DONNCHADH MÓR O'DÁLA RO CHAN,
Agus é ar Loch Dearg.
Truagh mo thuras ar Loch Dearg
A Righ na gceall a's na g-clog!
do chaoineadh do chneadh a's do chréacht,
A's nach dtig déar tar mo rosg.
Gan súil dfhliuchadh a ruisg,
Iar ndéanamh gach uile dá mhéid,
Le croidhe nach iarrann acht síth,
Mo thruagh! a Rí, cad do dhéan?
Gan tuirse croidhe, gan maoith,
Gan doilgheas ag caoi mo locht;
Níor shaoil Pádraic, ceann an gcliar,
Go bhfaghadh sé Dia mar so.
Aon-mhac Calphuirn, ó's dá luadh,
Uch, a Mhuire, is truagh mo chor!
A's nach feacaidh an feadh do bhí beo
Gan lorg na ndeor ar a rosg
I gcaraidh cumhang cruaidh cloch,
D'éis a ndearnas d'olc a's d'uaill
Uch! is truagh nach faghain deor
A's mé adhlaicthe beo san uaigh.
Biaidh gártha troma, Lá an Luain,
Againne, idir thuaith a's chléir,
An deor nach fagthar 'na am
Uirre thall ní bhíonn spéis.
Gan éadach, ar bheagán bidh,
A cholann, do ghní gach olc,
Go h-ifrionn má itá do thriall
Is beag liom do phian anocht.
A Aoin-mhic lér cumadh cách
'S nár sheachain bás na dtrí ndealg!
Le croidhe nach cruaidhe cloch
Is truagh mo thuras ar Loch Dearg.