Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Voyage of Maelduin. (Continued.)
Title
Voyage of Maelduin. (Continued.)
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
VOYAGE OF MAELDUIN. (continued.) 68. Fíor chian iar dteacht dóibh ón inis sin, do chidhid fada uatha idir na tonnaibh cuma mar eun geal. Do iompuigheadar tosach an churaigh ó dheas chuige go bhfeicidís cia an nidh do chonnacadar. Mar do chuadar, ag iomradh, i bhfogus dó, do chonnacadar gur bha duine do bhí ann, agus é foluighthe lé fionnadh geal chuirp. Do chuir sé é féin ag sleachtánaibh ar charraig leathain
iarraidh beannacht air, agus fiarfuighid de, cad as a ndeachaidh sé ar an gcarraig sin. “As Toraigh, go deimhin,” ar sé “tángas sonn agus is i dToraigh do h-oileadh mé. Do bhidheas annsin am' chócaire innte, agus ba droch-chócaire mé, óir do dhíolainn biadh na h-eaglaise in a mbidhinn ar sheodaibh agus ar mhaoin dom féin, nó go raibh mo theach lán do chuilcthibh agus do chearcaillibh agus d'eudach gach datha, idir líon agus olainn, agus do chiolar- naibh umhaidhe, agus do thelleanaibh beaga umh- aidhe, agus do bhreathnasaibh airgid lé bioránaibh óir, ionnus nach raibh nidh, “badh iasacht as mo thigh” do gach rud d'a dtaisgidheann duine, idir leabhraibh órdha, agus tiagha leabhar cumhdachta umhaidhe agus óir. Agus do rómharainn fá thiththibh na cille go mbeirinn iolmhaoine asta. Ba mhór m'uabhar agus mo dhíomus annsin. Lá amháin, adubhradh liom uaigh do dhéanamh do cholainn aithigh thuaithe tugadh isteach ins an inis. An uair do bhidheas ag an uaigh sin do chualas an guth aníos liom as an talmhain fá mo chosaibh:- “Na tochail an áit sin,” ar an guth, “ná cuir colann an pheacthaigh orm, ó's duine naomh cráibhtheach mé.” “Eadrom agus Dia, cuirfead,” ar mé, lé meud mo dhíomusa. “Biadh nar sin,” ar sé, “má chuirir orm é,” ar an duine naomh, “caill- fear thú i gceann trí lá agus béidhir in ifrionn; agus ní fhafaidh an cholann ann.” 69. Adubhras leis an Seanóir:— “Cia an mhaith do ghnidhfir dom muna gcuirim an fear ort?” “Beatha shuthain mar áitreamh lé Dia,” ar sé. “Ciannos bheidheas a fhios sin agam?” ar mé. “Ní deacair duit sin,” ar sé; “an uaigh atáir ag déunamh, béidh sí lán anois go ghainimh. Ba follus duit as sin nach féidir leat an fear d'adhlacadh orm-sa dá bhfeuchthá leis.” Níor bha dheireadh do'n bhréithir sin an tan ba lán an uaigh do ghainimh. Do cuireadh an cholann in áit eile annsin. 70. Aimsir eile, do chuireas curach nuadh dearg-chroicneach ar muir. Do chuadhas am' churach, agus ba mhaith liom breathnughadh am' thimcheall, agus níor fhágbhas am' thigh, ó bheag go mór, niehd nach rugas liom — lé mo dhabhachaibh agus mó chornaibh agus mo mhiasaibh. Mar do bhidheas ag feuchain na mara, an chaoi sin, agus an mhuir go ciuin dom, thángadar gaotha móra orm agus do tharruingeadar ins an muir mé, ionnus nach bhfacas tír ioná talamh. Do righne mo churach comhnuidhe fúm annso, agus d'fhan sé gan cur do chur as an áit 'na dhiaidh sin. Mar do fheuchas am' thimcheall ar gach taoibh, do chonnacas ar mó láimh dheis an fear 'na shuidhe ar an tuinn. “Cia an taobh a bhfuilir ag dul?” ar sé. “Aoibhinn liom an taobh a dtéid mo radharc ar an muir,” ar mé “Níorbh aoibhinn leat go deimhin, da mba fhios duit an dream atá 'da thimcheall.” “Cia h-iad sin?” ar mé leis. “Oiread théid do radharc uait ar muir, agus suas go neulaibh nimhe, 's aon tur do dheamhnaibh é 'do thimcheall ar fad,” ar sé, “ar do shainnt, agus d'uabhar, agus do dhíomus; ar do ghoid, agus ar do dhroichghníomhaibh eile. An fios duit,” ar sé “cad fá a stadann do churach?” “Ní fios dom,” ar mé. “Ní raghaidh do churach as an áit agus bhfuil sé sonn, go ndeunair mo thoil-se.” “Do b'éidir nach bhfuileóngad í,” ar mé. “Fuileóngair ann- sin pian ifrinn muna bhfuileóngair mo thoil-se.” 71. Do thriall se chugam annsin, agus do chuir a lámh orm, agus do gheallas a thoil dó. “Anois,” ar sé, “cuir ins an muir an uile inmhe(maoin) atá agat ins an gcurach. “Is truagh, go deimhin,” ar mé, “a dul i mudha.” “Ní raghaidh sí i mudha ar aon chor,” ar sé, “béidh neach d'a rachaidh i dtairbhe.” Do chuireas an t-iomlán ins an muir acht cuach bheag mhaide.” “Eirigh as so feasta(anois),” ar sé liom, “agus ionad i stadfaidh do churach, fan ann,” agus thug sé dhom annsin cuach meadhg-uisge agus seacht mbairgheana do lón. 72. “Do chuadhas annsin,” ar an Seanóir, “an taobh thug mo churach agus an ghaoth mé, óir do léigeas uaim mo rámha agus mo stiur. Mar do bhidheas-sa mar sin ar luas- gadh idir a tonnaibh, do cuireadh ar an gcarraig so mé; agus do bhí amhrus orm an
raibh an curach 'na chomhnuidhe, óir ní fhacas tír ioná talamh sonn, agus ba chuimhin liom ann- sin a ndubhradh liom, ionad i gcomhnóchadh mo churach fanamhain ann. 73. D'eirigheas am' sheasamh annsin, go bhfacas carraig bheag lé a mbriseadh an fhairrge. Do chuireas mo chos ar an gcar- raig bhig sin, agus do euluigh mo churach uaim, gur thóg an charraig súas mé; agus do sgio- badar na tonna ar gcúl. Seacht mbiadhna dhom sonn,” ar sé, “ar na seach mbair- gheanaibh agus ar an gcuaich meadhg-uisge thugas liom ó''n bhfear do léig uaidh mé. Agus ní raibh agam acht mo chuach meadhg-uisge amháin: do bhí sin ann fós. Do bhidheas lé trí lá annsin. Tar éis na dtrí lá, um thráth- nóna, do chuir dobhar-chú (madadh-uisge) bradán dom as an muir. Do mheasas agam féin am'intinn, nárbh fhurus dom an bradán amh d' ithe, agus do chuireas arís ins an muir é. Do bheidheas lé trí lá eile am' throscadh. Um an treas nóin, annsin, do chonnacas dobhar- chú agus bradán aige dhom as an muir, agus do chuir dobhar-chú eile connadh (brosna) ar lasadh, agus do chóirigh é, agus do shéid lé n-a anáil, nó gus lás teine as. Do fhuineas an bradán annsin, agus seacht mbliadhna eile dom mar sin, agus thigeadh bradán chugam gach lá, lé n-a theinidh, agus do fhas an carraig ionnus gur ab mór í. Agus ní thugthar mo bhradán dom i gceann na seacht mbliadhan. 74. Do bhidheas lé trí lá eile annsin. Um an treas nóin do chuir an fhairrge suas dom leath-bhairghean cruithneachta agus greim éisg. Do euluigh mo chuach meadhg-uisge uaim annsin, agus tháinic chugam cuach, chómh mór léi, do dheigh-leann, atá ar an gcarraig so, agus bhí sí lán gach lá. Agus ní luigheann gaoth nó fliuchadh, nó teas nó fuacht orm ins an áit so. Is iad so m'eachtra,” ar an Seanóir. 75. An tan tháinic tráthnóna, annsin, tig dhóibh leath-bhairghean gach fir díobh uile, agus do frith, ins an gcuach do bhí ós cómhair an chéirigh, a ndóthain uile do dheigh-leann. Adubhairt an Seanóir leo annsi: “Roichfidh uile do bhur dúr, agus an fear do marbh t'athair, a Mhaeil Dúin, do gheabhair i ndún ar bhur gcionn é; agus marbh é acht tabhair maitheamhnus dó, óir do shaor Dia ó ghuasach- taibh iomdha ibh, agus ba fir do thuill bas ibh cheana. Do fhágadar slán annsin ag an Seanóir, agus do chuadar ar a n-aisdear ghnáthach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services