Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The "Leinster Tribute."
Title
The "Leinster Tribute."
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE "LEINSTER TRIBUTE." SGEUL NA BORAMHA. A N-DAN. Timcheall ceud bliadhan tar éis breith mic Dé, Bhí rígh in Eirinn dob uaisle in a ré; Do bhuail sé náimhde tíre as a shlighe, 'Gus d' fhan sé mór, lán cúmhachda a's brighe. Mharbh sé Eillim, rígh na n-daoneadh m-borb, Do mharbh na h-uaisle amhail mharbhas turb Tréada na machaireadh ins an geimhreadh lom Air fhásuighibh gaothamhla gan sgeach gan tom. Ba chúmhachduighe Tuathal treun ioná aon rígh Bhí riamh roimhe; ní riabh flaith no saoi Nár chuir air ais chum seilbh' a dhúthaighe féin, — Bhí Eire sona thar aon tír faoi'n ngréin. Annsin do chruinnigh sé go Teamhruigh slógh Daoineadh na hEireann do thabhairt a ratha dhó
Le gréin le ré 'gus “leis na n-uile n-dul“ Gan aon nidh rádh do chur a réim' air g-cúl, 'Gus ríghe Eireann d' fhágbháil leis go deo, 'Gus le n-a shíol chó fad a's beidh fear beo, 'S an inis áluinn shaor sé ó throm-bhrón, Do tugadh leis ó anshogh 'gus ó leon. Dá inghean grádhacha bhí le Tuathal árd, Níos áile iad 'ná'r seinneadh riamh le bárd; Dubhairt flaith a's saoi gur b'áile iad 'ná neul Órdha na maidhne shnámhas ós an t-saoghal. 'Sé Fithir ba h-ainm an ti ba sinne dhíobh, A's tugadh Daríne air a deirbhshiuir chaoimh. Ba mhór na triatha do thug dhóibh a ngrádh, Acht ní fhuair aon fhear fáilte roimh an lá Air d-táinic rígh Laighean ós shruth na Bearbha finn', — Righ cealgach é le briathairibh blasda binn'; Phós sé an tí ba shinne, Fithir bhán D'ar gheall sé bheith 'nna chéile grinn amháin. Do thug sé leis í measg a mhuintear féin; Chuir mór mheas ríoghamhuil air an dís araon. Ní fad go n-dubhairt droch-dhaoine ris an righ, “Is áile 'n óigh a d' fhágais, a dheagh-shaoi.” Annsinn do chuaidh sé go Tuathal t-sean, — Tuathal na m-buaidh mór a's dearg-lann, A's dubhairt sé ris: “Is marbh, mo bhrón,” ar sé, “D' inghean Fithir; tá sí 'nois san g-cre! 'Gus b'áil liom d' inghean eile bheith agam, Oir tá mo chroidhe mar aon le m'árus lom.” Ní h-innseann stáir cá dubhairt an Tuathal mór Um bás a inghine de na cuachaibh óir. Ba threun a ghean air Dhomlén, rígh ó dheas, Oir thug d' a rádh lán chreideamh a's lán mheas, 'Gus dubhairt sé ris: “Dá m-beith agam, a shaoi, Céad bean, budh leat iad gus an deire- mhnaoi.” Do chuaidh annsin Daríne le Domlén Go tí a ráth agus a rígheachd féin. Ni'l eolas againn cá fad do bhí sí leis, No cionnas do leathnuigh' dhóibh fleadh a's feis. Lá n-ann mar shiúbhail Daríne tríd an lann Chonnairc a deirbhfhiur dhílis roimpi ann! Do thuit si síos gan beatha air an bh-feur Marbh de náire; thug Fithir uaill san aer, 'Gus thuit sí síos air chorp Daríne caoimh, Marbh de chúmha, — dá chorp taobh le taoibh! Fá dheóigh fuair Tuathal fírinne an sgéil, A's chuir sé fios chum laochraigh mór Uí Néill, A's chum na g-curadh tars an t-Sionan t-siar Dá raibh do Thuathal 'gus d'a righe fíor. Thangadar leo go macharaibh móra Midhe. Annsinn do ráidh lán bróin a's feirg', an rígh:— “Is mór an gniomh,” a dubhairt sé, rinn' Domlén, Dá inghean áile do mharbhadh leis, araon! Ortha, d' imrigheadh éagcóir agus feall, D' a n-dioghalt, creid mé, ní bheidh meise mall. Is brónach 'nois mé, Tuathal mór na d-treud: Dob' fheárr líom m' ingheana 'ná ór no seud. Fithir ba h-áluinn a measg clann an rígh Do thug flaith Bearbha chúm a ráth', sa shuidhe; Do tugadh dhó í le creideamh lán a's fíor, - 'S Daríne dhil, ba sgiamhaighe ins an tír! Mar thuit m'ingheana, is é so, din, mo rádh, Go n-dioghaltar iad le cumhachdh mór a's crádh Ar laochraibh Laighean, air chloinn na Lifi guirm', Go n-aithníd fearg do chuir a n-dubh-fheall orm,” Annsin do thionóil Tuathal a threun-shlógh, A's rinneadar Laighnigh cath Rath' Immil leo. Bá ghann na laochraidhe bhí um rígh Domlén, Do ruaigeadh iad agus do marbhadh féin, A's d' ionnradh Laighean, tar éis, ó bhárr go bun, Do loscadh gach nídh ins an tír anonn; Do cuireadh air Laighnibh air son gníomh a rígh An eiric throm d' fhág Éire bhocht gan bhrígh, - An “Bhoramha” mhór, cúis olc na d-trom- chath dian Do mhill an tír air feadh lán míle bliadhan.
'Sí seo an eiric, — tri choagad ceud deagh- bhó, Tri chaogad ceud molt ramhar clúmhach leo, Tri chaogad ceud mór-mhuc do Thuathal treun, Tri chaogad ceud trom-shlabhra airgid féin, Tri chaogad ceud deas-lennbhrat fairsing réidh, Tri chaogad ceud glan-choire umha glé. 'Sé seo an t-olc ba mhó do rinneadh riamh Le duine dúthchasach in Éirinn chaoimh; Sí seo an bheart chuir Éire ghlas faoi riar An Dainfhir duibh 'san t-Sasanaigh neimh-fhír, Ní mhairfidh Saoirse in aon tír faoi'n ngréin Muna m-beidh síothcháin measg a muintear féin. T. O. R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services