Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cathal Buidhe.
Title
Cathal Buidhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Lyons, J. J.
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CATHAL BUIDHE. “A g-cluin tú mé, a bhean adaigh, A chanas do chuid briathra beacht, Ní 'l mo chroidhe folláim 'S leanann damh go siorraidhe an tart; An uair a chighimse na gluinidhe Anns an soiléir uaim asteach, Is é a deireas mo mhuinéal buidhe Is cinéalta a d' ólfainn deoch.” “A g-cluin tú mé, a Chathail Bhuidhe, 'S a' bás a feitheadh fá do déin, Ní thig leat a dhul ann spairn leis No é fhágbháil de léim air mhuir; Ní chongbhochaidh bean a' tabharna beo thú Le n-a cuid briathra beacht, Iompuigh air an Ard-righ 's gheobhfaidh tú párdún Ann ar éirigh dhuit.” “Má is air mhaitheamh liom a tá tú Ann a n-deárnaidh tú de chomhradh caoin, Tabhair aon bhuidéal amháin damh 'Gus glacfaidh mé do chomhairle aríst: No go n-ólaidh mé sláinte lucht racáin 'Gus romhláis a' t-saoghail, 'S bheurfaidh mé go Domhnach Cásga duit a d-tigh an tabharna Nach n-ólfaidh mé aon bhraon.” “Is truagh bocht a' cineamhuint ó ar gineadh thú A d-tús do shaoghail, 'S gur b' annsa leat a' mheisge 'Ná mise 'gus do pháisdidhe díle; Ní dhearnaidh tú tuistiún de chisde De bharr do shaoghail, 'S a' lá sin a eugfas tú Cia chuirfeas ort comhnra chaol?” “Ní thiubh'rfaidh mise fath do mo pháis- didhe A bheith a racáin na a bruighean,
Gach a m-beurfaidh mo dhá láimh air Cuirfidh me anns a' digh; A gabháil siar Baile an Teampaill daoibh Bidheadh gall-thrompa agaibh, fidil 'gus píob, Olaidh mo shláinte an lá sin 'S na tugaidh damh braon.” “Congbhuigh thusa le do dhá láimh, A Chathail Bhuidhe, 's na caith níos mó, 'Gus dearc air do pháisdidhe mar ta siad Lag meathta gan treóir; Is gearr goirid a' bás uait 'S ní dhearnadh tú ariamh cisde no stór Agus ní chaoinfidh mac mathar thú An lá sin a rachfas ort fód.” “Ní'l am air bith is fearr a's is crábhaigh Dhá m-bidhim anns a' bhliadhain, 'Ná an uair a ólaim mo sháith Bidhim a gárthadh 's a sgreadadh air Dhia; An uair nach m-bidheann cárt dhen digh lán agam Tasduighe go mór mo chiall, 'S déantar croidhe cruaidh ann mo lár Mar charn mór cloch air a' t-sliabh.” Gaedhilge Chonnachtha Dá d-tugthása damh-sa píopa tobac Agus mé bheith gan píopa tobac Agus píopa tobac a bheith agad, Bheurfainnse duitse píopa tobac Agus thú a bheith gan píopa tobac, Agus píopa tobac a bheith agam; Acht mar d-tugthása damhsa píopa tobac Agus píopa tobac a bheith agad, Ní bheurfainnse duit se píopa tobac Agus píopa tobac a bheith agam. An uair a bhí sé air a' móin Bhí cóitín glas air, Agus an uair a bí sé 'sa m-baile Bhí cóitín geal air. Feág. Ní amhain, ní áth, ní snáth, Ní maide, ní cnáimh, 's ní cloch. Seilimide. Caora bhán a md-beul an atha 'S gan easna ainntí. Cnap Cúmhair. D'iompróghainn ann mo láimh é, 'S ní iompróghainn ann rópa air mo dhroim é. Ubh. Siúd iad siar thré na chéile, Trompadh trampadh 's iad dá séideadh. Sealbh gé fiadháin. Sláinte na h-Eireann 'S gach condae fá dhó, 'S a' t-é nach maith leis go maith sinn Na rabh sé a bh-fad beo. Faoi ghoirm bhur slainte O bhalla go balla 'S ma tá aon duine 'sa m-balladh labhrui- gheadh sé. Sláinte an bhric 's a bhradáin Nár fheuch ariamh 'sa m-bogán Acht gach a m-beidheadh ann A chathadh siar ann a phíobán. J. J. LYONS
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services