Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Naomh Cholum Cille agus Doire. Donegal Irish.
Title
Naomh Cholum Cille agus Doire. Donegal Irish.
Author(s)
Craig, J. P.,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NAOMH CHOLUM CILLE AGUS DOIRE. DONEGAL IRISH. By J.P.Craig Rugadh n. Cholum Cille i nGartán i dTír Chonaill san mbliadhain 520 nó mar sin. Budh de chineadh flaitheamhail é, de bhrigh go raibh a athair Feidhlimidh, de theaghlach Righ Néill agus go raibh a mháthair muinntearach aig uaislibh Laighean. Deirtear gur ab iad páisdidhe an bhaile thug a ainm dó. Bhidheadh sé féin agus iad féin an-mhór lé céile i gcomhnuidhe agus thigeadh sé amach as a chill go minic lé n-a bhfeicsin, agus le cómhrádh beag a dheanadh leo. Mar sin de, deireadh siadsan corr- uair, “ar tháinic (an dt.) ar g-Colum beag amach as a chill andiu?” Sul a rugad é tháinic aingeal oidhche amháin an-soir (dh'ionnsuidhe air) a mháthair Eithne, agus thug sé dí brat air a raibh na datha budh deise do chonnaic súil ariamh. Air ball, bhain sé an brat dí air ais agus, i ndiaidh é fhosgladh amach, leig se air siubhal air eite é fríd (= thríd) an aer! Nuair a chonnaic máthair ar naoimh an brat measamhail sin aig imtheacht uaithe, bhí sí an- bhuaidheartha. Acht dubhairt an t-aingeal léithe nach raibh gar dí a bheith buaidheartha 'na dhiaidh, de bhrigh nach raibh sé i ndán dí é bheith aici. Leis sin, chidh sí é ag spréidheadh amach gach aon bhomaite (móiméide, nói- meant) agus ins an deireadh, d'eirigh sé chomh mór agus gur chumhdaigh sé an domhan. Agus dubhairt an t-aingeal léithe: “a bhean, ná bidheadh trioblóid air bith ort, óir beurfair mac a bheurfas ionganta anam na flaitheas.” Nuair a bhí sé 'na pháisde, tháinic trí maighdeana an- soir lá amháin. An cheud uair, mar nár aithin sé a nádúir bheannuighthe, bhí sé ag dul ag tietheadh rómpa, acht ní raibh mórán faill aige imtheacht ró-fhada gur sgairt siad air ais air. Nuair a tháinic an duine bocht chuca, d'fhiarfuigh siad dhe cad chuige nach raibh níos mó measa aige orra. “Ní'l aithne air bith agam orraibh,” ar sé. Badh críona an freagradh é sin, óir is cinnte gur shaoil sé gur diabhail a bhí annta, faoi chosamhlacht maighdean. “Is trí deirbhshiur sinn,” ar siad, “atá pósta ort-sa lé n-ar n-athair.” “Agus cia bhur n- athair?” ar Colum Cille. “Atá Dia,” ar siad. Nuair do chualaidh sé sin, bhí an-lúthgháir air. “Go deimhin, is mór agus is maith an t-athair atá agaibh,” ar sé. “Innis domh bhur n-anmanna. “Degheanas, Eolus, agus Reamhaithris ar n-anmanna.” Leis sin, chuaidh siad as amharc. Tháinic aingeal lá amháin eile chuige, agus d'fhiarfuigh sé dhe cia an cineal báis ar mhaith leis fhagháil, cead aige a rogha ceann a ghlacadh. Dubhairt seisean go mb- fhearr leis bás nádurtha, a thiocfadh ó throsgadh agus ó phianas fhonnmhar, ioná bás tobann, go gcaitfeadh sé a bheith i ndiaidh a óige agus sul a mbeidheadh sé 'na shean- duine, de brigh, dá mbeidheadh sé gan bás fhagháil nuair a bheidh sé óg, go mbeidheadh sé níos réidhe fá n-a choinne; agus gan é a bheith beo ró-fhada, ní bheidheadh féidhm air bith aige bác a chur air a chrábhacht. Fá taoibh áite a bhais, dubhairt sé go mb-fheárr leis bás fhagháil i ndeoruidheacht, óir an té atá air siubhal ó n-a bhaile féin, bidheann croidhe buaidheartha brónach aige agus is fusa dá leitheid sin smuaintiughadh air Dhia. Anns na laethibh sin, bhudh gnáthach do'n sgolaire óg é féin a chur faoi mhaighistir áird-mheasach iongantach, agus corr-uair b'éigean dó dul ó sgoil go sgoil do réir a léighinn. Is air an adhbhar sin do liag Colum Cille air Naomh Finnian, duine an-diaganta, agus lé n-a chois sin, an-fhoghlumtha, do bhí ós cionn Mhainistire Maighe- Bhile. I n-diaidh a bheith san áit sin tamall maith, chuaidh sé fríd mhórán de choláisdibh eile. Acht is aig colaisde Chluana Ioraird do chaith sé bunadhas a ama. Acht is le Finnian Mhaighe Bile thuit sé amach i dtaoibh leabhair. Mar do bhí an-dúil aig Colum Cille san bhfoghluim, níor mhaith leis gan a bheith
i gchomhnuidhe ag cuartughadh leabhar úr. Mar sin de, do bhí sé lá amháin air cúirt aig N. Finnian, agus fuair sé iasacht leabhair na Salm uaidh. Acht ní raibh sin go leor, mar do chuir sé dúil ins an leabhar, níor mhaith leis gan ceann a bheith aige féin. Air an bhoimeide, chuir sé roimhe mac-leabhair a dheanadh, sin mar déarfá, macsamhailt an chinn eile. Leis sin seioidh sé air a sgríobhadh gan cead ná eile, acht go dé (caide) do bharamhail, nár chualaidh Finnian go raibh C. Cille ag deanadh an mhac-leabhair mhic-. Acht bhí seisean glic go leor: níor leig sé dadadh air go raibh sé críochnuighthe, agus annsin chuir sé fá n-a choinne. (Ar leanamhain).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services