Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Jack.
Title
Jack.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
JACK [I gcanamhaint na hÁrann aithristear an sgeul so, mar fuair an sgríbhneoir feín é ó Cholm Mhac Fhualáin, táilliúir i Inis Mhea- dhóin.] 1. Ins a' tsean-aimsir, 'bhí lánamhain nach raibh acob (aca) ach' aon mhac amháin. Ní rai' sé 'dianadh (ag deunamh) aon mhaithe, agus ní rai' aon cheó acob lé n-ithe. 'Nuair a tháinig (Jack) isteach ó chuartughadh, ins an am budh cheart dó gul a chodladh (dul do chodladh), 'chuaidh sé agus thug sé caora ramhar ó n-a mhaighistir. 'Bhí sé 'g ithe na caora seo go rai' sí ithte, agus ann sin 'chuaidh sé agus 'ghoid se caor' eile. Mar sin 'bhí sé dhá bheathughadh héin (féin), a' goid. Fuair a' maighistir amach gurab é seo 'bhi 'goid na gcaorach. Tháinig sé go dtí 'n sean- athair. D' fhiarfhaigh sé dhe, cad chuige 'raibh a mhac a' goíd a chuid chaorach. “Cuir lé céird é, nó leag'a mé 'n teach ort, agus díbreógha mé as thú.” D'fhiarfhaigh 'n t-athair, “cad é an chéird 'ab fhearr leat, a Jack?” “B' fhearr liom,” adeir sé, “gul lé creámhaireacht” (cneámhaireacht). 'Deir a' t-athair, “Marógha (marbhóchaidh)
na daoine thú 'nuair a bheura siad ort a' goid a gcuid. Ní mhaith liom,” 'deir a' t- athair, “thú gul leis a' gcéird sin.” 'Deir Jack lé n' athair, “Téirigh aig a' séipeul, agus innseógha Dia dhuit go dé 'n chéird a gcuir'e tú léi do mhac.” 'Chuaidh 'n t-athair go dtí 'n séipeul 'dianadh aurnaighe (urnaighe), pronounced owrnee, go n-innseóghach (.i. inneósadh) Dia dhó go dé 'n chéird a chuir'each leis a' mac. 'Nuair a d'imthigh 'n t-athair, d' imthig 'n mac, go ndeachaidh sé faoi 'n fhuinneóig aig an altóir, an áit a rai' 'n t-athair 'dianadh na n-aurnaighe; gur fhiarfhaigh sé air Dhia, cé 'n cheird a gcuir'it sé (.i. gcuirfeadh: the personal ending adh is pronounced like it before the pronouns beginning with s) leis a' mac. 'Labhair (Jack) leis taobh amuigh: “Cuir lé creámhaireacht é!“ 'Nuair adubhairt sé sin, 'rith sé 'bhaile, agus 'bhí sé sa' mbaile roimh an athair. D'fhiarfhaigh sé dhá athair, go dé 'n chéird ar dhubhairt Dia leis é chur léi. “Ó a mhic,” air a' t-athair, “an chéird cheudna 'bhí tú heín a' rádh.” 2. 'Nuair a tháinig an oidhche, d' imthigh 'n t-athair agus a' mac, go gcuir'it sé (gcuir- feadh sé) 'n mac ag maighistir 'mhúin'each (do mhúinfeádh) a' chéird sin dhó. Damain (domhain) 'san oidhche, 'chonnaic siad beirt fhear 'teacht 'n-a ndiaidh 'n bhóthair agus iad air marcui- gheacht air dhá chapall. D'fhiarfhaigheadar dho 'n tsean-athair, cá rabhadar ag 'ul
. 'Dubhairt sé leób (leó) go rai' sé 'gul 'cur a mhic lé creámhaireacht. “Má 'táir,” 'deir siad-san, “muin'eam- uid-'e 'n chéird sin dhó. Ní 'l aon chneámhaire lé fagháil níos fearr 'ná muid'e (sinne).” 'Dubhradar leis a' sean-athair gul a bhaile (dul do'n bhaile), agus gun imní (imnidhe) air bith 'bheith air faoi n-a mhac. 'Cuaidh sé air a gcúla,' agus thiomáineadar leób, go ndea- chadar go dtí teach ministéire, go ndeachadar suas air a' teach, gur sgaoileadar anuas (Jack) thríd a' simléir lé rópa, 's gur chaithea- dar mál' aige, leis an ór agus leis an air- gead 'a chur ann, sgeana agus spúnógaidhe. 'Nuair a 'bhí 'n mála lán, 'rinne sé comhartha 'n mála 'tharrunt (do tharrung) suas. 'Bhí súil aige go dtiubhrait (dtiubhradh) siad é héin suas 'n-a dhiaidh sin. Agus níor thug. 3. Ní rabhas (raibh a fhios) aige ceurd (creud) 'ab fhearr dhó a dhianadh annsin. Chuir sé pota agus greidiol ann 'ch uile chauirneul (gach uile choirneul) dhá rai' sa' teach, go bhfuair sé tlú, go rai' sé dá mbua- ladh ó cheann go ceann, gur sgannraigh sé 'n ministéire 'bhí 'n-a chodladh air a leabaidh. 'Dubhairt a ministéire lé n-a chailín éirghe suas, go rai' rud eicíneacht (éigin) ins a' teach nár chleachtuigh leis. 'Nuair a d'airigh Jack a' cailín aig éirghe, chuir sé air crai- cionn (croiceann) buláin bhí air a' lota lé fada roimhe sin. 'Nuair a chonnaic a' cailín craicionn a' bhuláin air, 'dubhairt sí leis a' ministéire gurbh é 'n deabhac (.i. deamhan) a bhí ann. Chuaidh sí a chodladh aríst, agus ní chorróghait (chorróchadh) sí níos mó. Annsin labhair a' ministéire, agus 'dubhairt sé leis a' spiorad seo gun dochar air bith a dhianadh dhó. 'Dubhairt Jack leis nach ndianadh, ach' an dorus fhosgailt agus é ligean (léigean) amach; marach fheabhas (muna mbiadh a fheabhas) bhí sé dhó, go dtiubhrait (dtiubhradh) sé 'n ceann dho 'n teach. D' éirigh 'n mini- stéire, agus chuaidh sé dhá ligean amach. Bhí Jack 'coimilt na n-adharca agus craicinn a' bhuláin dho 'n mhinistéire, gur sgaoil sé 'mach é. 4. Buail sé air 'aghaidh air a mbothar, go bhfaca sé solus i bhfad uaidh (pronounced wye). Tháinig sé go dtí 'n solus. Ann se (sho) bhí na maighistiridhe istigh, 'lig (do léig) anuas é ins a' simléir, 'roinnt (ag roinn) an óir agus an airgid bhí ins a' mála acob. Chuir Jack craicionn a' bhuláin air a cheann aríst. Chuaidh sé aig a' bhfuinneóig a' breath- nughadh isteach. Bhuail sé an fhuinneóg lé n-a adharca, agus bhreathnuigh maighistir air amach. Sgannraigh na cneámhairidhe se (so), agus 'dubhairt siad gurbh é 'n deabhac bhí teacht acob isteach. Ghreadadar leób thríd
a' dhorus dúinte, agus d'fhágadar a gcuid capall agus a gcuid airgid ann sin aig Jack. Chaith sé dhe craicionn a' bhuláin, agus chuir sé 'n t-airgiod ins a' mála. Thug sé leis é go dtí 'n geata, áit a rai' na capaill ceangluighthe (ceangailte) acob. Chuir sé 'n mála air chapall, agus chuaidh sé héin air marcuigheacht air a' gcapall eile, go rug sé 'n dá chapall a bhaile aig a athair. Ní rai' 'n t-athair 'n-a shuidhe. Buail Jack a' dorus, agus dubhairt sé léob é ligean isteach. “An tú Jack?” air a' t-athair. “Is mé. Lig mé 'steach.” “Tuige (.i. cad chuige, creud fá) nár fhan tú aig do maighistir, go mbioch (mbiodh) do chéird agad?” “Tá sí agam,” 'deir Jack. “'Bhfeiceann tú 'n dá chapall 'tá agam d' éis na hoidhche?” 5. Chuala 'n duin' uasal gur tháinig Jack a bhaile. Tháinig sé go dtí é. D' fhiarfhaigh sé dhe, “Cad chuige nár fhan tú aig do mhaighistir. 'Dubhairt Jack leis, go raibh an chéird aige. 'Deir a' duin' uasal go mbainit (mbain- feadh) sé 'n ceann de, mara ngoidit (muna ngoidfeadh) sé na trí cinn do chapaill 'tá 'treabhadh aig a chuid searbhfoghantaidhe ins a' bpáirc indiu. Cheannuigh Jack chúig cinn dho pheataidhe coiníní. Thug sé leis iad. Chuir sé sa' bpáirc-se s rai' siad a' treabhadh trí cinn, agus péire ins a' bpáirc eile bhí lé n-a hais. Tháinig lucht a' treabhtha agus chonnaic siad na coiníní ins a' bpáirc. 'Dubhairt siad go rai' an pháirc se lán lé coiníní. Bhí faitchíos orrab (orra) go milleach (mill- feadh) an ceuchta na hiomracha, dá bhfágait (bhfágfadh) siad na capaill ann sin go mbéarait (mbéaradh) siad air na coiníní. Gur threabhadar a' t-iomra sin, gur sgaoi- leadar na buclaidhe, agus gur ligeadar na capaill ó 'n gceuchta amach. Rugadar air na coiníní, agus air a' bpéire eile bhí ins a' bpáirc sin lé n-a n-ais. 'Nuair a tháinig siad anall agus na coiníní acob, ní rai' aon chapall lé fagháil acob; go ndeachadar 'tóruidheacht na gcapall a bhaile. Casudh (do casadh) 'n maighistir leób. “Cá bhfuil na capaill?” 'deir a' maighistir. 'Deir siad leis go raibh na páirceanaidhe (-anna) lán lé coiníní, go rai' chúig cinn acob, agus go rai' go leór eile ann, dá bhfeudaidís breith orrab. Bhí 's (do bhí a fhios) aig a' maighistir gur goidte bhí na capaill ó n-a chuid searbh- foghantaidhe. Chuaidh sé go dtí Jack, agus d'fhiarfhaigh sé de, an é ghoid a chuid capaill. 'Dubhairt Jack leis gurab é. “Tabhair dham mo chuid capall, a Jack, agus ní chuir'e mé aon cheist ort níos mó.” “Ní thiubhrad,” 'deir sé. 6. Cheap sé ann sin díoghaltas 'imirt air Jack. Dubhairt sé lé Jack. “Mara ngoide tú (muna ngoidfe tú) na trí chinn dho chapaill 'tá ins a' stábla, agus marcach air 'ch aon (gach aon) chapall acob, agus beirt eile 'n-a gcionn go maidin, béidh an ceann lé baint díot.” Bhí Jack 'dianadh sprí an trathnóna sin i n-éinfheacht leis na gasúir, go rai' sé 'n-am acob lé gul a chodladh (dul do chodladh). Ann sin fuair sé dhá bhuideul mór fuisge as a' siopa dho 'n stuff is fearr bhí ins a' teach. Chuaidh sé air ághaidh aig dorus a stábla a raibh na capaill ann agus a' cúigear fear. Lig sé cuma air héin a bheith air misge, agus é 'bhéiciuch; agus ní rabhas (ní raibh a fhios) aig a' cúigear ceurd do bhí ann. 'Dubhairt duine acob gurab í cráin an fhir se amuigh a bhí béiciudh. 'Dubhairt fear eile' acob go ngobhait (ngeóbhadh .i. rachadh) sé héin amach, go bhfeic'it (bhfeicfeadh) sé héin ceurd do bhí ann. Chuadar amach agus chonnaiceadar é dhá iompódh héin ins an aoileach. Dubhradar gur fear é bhí air misge, agus go rai' sé ceart é thabhairt isteach. Thugadar isteach é. Chuireadar aig a' tin' é (ag an teinidh é). Fuaradar buideul mór fuisge 'n-a phóca, agus bhí 's acob (do bhí a fhios aca) an uair sin gur fear é bhí
air misge. Bhain fear acob an buideul as a' phóca, agus d'ól sé deoch as. Thug sé é dh'fhear eile, agus d'ól sé deoch as. Thug se do 'n trúr é bhí air marcuigheacht air na capaill, agus chríochnuigh siad a' buideul air fad. Bhí siad súgach. Bhí faitchios orrab go rai' fuacht air-se (so) thugadar isteach. D'iompuigh siad air a' taoibh eil' é go dtéighit (dtéighfeadh) siad é go ceart, go bhfuair siad buideul eile 'n-a phóca, agus gur ól siad é air fad. Bhí gaisgeadh mór aig a gcúigear fear, gur thuit na marcachaídhe (marcaigh)anuas dho na capaill. 'Nuair a fuair Jack air misge iad, sgaoil sé na capaill agus thug sé leis a bhail' iad. 7. Air maidin nuair a d'éirigh 'n duin' uasal, chuaidh sé aig a' stábla, go bhfeicit (bhfeicfeadh) sé 'raibh na capaill goidtí (goidte) aig Jack as. Fuair fé na fir air misge agus na capaill goidtí. Chuaidh sé agus d' fhiarfhaigh sé dho Jack an é ghoid na capaill. 'Dubhairt sé gurab é. “Tabhair 'am na capaill,” adeir sé, “agus ní chuirfe mé aon cheist ort níos mó.” “Ní thiubhrad,” adeir se. “'Sé mo chéird é, agus ní thiubhrad.” “Mara (muna) dtiubhrair, cuir'e mise thú 'dianadh rud bhus deacra a'd (agad) a dhianadh. Mara ngoid'e tú 'n bhráithlín bhias fúm anocht, béidh'n ceann lé baint díot faoi uair a dó dheug i mbárach. Bhí amadán aig a' duin' uasal, a bhfaghait (bhfaghbhadh) sé pléisiúr mór ann. Ghleus Jack culaidh air héin air nós an amadáin, agus chuaidh sé go dtí 'n teach. Ní rabhas (ní raibh a fhios) aig a' duin' uasal cé acob (cia aca) a amadán héin. Thug sé biadh dhób (dhóibh) lé n-ithe, agus chuaidh Jack aig ithe air phláta 'n amadáin, agus chuaidh 'n t-amadán aig ithe air phláta 'n duin' uasail. Chaith sé urchor lé n' amadán héin, mar shíl sé gurbh é Jack a bhí ann; ach' b' é 'amadán héin a bhí ann i leabaidh Jack. Chuaidh sé aig cur a' chorpáin. Chuaidh Jack ag goid a' bhráithlín bhí faoi n-a bhean, agus thug sé leis a' bhraíthlín. Ní raibh sé ach' imthighthe, nuair a tháinig a' fear héin isteach. Chuartuigh sé agus ní bhfuair sé a' bhraith- lín ann. Bhí sí imthighthe. Air maidin, lá air n-a bhárach, chuaidh 'n duin' uasal go dtí Jack, agus d' fhiarfhaigh sé dhe an é ghoid a' bhráithlín. Dubhairt Jack gurab é. “Ná trácht go deóidh air,” ar sé, “agus tiubhra mé m' inghean lé pósadh dhuit.” Críoch. NOTES. - héin (for féin) may represent the old form chéin. aurnaighe, cauirneul; or, ol, ur, ul, are often pronounced before another consonant, owr, owl, but with a rather short sound. So in ordughadh, poll, urlach, Ultach, agus c. goid a chuid, deunamh rud, goid an bhráithlínl; the genitive should follow the verbal noun in each instance. Mac-Léiginn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services