NAOMH CHOLUM CILLE AGUS DOIRE.
DONEGAL IRISH. By J.P.Craig
Rugadh n. Cholum Cille i nGartán i dTír Chonaill
san mbliadhain 520 nó mar sin. Budh de chineadh
flaitheamhail é, de bhrigh go raibh a athair Feidhlimidh,
de theaghlach Righ Néill agus go raibh a mháthair muinntearach
aig uaislibh Laighean. Deirtear gur ab iad páisdidhe
an bhaile thug a ainm dó. Bhidheadh sé féin agus iad féin
an-mhór lé céile i gcomhnuidhe agus thigeadh sé amach as a
chill go minic lé n-a bhfeicsin, agus le cómhrádh beag a
dheanadh leo. Mar sin de, deireadh siadsan corr-
uair, “ar tháinic (an dt.) ar g-Colum beag amach as a
chill andiu?”
Sul a rugad é tháinic aingeal oidhche amháin an-soir
(dh'ionnsuidhe air) a mháthair Eithne, agus thug sé dí brat
air a raibh na datha budh deise do chonnaic súil ariamh.
Air ball, bhain sé an brat dí air ais agus, i ndiaidh é
fhosgladh amach, leig se air siubhal air eite é fríd
(= thríd) an aer! Nuair a chonnaic máthair ar naoimh
an brat measamhail sin aig imtheacht uaithe, bhí sí an-
bhuaidheartha. Acht dubhairt an t-aingeal léithe nach
raibh gar dí a bheith buaidheartha 'na dhiaidh, de bhrigh nach
raibh sé i ndán dí é bheith aici. Leis sin, chidh sí é ag
spréidheadh amach gach aon bhomaite (móiméide, nói-
meant) agus ins an deireadh, d'eirigh sé chomh mór agus gur
chumhdaigh sé an domhan. Agus dubhairt an t-aingeal
léithe: “a bhean, ná bidheadh trioblóid air bith ort,
óir beurfair mac a bheurfas ionganta anam na
flaitheas.”
Nuair a bhí sé 'na pháisde, tháinic trí maighdeana an-
soir lá amháin. An cheud uair, mar nár aithin sé a
nádúir bheannuighthe, bhí sé ag dul ag tietheadh rómpa,
acht ní raibh mórán faill aige imtheacht ró-fhada gur
sgairt siad air ais air. Nuair a tháinic an duine bocht
chuca, d'fhiarfuigh siad dhe cad chuige nach raibh níos mó
measa aige orra. “Ní'l aithne air bith agam orraibh,”
ar sé. Badh críona an freagradh é sin, óir is cinnte
gur shaoil sé gur diabhail a bhí annta, faoi chosamhlacht
maighdean. “Is trí deirbhshiur sinn,” ar siad, “atá
pósta ort-sa lé n-ar n-athair.” “Agus cia bhur n-
athair?” ar Colum Cille. “Atá Dia,” ar siad.
Nuair do chualaidh sé sin, bhí an-lúthgháir air. “Go
deimhin, is mór agus is maith an t-athair atá agaibh,” ar
sé. “Innis domh bhur n-anmanna. “Degheanas,
Eolus, agus Reamhaithris ar n-anmanna.” Leis sin, chuaidh
siad as amharc.
Tháinic aingeal lá amháin eile chuige, agus d'fhiarfuigh
sé dhe cia an cineal báis ar mhaith leis fhagháil, cead
aige a rogha ceann a ghlacadh. Dubhairt seisean go mb-
fhearr leis bás nádurtha, a thiocfadh ó throsgadh agus ó
phianas fhonnmhar, ioná bás tobann, go gcaitfeadh sé a
bheith i ndiaidh a óige agus sul a mbeidheadh sé 'na shean-
duine, de brigh, dá mbeidheadh sé gan bás fhagháil nuair
a bheidh sé óg, go mbeidheadh sé níos réidhe fá n-a
choinne; agus gan é a bheith beo ró-fhada, ní bheidheadh féidhm
air bith aige bác a chur air a chrábhacht. Fá taoibh áite
a bhais, dubhairt sé go mb-fheárr leis bás fhagháil i
ndeoruidheacht, óir an té atá air siubhal ó n-a bhaile
féin, bidheann croidhe buaidheartha brónach aige agus is
fusa dá leitheid sin smuaintiughadh air Dhia.
Anns na laethibh sin, bhudh gnáthach do'n sgolaire óg é
féin a chur faoi mhaighistir áird-mheasach iongantach, agus
corr-uair b'éigean dó dul ó sgoil go sgoil do réir a
léighinn. Is air an adhbhar sin do liag Colum Cille
air Naomh Finnian, duine an-diaganta, agus lé n-a chois
sin, an-fhoghlumtha, do bhí ós cionn Mhainistire Maighe-
Bhile.
I n-diaidh a bheith san áit sin tamall maith, chuaidh sé
fríd mhórán de choláisdibh eile. Acht is aig colaisde
Chluana Ioraird do chaith sé bunadhas a ama.
Acht is le Finnian Mhaighe Bile thuit sé amach
i dtaoibh leabhair. Mar do bhí an-dúil aig Colum
Cille san bhfoghluim, níor mhaith leis gan a bheith
i gchomhnuidhe ag cuartughadh leabhar úr. Mar sin de,
do bhí sé lá amháin air cúirt aig N. Finnian, agus
fuair sé iasacht leabhair na Salm uaidh. Acht ní raibh
sin go leor, mar do chuir sé dúil ins an leabhar, níor
mhaith leis gan ceann a bheith aige féin. Air an
bhoimeide, chuir sé roimhe mac-leabhair a dheanadh, sin
mar déarfá, macsamhailt an chinn eile. Leis sin
seioidh sé air a sgríobhadh gan cead ná eile, acht go
dé (caide) do bharamhail, nár chualaidh Finnian go raibh
C. Cille ag deanadh an mhac-leabhair mhic-. Acht bhí
seisean glic go leor: níor leig sé dadadh air go raibh
sé críochnuighthe, agus annsin chuir sé fá n-a choinne.
(Ar leanamhain).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11