POPULAR GAELIC, KERRY
SGEUL TÍMCHIOLL PÚCA.
Bhí feirmeóir ann fad ó, agus má bhí beidh
go bráth. Bhí triur mac aige nár bh'féidir
a leithéid fhághail air fuaid na h-áite ann ar
chómhnuigheadar, bhídheadar chó lúthmhar treun
grádhmhar sin.
Budh dhearataighe an té budh shine dhíobh ná
a bheirt dhearbhráthair agus inneósaidh sin a
bhreághthachth. Bhí ingheana na bhfeirmeoir
mór, agus gach aon chailín a d'aithin é chó
maith leó, dul bun os cionn tré ghrádh dhó,
agus dar n-dóigh cá 'na thaobh nach m-beidheadh
'nuair a bhí sé chó breágh galánta sin, agus
go mór-mhór, nár bh'é an t-oidhre é?
Bhí sé féin agus beirt de na cailínibh seo
ag siubhal le chéile tráthnóna breágh. Thán-
gadar suas le cailín óg caithiseach a bhí
siubhal air a socaireacht san m-bóthar
cheudna. Bhí muinntir an chailín so an-bhocht,
agus chómhnuigheadar in aice tighe an bhua-
chaille, agus gan fhios d'aoinne bhí sí i ngrádh
leis, acht dúbhairt sí leí féin nách raibh aon
ghnó aici bheith deunadh óinsighín dí féin tím-
chioll air. Go mór-mhór, bhí fhios aici nách
leigfeadh a athair do aon chailín a phósadh
acht ceann go m-beidheadh airgead go flúir-
seach aici, agus ní h-í féin an cailín úd.
Bheannuigheadar dá chéile, agus shiubhala-
dar ann aoinfheacht nó go d-tángadar go
reilg mhóir a bhí air thaobh an bhóthair. Dhruid
an buachaill taobh le balla na reilge, agus
chaith uaidh maide deas a bhí aige 'na láimh cho
fada as dob' fhéidir leis aisteach 'measg na
d-tuama. “Pósfad,” ar sesean, “an tí
thabhairfidh mo mhaide amach chugham anois.”
“Ní rachfadsa aisteach, mar do bheidheadh an
eagla ró-mhór orm,” arsa ceann aca. “D'
fheicfinn-si marbh air d-túis thú,” arsa ceann
eile. “Go bh-fóiridh Dia ormsa,” ars an
cailín bocht, “is dócha go bh-fuil sé chó maith
agam iarracht a dheunadh chum é thabhairt
chugat. Fanaidh ann so go d-tiocfad tar
ais.” Chuir na cailínidhe eile sgarta gáire
asta, agus chuaidh an cailín bocht aisteach.
Budh dhearach le bheith cuartughadh snáthaide
i m-beart tuighe an iarracht chuir sí roimpi,
mar bhí na tuama an-fhlúirseach ann. Ní
fhuair sí é no go raibh cuid mhaith de'n oidhche
caithte. 'Nuair tháinic sí chum an gheata i
d-teacht amach di. Bhí suidhte ann roimpi
Púca mór gránna. Chrith sí le h-eagla agus
d'fhill go tapaidh go d-tí an taoibh thall de'n
reilg, acht san g-cuma cheudna bhí sé ann sin
roimpi, agus mar sin a bhídheadh ann gach aon
áit dá n-imtheochadh sí.
Fá dheireadh, 'nuair a bhí sí nách mór marbh
le faitchíos agus le tuirse labhair sé leí.
“Tá sé chó maith agat do shuaimneas a
ghlacadh,” ar sesean, “mar ní leigfinn amach
as so thú go d-tí eirighe an lae. Cad a thug
thú ann so an t-am so d'oidhche, 'nuair budh
cheirte dhuit bheith ad' chodladh.” “Maiséadh,”
ar sise dá fhreagairt. “Buachaill óm' áit-
sa chaith a mhaide aisteach ann so, agus
bhídheas chó dí-chéilleach sin thángas da chuar-
tughadh. Dúbhairt sé go bh-fanfhadh sé liom,
acht táim chó fada uaidh anois is dócha go
bh-fuil sé imighthe a bhaile.” “Is maith a tá
fhios agam-sa go bh-fuil,” ars an Púca,
“agus gur thréig sé thú san áit uaigneach so,
agus go deimhin is olc %do dhéan sé ort é.
Bheirim-se mo bhriathair ámhthach nách n-deun-
faidh sé arís é. Caithfhir-se mise thógaint
anois chum a thighe ad' drom.”
Thóg sí air a drom é, agus rug sí leí é.
Bhí sé ró-throm di agus shleamhanuigheadh sé
síos as a drom anois agus arís. 'Nuair a
thuitfeadh sin amach d'órduigheadh sé go
feargach. “Árduigh suas mé! Árduigh
suas mé!”
Thángadar fá dheireadh go d-tí an tígh.
Bhí na daoine air fad na g-codladh agus na
doirse dúnta. “Cuir mo lámh air doras
díobh,” ars an Púca. Dhéun sí é agus
d'fhosgail an doras uaidh féin. “Cuir a
suidhe i g-cathaoir anaice na teine mé, agus
las solus éigin dam,” ar sesean. Dhéan sí
é. “Brosduigh ort anois,” ar sesean, agus
tóg leat am bórán úd thall agus tabhair
chugam é lán de'n mhion-choirce gheabhair san
g-cómhra mhór a tá san seómra úd shios.”
Tar éis é sin bheith deunta aici dúbhairt sé
leí. “Tá an buachaill úd anois ag codladh
go sámh ann aoinfheacht le na bheirt dhear-
bhráthair. Cuir a suidhe 'ge taobh na leaba
mé, agus beir leat an bórán mar an
g-ceudna.”
'Nuair bhí sé suidhte thóg sé sgeun gheur
as a phóca agus ghearr scórnach an bhuachaille
leis. Chonghbhaigh sé a cheann os cionn an
bhoráin no gur shil gach aon bhraon fola bhí
'na chorp. Dúbhairt sé leí ann sin é féin
agus an borán a thógaint síos chum na teine
arís. Dhéan sí é. “Gheabhair dhá spionnóig.
I n-ait éigin ann súd, tabhair chugainn iad.”
Fuair sí iad. “Suidh síos anois“ ar sesean
agus ith an praisge seo ann aoinfheacht
liom.”
Ní fheadair sí cad a dheunfadh sí, acht
tar éis tamaill bhig thug sí chum a cuimhne
go raibh mála beag mar sparán taobh aistigh
da ciarsúr aici, agus aisteach innte leig sí
gach spionnóg árduigheadh sí chum a béil thui-
tim. Níor thug an Púca fa n-deara í, acht d'ith
sé féin mar duine bheidheadh sgannraighthe le
h-ocras, agus 'nuair a bhí an borán follamh,
chuimil sé a theanga air fuaid na taoibhe
aistigh dhe. “Anois” ar sesean “beir leat
mé go d-tí an áit cheudna ann a bhfhuairis mé.
'Nuair thug sí tar ais é. Labhair sé leí.
“Anois” ar sesean “bhídheas ag faire fad
na h-oidhche aréir air eagla go d-tabhairfeá
an t-iteach dam agus níor dhéanais. Budh
mhaith an mhaille dhuit-féin mar bhainfinn do
cheann dhíot. Is maith an cailín thu agus
táim buidheach díot. Aonnídh fhiafruigh tú
orm anois a dheunadh, deunfad é.” “Maise”
ar sise “ní iarrfad aon rud uait acht an
buachaill úd do mharbh tú aréir tabhairt chum
beatha arís.” “Ní'l sé ionnam sin a dheunadh
go deimhin” ar sesean “dá m-beidheadh cuid
de'n phraisge a bhí againn aréir cuimilthe dá
scórnach tabhairfeadh sé tar ais é acht ní'l
aon leigheas agam air anois. Ta leac úd
thall agus mór-chuid airgid fúithi. Bidheadh
sé ar fad agat. Imthigh a bhaile anois agus
slán leat.”
Thóg sí leí an t-airgead agus d'imthigh as
an reilg, agus ní misde rádh go raibh luath-
gáir uirrthi. Tháinic sí chum tíghe an bhua-
chaille agus ní raibh ann sin roimpi acht gul
agus brón. Ghlaodh sí ais a athair agus a
mháthair, agus tóg leí iad chum áite uaigneach.
“Cad a tabhairfidh sibh damhsa má thóg-
fad bhúr mac ó'n m-bas chughaibh.” Dar
n-dóigh, dúbhradar go d-tabhairfeadh gach nídh
a bhí aca san t-saoghal. “Fan ann so go
fóil” ar sise. Aisteach leithe agus chuimil
an praisge air scórnach an bhuachaille, agus
d'eirigh sé suas, agus 'nuair a chonnairc a
athair agus a mháthair é bhídheadar dul as a
g-ceannaibh le h-áthas.
Phós an cailín agus an buachaill dar n-
dóigh, agus chaitheadar saoghal fada na dhiaigh
sin.
POPULAR GAELIC, WEST CORK.
AN SLUAGH SIDHE.
Le Pádruig O Laoghaire.
Cia h-iad an Sluagh Sidhe?
I bh-fiadhnaise na teineadh ins an n-geimh-
readh gharbh ghoimheamhail eistimíd go h-aireach
leis na sgéaltaibh uathbhásacha uathmharacha
tráchtthar in a d-tímcioll agus tarraingimíd
níos giorra dh'á chéile iar g-clos foghair na
fairge fíochmhaire ag briseadh air na buil-
gibh, nó scuabadh cóiche gaoithe ánuas ó
na cnocaibh, bíonn an oiread san faitchíosa
orrainn rómpa; nó ritheann fuairne trí n-ár
bh-féitheannaibh air eagla go m-béarfaidís
orrainn, tráth bheidhmís ag dul a bhaile chum
ár d-tightheadh féin. Ní tearc na sgéalta
d'aithristear orra, acht in a dhiaidh san ní
bh-fuil puínn feasa againn in a d-taoibh.
Adeirthior gur ab ionnan an Sluagh Sidhe
agus Dream an Uabhair .i. na h-aingil do
díbhreadh as flaitheas Dé de dhruím díomusa.
Gairthear fós Daoine Maithe dhíobh. Ní
fheadar cia an fáth le n-a d-tugadh Daoine
Maithe orra, mar tá cead uilc agus maith do
dhéanamh aca, agus ní chuala riamh go n-gníd
mórán maithis d'aonneach cé gur cinnte
gur mór méid a n-olcais. Muna m-beidheadh
súil a bheith aca dul go flaitheamhnas ní
fhéadfaidhe cur síos air a n-díoghbháil.
Táid ar muir cómh maith le tír acht is
líonmhaire iad air an bh-fairrge ná air an
talmhain tirm. Árduighid stoirm air uairibh
le n-a m-báithtear mórán daoineadh agus air
uairibh eile cuirid ciuneas air an muir
mhóir. Ins na h-oidhchibh áilne spéirgheal-
aighe chídhid na h-iasgairidhe ag bádóireacht
iad; iarraid teine má bhíd in a dhíth, agus
tugaid na h-iasgairidhe dhóibh í le ró-thoil,
mar dá n-eiteóchaidhe iad tiocfaidhe suas am
éigin leó agus báthadh nó múcadh a ndán de
luathas on de mhoíll.
Ma éagaid daoine óg — naoidheanán
niamharach, cailín caomh, buachail breágh,
máthair leanbh no athair muirír — ní
chreidid na seandaoine gur bás ceart acht
atharughadh beatha d'fhaghaid agus gur b'iad an
Sluagh Sidhe do sciobann leó iad. Is éigin
do na Daoinibh Maithe, tan tugaid tailm
faoi neach a sciobadh, duine éigin beó do
bheith in a bh-farradh — fear nó bean acht is
mionca bean go mór ná fear. Deirim, tan
tugaid tailm faoi neach a sciobadh, óir
téidheann sé dhíobh air uairibh gach duine
is mian leó do thabhairt leó. Bíonn dá
dhream díobh ann ag troid a g-coinne a
chéile: dream gabháltuis a bhíos ag déanamh a
n-díthchill chum sgiobtha agus an dream eile
comhfuirmthe de chomhghaol agus comhfhogus an té
tá le bheith sgiobtha ag iarraidh gan a lei-
gean leó. Fearthar cath annsan eatorra.
Tagaid ós cómhair a céile. Buailtear
buille. Leis sin tionsgantar an coimhe-
asgar cruaidh colgach tapaidh teann-asnach.
Critheann an talamh faoi n-a g-cosaibh
agus bainid fuaim agus foghar a m-buillidh mach-
alla as uaignios na h-oídhche. Ritheann fuil
in a srothaibh air fúd mágha an áir. Fa
dheireadh bíonn an camtha is fainne cómh
meirbh meata, tuirseach tnáithte san go
d-tugaid suas in éadóthchas agus bristear an
cath orra. Annsan tógaid an dream do
bheir buaidh bith-éigh caithréime agus má's iad
do mhianuigh an duine do sciobadh téidhid go
ruig é, cuirid an biorán suain i g-cúl a
chínn agus beirid amach é. Iar d-teacht as an
tigh dhóibh d'éis na díoghbhála dhéanamh bíonn
an bhean is athchomaire i n-gaol dó ag
feitheamh amuigh air agus goileann sí go fada
fuidheach agus ní féidir cosg air bith do chur
léi.
Air uairibh éagann an duine sgiobtha i
g-cionn beagáin aimsire; air uairibh eile
bíonn se ag seargadh, ag sámhadh agus ag
dul as feadh moráin míos: lá go maith agus lá
go h-olc, lá gan ghearán gan ghuais agus lá
eile leis an m-bás. Is in a d-tímchioll san
is dóigh liom, a deir file éigin.
Tinnios croidhe as míogarnach,
Tart an domhain as d'íosfainn rud.
Éagaid cuid aca as a seasamh, agus cuid eile
aca iar m-beith cómh snuighte le geataire.
Acht ní san oídhche amháin déantar sgio-
badh: is minic a cleachttar é in gach am de
ló, go ró-áirighthe má bhíonn duine in áit
uaignis. Táid trí trátha ann atá an-
fhaobhrach do sciobadh: tuitim na h-oidhche,
tímchioll glaoidh na g-coileach agus meadhon an
lae.
Nuair sgiobthar duine cuirtear duine
eile in a áit nó rud éigin i g-cruth duine
mar is féidir leis na Daoinibh Maithe cruth
duine do thabhairt d'aoinnidh is áil leo; acht
is mionca ghníd úsáid de phithilín fraoich
ná d'aonnidh eile is rogha leó. Cailleadh
cailín niamhrach uair, agus mar ba ghnáth an tan
san bhí a máthair agus a muintir go léir ag a
caoineadh. Dubhairt an bean feasa .i. an
bhean bheó bhi a bh-fhochair an tSluaigh Sidhe,
nach raibh ann acht beart beag luachra, agus go
raibh na Daoine Maithe ag gáire agus ag
cnáid faoi'n g-cailín i d-taobh a gaoltadh
bheith cómh díthchéillidhe agus bheith ag gol agus ag
caoidh ós cionn ruid cómh suarach le luachair.
Uair eile bhí buachaill breágh óg ag dul
trasna cnoic air cómhbhrac lae agus óidhche
go grod 'san bh-fóghmhar. D'fhág sé a theach
féin gan ghearán gan ghuais acht sul ar
shroich sé ceann a riain bhraith sé mar
bheidheadh ualach trom ar a chroidhe; tháinic sé
a bhaile arís an oidche-san; luigh sé chum
leaptha agus faoi cheann dhá lá bhí sé marbh.
An lá sul ar éag sé, do bhain a mháthair
táth dhá ghruaig; chas sí blúire páipéir
timchioll air agus do chuir i g-coimeád é. D'éis
a mic a bheith adhlactha d'fheuch sí air an táth:
in áit bheith cómh dubh le h-áirne bhí sé cómh
liath le luich cé nach raibh an fear d'ar ab
leis é níos mó na fíche bliadhain d'aois.
Is féidir duine sciobtha do bhaint de na
Daoinibh Maithe, acht tá am áirighthe geárrtha
amach chuige agus má leigthear do'n am-san
eulódh thart, ní féidir le neach air bith é
shaoradh in a dhiaidh-san. Deirthear linn go
minic gur seacht lá an t-am-so, cé go
n-abraid a lán daoineadh gur ab go d-tí
an tráth a blastar biadh an t-saoghail eile,
agus cómh luath a's go d-téideann san in a bhéal,
imthigheann cuimhne an t-saoghail-so as a
cheann, agus bíonn sásta le mar a bhíonn
aige as san amach.
Táid trí neithe riachtanach chum duine
d'ath-ghoid o'n Sluagh Sidhe: luibh an
leasa, coinnioll ciarach agus sgian coise
duibhe.
Seal maith ó shoin d'eirigh bean i n-deireadh
na h-oidhche chum cuiginne dhéanamh. Theas-
tuigh uaithi dul amach ag iarraidh uisge.
B'fhada le n-a fear gur tháinic sí tar ais;
bhris air an bh-foighne aige fa dheoidh;
chuaidh sé chum an tobair: bí sí marbh ann
roimhe. Trí lá in a dhiaidh san tháinic bean
an fheasa chum a fir ag rádh leis gur chuir a
bhean í chuige le focal ná'r ith sí aon bhlúire
dhe bhiadh na n-daoineadh maith fós agus dá
d-tigeadh sé an oidhche san, agus fuireach go
marbh na h-oidche ag sruth áirighthe (ag cur
ainme air), go m-beidheadh an Marcshluagh
Sidhe ag gabháil an tslighe sin um an am
san, agus go m-beidheadh sí féin ag marcui-
gheacht air an g-capall deiridh agus fá'n uain a
bheidheadh cosa tosaigh an chapaill thar lár an
droichid bhi trasna an t-srotha; dá léimeadh
sé amach, breith air láimh uirri, í tharraing
anuas de'n chapall, barróg d'fhásgadh
uirri, í phógadh trí h-uaire, go m-beidheadh sí
aige arís, faoi shaoghal agus faoi shláinte, cómh
maith agus do bhi aon lá ariamh. Annsan thug
sí cuid de luibh an leasa dhó, agus d'innis dó
cad í an fhreagra thiúbhradh sé air aon cheist
chuirfidhe chuige, agus na neithe eile ba cheart a
dhéanamh le n-a chois sin. Acht ní raibh ann
go léir acht fán fuar mar níor chuaidh sé
in a coinne ó shoin.
(Le beith ar leanmhain.)
NOTES.
(1) Builg, a submerged rock; also a billow breaking on
a submerged rock.
(2) Cóch or comhach (cowugh), a "sough" of wind.
(3) Dream an Uabhair, the fallen angels (lit. the com-
pany of pride).
(4) Oidhche spéirghealaighe, a moon lit night, when the
moon is full; oidhche duíbhre, a dark moon night.
(5) Tiocfaidhe suas leó an éigin, they would have re-
venge, or they would retaliate some time (lit.
would come up with them some time).
(6) De luathas nó de mhoíll, sooner or later; also grod
nó déidhionach, or luath nó mall.
(7) Niamharach, beautiful, heavenly, bright; also asure-
blue, as súile niamharacha. Niamh (s.f.) a blue shade
of colour, as bhí niamh ghorm le gile ion a croi-
ceann.
(8) Muirear or muirighiol, a burden, a family.
(9) Tailm, an effort, an attempt.
( ) (a) Téidheann sé dhíobh air uairibh, they sometimes
fail (lit. it goes of (or off) them). (b) Teipeann
sé orra; (c) meathluigheann sé orra; (d) clis-
eann sé orra, and (e) cinneann sé orra: all
these mean they fail. (a), (b) and (c) are used in
Munster, the others in Connaught and Ulster, and
are entirely unknown (I believe) in Munster.
(11) An camtha is fainne, the weaker or weakest party;
camtha, a company, a party: frequetnly used in a
bad sense.
(12) Bith-éigh, a loud shout; bith-éigh caithréime, a loud
shout of triumph.
(13) Go ruig, unto, towards.
(14) Athchomair, near; go athchomair i n-gaol = gar i
n-gaol: both used.
(15) Fuidheach, lonely, expressing heart-felt sorrow.
(16) Ag sámhadh (pron. sā), growing lank; sámhadh, edge,
that is, with the bones protruding through the flesh.
(17) Míogarnach, dozing, falling asleep; míog, feeling;
smíog, a word. O'Reilly has smid, a word, a
syllable. Smíogarnach, muttering words that are
not intended for the ears of others.
(18) Pithilín, a bundle.
(19) Cnáid, mocking, jeering, making light of.
(20) Cómhbhrac láe agus oidche, nightfall (lit. the combat
between day and night); also, canntráithín, ann-
dorchacht or anndoircheacht and tuitim na h-oídhche.
(21) Go grod = go luath, early.
(22) Shroich sé, he reached; sroichim, I reach (West
Munster), and treisim, I reach (East Munster.)
(23) Bhraith sé, he felt; also to perceive, to detect.
(24) Táth, a lock, a tuft, a bunchy.
(25) D'ar ab leis é, to whom it belonged, or d'ar leis é,
and ever dh'ar leis é; also gur leis é (= ag ar
leis é): this is the form most frequently heard.
(26) Mar a bhíonn aige, as it is by him; bíonn sásta le
mar a bhíonn aige, he is content with his lot, or
with what he has. Fan mar atá agat = fan mar
ataoi, remain where you are.
(27) Ath-ghoid, to steal back, to steal what has been
stolen.
(28) Ciarach or céarach, gen. of ceir, wax.
(29) Bhris ar an bh-foighne aige, his patience gave way
he lost patience (lit. broke on the patience by him.).
(30) Barróg, an embrace.
(31) Fan fuar; ni raibh ann go léír acht fán fuar, it was
all in vain, it was all to no purpose. Alliterative
groups of words and phrases like this and the fol-
lowing are quite common even yet in the spoken
language of the south: - beó bocht, cunnaill
cúnnluighte, dubh droich-aigeantach, fairsing fo-
ganta, fia(f)ruighteach fáilteach, glan glánta,
lán láidir agus c.