Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The "Leinster Tribute."

Title
The "Leinster Tribute."
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 188


THE "LEINSTER TRIBUTE."



SGEUL NA BORAMHA.



A N-DAN.



Timcheall ceud bliadhan tar éis breith mic
Dé,
Bhí rígh in Eirinn dob uaisle in a ré;
Do bhuail sé náimhde tíre as a shlighe,
'Gus d' fhan sé mór, lán cúmhachda a's brighe.
Mharbh sé Eillim, rígh na n-daoneadh m-borb,
Do mharbh na h-uaisle amhail mharbhas turb
Tréada na machaireadh ins an geimhreadh
lom
Air fhásuighibh gaothamhla gan sgeach gan tom.
Ba chúmhachduighe Tuathal treun ioná aon rígh
Bhí riamh roimhe; ní riabh flaith no saoi
Nár chuir air ais chum seilbh' a dhúthaighe
féin, —
Bhí Eire sona thar aon tír faoi'n ngréin.
Annsin do chruinnigh sé go Teamhruigh
slógh
Daoineadh na hEireann do thabhairt a ratha
dhó


L. 189


Le gréin le ré 'gus “leis na n-uile n-dul“
Gan aon nidh rádh do chur a réim' air g-cúl,
'Gus ríghe Eireann d' fhágbháil leis go deo,
'Gus le n-a shíol chó fad a's beidh fear beo,
'S an inis áluinn shaor sé ó throm-bhrón,
Do tugadh leis ó anshogh 'gus ó leon.



Dá inghean grádhacha bhí le Tuathal árd,
Níos áile iad 'ná'r seinneadh riamh le bárd;
Dubhairt flaith a's saoi gur b'áile iad 'ná
neul
Órdha na maidhne shnámhas ós an t-saoghal.
'Sé Fithir ba h-ainm an ti ba sinne dhíobh,
A's tugadh Daríne air a deirbhshiuir chaoimh.
Ba mhór na triatha do thug dhóibh a ngrádh,
Acht ní fhuair aon fhear fáilte roimh an lá
Air d-táinic rígh Laighean ós shruth na Bearbha
finn', —
Righ cealgach é le briathairibh blasda binn';
Phós sé an tí ba shinne, Fithir bhán
D'ar gheall sé bheith 'nna chéile grinn amháin.
Do thug sé leis í measg a mhuintear féin;
Chuir mór mheas ríoghamhuil air an dís araon.
Ní fad go n-dubhairt droch-dhaoine ris an
righ,
“Is áile 'n óigh a d' fhágais, a dheagh-shaoi.”
Annsinn do chuaidh sé go Tuathal t-sean, —
Tuathal na m-buaidh mór a's dearg-lann,
A's dubhairt sé ris: “Is marbh, mo bhrón,” ar sé,
“D' inghean Fithir; tá sí 'nois san g-cre!
'Gus b'áil liom d' inghean eile bheith agam,
Oir tá mo chroidhe mar aon le m'árus lom.”
Ní h-innseann stáir cá dubhairt an Tuathal mór
Um bás a inghine de na cuachaibh óir.
Ba threun a ghean air Dhomlén, rígh ó dheas,
Oir thug d' a rádh lán chreideamh a's lán
mheas,
'Gus dubhairt sé ris: “Dá m-beith agam, a
shaoi,
Céad bean, budh leat iad gus an deire-
mhnaoi.”



Do chuaidh annsin Daríne le Domlén
Go tí a ráth agus a rígheachd féin.
Ni'l eolas againn cá fad do bhí sí leis,
No cionnas do leathnuigh' dhóibh fleadh a's feis.
Lá n-ann mar shiúbhail Daríne tríd an lann
Chonnairc a deirbhfhiur dhílis roimpi ann!
Do thuit si síos gan beatha air an bh-feur
Marbh de náire; thug Fithir uaill san aer,
'Gus thuit sí síos air chorp Daríne caoimh,
Marbh de chúmha, — dá chorp taobh le taoibh!



Fá dheóigh fuair Tuathal fírinne an sgéil,
A's chuir sé fios chum laochraigh mór Uí Néill,
A's chum na g-curadh tars an t-Sionan
t-siar
Dá raibh do Thuathal 'gus d'a righe fíor.
Thangadar leo go macharaibh móra Midhe.
Annsinn do ráidh lán bróin a's feirg', an
rígh:—



“Is mór an gniomh,” a dubhairt sé, rinn'
Domlén,
Dá inghean áile do mharbhadh leis, araon!
Ortha, d' imrigheadh éagcóir agus feall,
D' a n-dioghalt, creid mé, ní bheidh meise
mall.
Is brónach 'nois mé, Tuathal mór na
d-treud:
Dob' fheárr líom m' ingheana 'ná ór no seud.
Fithir ba h-áluinn a measg clann an rígh
Do thug flaith Bearbha chúm a ráth', sa shuidhe;
Do tugadh dhó í le creideamh lán a's fíor, -
'S Daríne dhil, ba sgiamhaighe ins an tír!
Mar thuit m'ingheana, is é so, din, mo rádh,
Go n-dioghaltar iad le cumhachdh mór a's
crádh
Ar laochraibh Laighean, air chloinn na Lifi
guirm',
Go n-aithníd fearg do chuir a n-dubh-fheall
orm,”



Annsin do thionóil Tuathal a threun-shlógh,
A's rinneadar Laighnigh cath Rath' Immil leo.
Bá ghann na laochraidhe bhí um rígh Domlén,
Do ruaigeadh iad agus do marbhadh féin,
A's d' ionnradh Laighean, tar éis, ó bhárr go
bun,
Do loscadh gach nídh ins an tír anonn;
Do cuireadh air Laighnibh air son gníomh a rígh
An eiric throm d' fhág Éire bhocht gan bhrígh, -
An “Bhoramha” mhór, cúis olc na d-trom-
chath dian
Do mhill an tír air feadh lán míle bliadhan.


L. 190


'Sí seo an eiric, — tri choagad ceud deagh-
bhó,
Tri chaogad ceud molt ramhar clúmhach leo,
Tri chaogad ceud mór-mhuc do Thuathal
treun,
Tri chaogad ceud trom-shlabhra airgid féin,
Tri chaogad ceud deas-lennbhrat fairsing
réidh,
Tri chaogad ceud glan-choire umha glé.



'Sé seo an t-olc ba mhó do rinneadh riamh
Le duine dúthchasach in Éirinn chaoimh;
Sí seo an bheart chuir Éire ghlas faoi riar
An Dainfhir duibh 'san t-Sasanaigh neimh-fhír,
Ní mhairfidh Saoirse in aon tír faoi'n ngréin
Muna m-beidh síothcháin measg a muintear
féin.



T. O. R.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services