Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Maol-chnuic Chláir.
Title
Maol-chnuic Chláir.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAOL-CHNUIC CHLÁIR. Air lorg dáin do sgríobh Proinsias O'Fathaigh. I. Cidh bhfad atáin ó Éirinn bháin, agus brón am' chroidhe, Léim mé andiu tar uisge an tsroth' tá eadrainn a's í; Agus shiubhlas í arís am' chroidhe ó bhonn go bárr, Ag dul air strae nó go dtáinig mé go Maol-Chnuic Chláir. II. Bhí an tsláinte am' chomhair a's misneach mór 'san aimsir sin, Agus ní raibh fuiseog air an móin do bhí chomh binn; Budh gháirdeach bhí, air feadh gach mí mo chroidhe in mo lár Go dtáinig baoghal, a's bás a's neul, go Maol-Chnuic Chláir. III. A's, dar liom féin, budh díleas, treun, mo cháirde annsin, Agus sgap mé ór orra a's stór, mar uisge air linn, Go dtáinig uair 'n a bhfuair mé buaidhreadh, brón, a's táir, 'S níor sheas mo cháirde lé m' thaobh an lá sin air Mhaol-Chnuic Chláir. IV. Bhí maighdean óg annsin 's a póg mar fhíon nó beoir, Dá dtug mé searc, a's greann nár thearc, a's grádh ró-mhór; Acht thug sí í féin do bhodach treun, a ráibh ór 'n a láimh, 'S cheil mé mo bhrón air chách san domhan acht air Mhaol-chnuic Chláir. V. Air easbhuidh óir, gan spré gan stór, gan dóthchas gan grádh, Níor fhulaing mé annsin do bheith in áit mo chráidh, Acht bhris mo chroidhe nuair dfhágas í, mo thost gan gáir, A's theip mo shiubhal nuair chuir mé cúl lé Maol-Chnuic Chláir. VI. Tá mé anois ró aosta, a's bhris mo neart a's mo lúth, Tá sgáile an bháis i gcomhnuidhe ag fas 's ag teacht go dlúth; Acht guidhim, a Dhé, nár síntear mé i gcomhra ná 'gclar Nó go luighfead síos 'n bhur measg arís, a Mhaol-Chnuic Chláir. AN CHRAOIBHÍN AOIBHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services