perceive, to detect. (24) Táth, a lock, a tuft, a bunchy. (25) D'ar ab leis é, to whom it belonged, or d'ar leis é, and ever dh'ar leis é; also gur leis é (= ag ar leis é): this is the form most frequently heard. (26) Mar a bhíonn aige, as it is by him; bíonn sásta le mar a bhíonn aige, he is content with his lot, or with what he has. Fan mar atá agat = fan mar ataoi, remain where you are. (27) Ath-ghoid, to steal back, to steal what has been stolen. (28) Ciarach or céarach, gen. of ceir, wax. (29) Bhris ar an bh-foighne aige, his patience gave way he lost patience (lit. broke on the patience by him.). (30) Barróg, an embrace. (31) Fan fuar; ni raibh ann go léír acht fán fuar, it was all in vain, it was all to no purpose. Alliterative groups of words and phrases like this and the fol- lowing are quite common even yet in the spoken language of the south: - beó bocht, cunnaill cúnnluighte, dubh droich-aigeantach, fairsing fo- ganta, fia(f)ruighteach fáilteach, glan glánta, lán láidir agus c.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services