Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Donnchadh Mór O'Dála ro chan agus é ar Loch Dearg.
Title
Donnchadh Mór O'Dála ro chan agus é ar Loch Dearg.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DONNCHADH MÓR O'DÁLA RO CHAN, Agus é ar Loch Dearg. Truagh mo thuras ar Loch Dearg A Righ na gceall a's na g-clog! do chaoineadh do chneadh a's do chréacht, A's nach dtig déar tar mo rosg.
Gan súil dfhliuchadh a ruisg, Iar ndéanamh gach uile dá mhéid, Le croidhe nach iarrann acht síth, Mo thruagh! a Rí, cad do dhéan? Gan tuirse croidhe, gan maoith, Gan doilgheas ag caoi mo locht; Níor shaoil Pádraic, ceann an gcliar, Go bhfaghadh sé Dia mar so. Aon-mhac Calphuirn, ó's dá luadh, Uch, a Mhuire, is truagh mo chor! A's nach feacaidh an feadh do bhí beo Gan lorg na ndeor ar a rosg I gcaraidh cumhang cruaidh cloch, D'éis a ndearnas d'olc a's d'uaill Uch! is truagh nach faghain deor A's mé adhlaicthe beo san uaigh. Biaidh gártha troma, Lá an Luain, Againne, idir thuaith a's chléir, An deor nach fagthar 'na am Uirre thall ní bhíonn spéis. Gan éadach, ar bheagán bidh, A cholann, do ghní gach olc, Go h-ifrionn má itá do thriall Is beag liom do phian anocht. A Aoin-mhic lér cumadh cách 'S nár sheachain bás na dtrí ndealg! Le croidhe nach cruaidhe cloch Is truagh mo thuras ar Loch Dearg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services