MAOL-CHNUIC CHLÁIR.
Air lorg dáin do sgríobh Proinsias
O'Fathaigh.
I.
Cidh bhfad atáin ó Éirinn bháin, agus brón
am' chroidhe,
Léim mé andiu tar uisge an tsroth' tá
eadrainn a's í;
Agus shiubhlas í arís am' chroidhe ó bhonn go
bárr,
Ag dul air strae nó go dtáinig mé go
Maol-Chnuic Chláir.
II.
Bhí an tsláinte am' chomhair a's misneach
mór 'san aimsir sin,
Agus ní raibh fuiseog air an móin do bhí
chomh binn;
Budh gháirdeach bhí, air feadh gach mí mo
chroidhe in mo lár
Go dtáinig baoghal, a's bás a's neul, go
Maol-Chnuic Chláir.
III.
A's, dar liom féin, budh díleas, treun, mo
cháirde annsin,
Agus sgap mé ór orra a's stór, mar uisge
air linn,
Go dtáinig uair 'n a bhfuair mé buaidhreadh,
brón, a's táir,
'S níor sheas mo cháirde lé m' thaobh an lá
sin air Mhaol-Chnuic Chláir.
IV.
Bhí maighdean óg annsin 's a póg mar fhíon
nó beoir,
Dá dtug mé searc, a's greann nár thearc,
a's grádh ró-mhór;
Acht thug sí í féin do bhodach treun, a ráibh
ór 'n a láimh,
'S cheil mé mo bhrón air chách san domhan acht
air Mhaol-chnuic Chláir.
V.
Air easbhuidh óir, gan spré gan stór, gan
dóthchas gan grádh,
Níor fhulaing mé annsin do bheith in áit mo
chráidh,
Acht bhris mo chroidhe nuair dfhágas í, mo
thost gan gáir,
A's theip mo shiubhal nuair chuir mé cúl lé
Maol-Chnuic Chláir.
VI.
Tá mé anois ró aosta, a's bhris mo neart
a's mo lúth,
Tá sgáile an bháis i gcomhnuidhe ag fas 's
ag teacht go dlúth;
Acht guidhim, a Dhé, nár síntear mé i
gcomhra ná 'gclar
Nó go luighfead síos 'n bhur measg arís, a
Mhaol-Chnuic Chláir.
AN CHRAOIBHÍN AOIBHINN.