iarraidh beannacht air, agus fiarfuighid de,
cad as a ndeachaidh sé ar an gcarraig sin.
“As Toraigh, go deimhin,” ar sé “tángas
sonn agus is i dToraigh do h-oileadh mé. Do
bhidheas annsin am' chócaire innte, agus ba
droch-chócaire mé, óir do dhíolainn biadh na
h-eaglaise in a mbidhinn ar sheodaibh agus ar
mhaoin dom féin, nó go raibh mo theach lán
do chuilcthibh agus do chearcaillibh agus d'eudach gach
datha, idir líon agus olainn, agus do chiolar-
naibh umhaidhe, agus do thelleanaibh beaga umh-
aidhe, agus do bhreathnasaibh airgid lé bioránaibh
óir, ionnus nach raibh nidh, “badh iasacht as mo
thigh” do gach rud d'a dtaisgidheann duine, idir
leabhraibh órdha, agus tiagha leabhar cumhdachta
umhaidhe agus óir. Agus do rómharainn fá
thiththibh na cille go mbeirinn iolmhaoine asta.
Ba mhór m'uabhar agus mo dhíomus annsin.
Lá amháin, adubhradh liom uaigh do dhéanamh
do cholainn aithigh thuaithe tugadh isteach ins
an inis. An uair do bhidheas ag an uaigh sin
do chualas an guth aníos liom as an talmhain
fá mo chosaibh:- “Na tochail an áit sin,” ar
an guth, “ná cuir colann an pheacthaigh orm,
ó's duine naomh cráibhtheach mé.” “Eadrom
agus Dia, cuirfead,” ar mé, lé meud mo
dhíomusa. “Biadh nar sin,” ar sé, “má
chuirir orm é,” ar an duine naomh, “caill-
fear thú i gceann trí lá agus béidhir in ifrionn;
agus ní fhafaidh an cholann ann.”
69. Adubhras leis an Seanóir:— “Cia
an mhaith do ghnidhfir dom muna gcuirim an
fear ort?” “Beatha shuthain mar áitreamh
lé Dia,” ar sé. “Ciannos bheidheas a fhios
sin agam?” ar mé. “Ní deacair duit sin,”
ar sé; “an uaigh atáir ag déunamh, béidh sí
lán anois go ghainimh. Ba follus duit as
sin nach féidir leat an fear d'adhlacadh
orm-sa dá bhfeuchthá leis.” Níor bha dheireadh
do'n bhréithir sin an tan ba lán an uaigh do
ghainimh. Do cuireadh an cholann in áit eile
annsin.
70. Aimsir eile, do chuireas curach nuadh
dearg-chroicneach ar muir. Do chuadhas am'
churach, agus ba mhaith liom breathnughadh am'
thimcheall, agus níor fhágbhas am' thigh, ó bheag go
mór, niehd nach rugas liom — lé mo dhabhachaibh
agus mó chornaibh agus mo mhiasaibh. Mar do
bhidheas ag feuchain na mara, an chaoi sin, agus
an mhuir go ciuin dom, thángadar gaotha
móra orm agus do tharruingeadar ins an muir
mé, ionnus nach bhfacas tír ioná talamh. Do
righne mo churach comhnuidhe fúm annso, agus
d'fhan sé gan cur do chur as an áit 'na dhiaidh
sin. Mar do fheuchas am' thimcheall ar gach
taoibh, do chonnacas ar mó láimh dheis an
fear 'na shuidhe ar an tuinn. “Cia an
taobh a bhfuilir ag dul?” ar sé. “Aoibhinn
liom an taobh a dtéid mo radharc ar an
muir,” ar mé “Níorbh aoibhinn leat go
deimhin, da mba fhios duit an dream atá 'da
thimcheall.” “Cia h-iad sin?” ar mé leis.
“Oiread théid do radharc uait ar muir,
agus suas go neulaibh nimhe, 's aon tur do
dheamhnaibh é 'do thimcheall ar fad,” ar sé,
“ar do shainnt, agus d'uabhar, agus do dhíomus; ar
do ghoid, agus ar do dhroichghníomhaibh eile. An
fios duit,” ar sé “cad fá a stadann do
churach?” “Ní fios dom,” ar mé. “Ní
raghaidh do churach as an áit agus bhfuil sé sonn,
go ndeunair mo thoil-se.” “Do b'éidir nach
bhfuileóngad í,” ar mé. “Fuileóngair ann-
sin pian ifrinn muna bhfuileóngair mo
thoil-se.”
71. Do thriall se chugam annsin, agus do
chuir a lámh orm, agus do gheallas a thoil dó.
“Anois,” ar sé, “cuir ins an muir an uile
inmhe(maoin) atá agat ins an gcurach. “Is
truagh, go deimhin,” ar mé, “a dul i mudha.”
“Ní raghaidh sí i mudha ar aon chor,” ar sé,
“béidh neach d'a rachaidh i dtairbhe.” Do
chuireas an t-iomlán ins an muir acht cuach
bheag mhaide.” “Eirigh as so feasta(anois),”
ar sé liom, “agus ionad i stadfaidh do churach,
fan ann,” agus thug sé dhom annsin cuach
meadhg-uisge agus seacht mbairgheana do lón.
72. “Do chuadhas annsin,” ar an
Seanóir, “an taobh thug mo churach agus an ghaoth
mé, óir do léigeas uaim mo rámha agus mo
stiur. Mar do bhidheas-sa mar sin ar luas-
gadh idir a tonnaibh, do cuireadh ar an
gcarraig so mé; agus do bhí amhrus orm an
raibh an curach 'na chomhnuidhe, óir ní fhacas
tír ioná talamh sonn, agus ba chuimhin liom ann-
sin a ndubhradh liom, ionad i gcomhnóchadh
mo churach fanamhain ann.
73. D'eirigheas am' sheasamh annsin, go
bhfacas carraig bheag lé a mbriseadh an
fhairrge. Do chuireas mo chos ar an gcar-
raig bhig sin, agus do euluigh mo churach uaim,
gur thóg an charraig súas mé; agus do sgio-
badar na tonna ar gcúl. Seacht mbiadhna
dhom sonn,” ar sé, “ar na seach mbair-
gheanaibh agus ar an gcuaich meadhg-uisge thugas
liom ó''n bhfear do léig uaidh mé. Agus ní
raibh agam acht mo chuach meadhg-uisge
amháin: do bhí sin ann fós. Do bhidheas lé trí
lá annsin. Tar éis na dtrí lá, um thráth-
nóna, do chuir dobhar-chú (madadh-uisge)
bradán dom as an muir. Do mheasas agam
féin am'intinn, nárbh fhurus dom an bradán
amh d' ithe, agus do chuireas arís ins an muir é.
Do bheidheas lé trí lá eile am' throscadh. Um
an treas nóin, annsin, do chonnacas dobhar-
chú agus bradán aige dhom as an muir, agus do
chuir dobhar-chú eile connadh (brosna) ar
lasadh, agus do chóirigh é, agus do shéid lé n-a anáil,
nó gus lás teine as. Do fhuineas an
bradán annsin, agus seacht mbliadhna eile dom
mar sin, agus thigeadh bradán chugam gach
lá, lé n-a theinidh, agus do fhas an carraig
ionnus gur ab mór í. Agus ní thugthar mo
bhradán dom i gceann na seacht mbliadhan.
74. Do bhidheas lé trí lá eile annsin.
Um an treas nóin do chuir an fhairrge suas
dom leath-bhairghean cruithneachta agus greim
éisg. Do euluigh mo chuach meadhg-uisge
uaim annsin, agus tháinic chugam cuach, chómh mór
léi, do dheigh-leann, atá ar an gcarraig so,
agus bhí sí lán gach lá. Agus ní luigheann
gaoth nó fliuchadh, nó teas nó fuacht orm ins
an áit so. Is iad so m'eachtra,” ar an Seanóir.
75. An tan tháinic tráthnóna, annsin,
tig dhóibh leath-bhairghean gach fir díobh uile,
agus do frith, ins an gcuach do bhí ós cómhair
an chéirigh, a ndóthain uile do dheigh-leann.
Adubhairt an Seanóir leo annsi: “Roichfidh
uile do bhur dúr, agus an fear do marbh
t'athair, a Mhaeil Dúin, do gheabhair i ndún
ar bhur gcionn é; agus marbh é acht tabhair
maitheamhnus dó, óir do shaor Dia ó ghuasach-
taibh iomdha ibh, agus ba fir do thuill bas ibh
cheana. Do fhágadar slán annsin ag an
Seanóir, agus do chuadar ar a n-aisdear
ghnáthach.