Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cathal Buidhe.

Title
Cathal Buidhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Lyons, J. J.
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CATHAL BUIDHE.



“A g-cluin tú mé, a bhean adaigh,
A chanas do chuid briathra beacht,
Ní 'l mo chroidhe folláim
'S leanann damh go siorraidhe an tart;
An uair a chighimse na gluinidhe
Anns an soiléir uaim asteach,
Is é a deireas mo mhuinéal buidhe
Is cinéalta a d' ólfainn deoch.”



“A g-cluin tú mé, a Chathail Bhuidhe,
'S a' bás a feitheadh fá do déin,
Ní thig leat a dhul ann spairn leis
No é fhágbháil de léim air mhuir;
Ní chongbhochaidh bean a' tabharna
beo thú
Le n-a cuid briathra beacht,
Iompuigh air an Ard-righ 's gheobhfaidh
tú párdún
Ann ar éirigh dhuit.”



“Má is air mhaitheamh liom a tá tú
Ann a n-deárnaidh tú de chomhradh
caoin,
Tabhair aon bhuidéal amháin damh
'Gus glacfaidh mé do chomhairle aríst:
No go n-ólaidh mé sláinte lucht racáin
'Gus romhláis a' t-saoghail,
'S bheurfaidh mé go Domhnach Cásga
duit a d-tigh an tabharna
Nach n-ólfaidh mé aon bhraon.”



“Is truagh bocht a' cineamhuint ó ar
gineadh thú
A d-tús do shaoghail,
'S gur b' annsa leat a' mheisge
'Ná mise 'gus do pháisdidhe díle;
Ní dhearnaidh tú tuistiún de chisde
De bharr do shaoghail,
'S a' lá sin a eugfas tú
Cia chuirfeas ort comhnra chaol?”



“Ní thiubh'rfaidh mise fath do mo pháis-
didhe
A bheith a racáin na a bruighean,


L. 155


Gach a m-beurfaidh mo dhá láimh air
Cuirfidh me anns a' digh;
A gabháil siar Baile an Teampaill daoibh
Bidheadh gall-thrompa agaibh, fidil
'gus píob,
Olaidh mo shláinte an lá sin
'S na tugaidh damh braon.”



“Congbhuigh thusa le do dhá láimh,
A Chathail Bhuidhe, 's na caith níos mó,
'Gus dearc air do pháisdidhe mar ta siad
Lag meathta gan treóir;
Is gearr goirid a' bás uait
'S ní dhearnadh tú ariamh cisde no
stór
Agus ní chaoinfidh mac mathar thú
An lá sin a rachfas ort fód.”



“Ní'l am air bith is fearr a's is crábhaigh
Dhá m-bidhim anns a' bhliadhain,
'Ná an uair a ólaim mo sháith
Bidhim a gárthadh 's a sgreadadh air
Dhia;
An uair nach m-bidheann cárt dhen digh
lán agam
Tasduighe go mór mo chiall,
'S déantar croidhe cruaidh ann mo lár
Mar charn mór cloch air a' t-sliabh.”



Gaedhilge Chonnachtha



Dá d-tugthása damh-sa píopa tobac
Agus mé bheith gan píopa tobac
Agus píopa tobac a bheith agad,
Bheurfainnse duitse píopa tobac
Agus thú a bheith gan píopa tobac,
Agus píopa tobac a bheith agam;
Acht mar d-tugthása damhsa píopa tobac
Agus píopa tobac a bheith agad,
Ní bheurfainnse duit se píopa tobac
Agus píopa tobac a bheith agam.



An uair a bhí sé air a' móin
Bhí cóitín glas air,
Agus an uair a bí sé 'sa m-baile
Bhí cóitín geal air.



Feág.



Ní amhain, ní áth, ní snáth,
Ní maide, ní cnáimh, 's ní cloch.



Seilimide.



Caora bhán a md-beul an atha
'S gan easna ainntí.



Cnap Cúmhair.



D'iompróghainn ann mo láimh é,
'S ní iompróghainn ann rópa air mo
dhroim é.



Ubh.



Siúd iad siar thré na chéile,
Trompadh trampadh 's iad dá séideadh.



Sealbh gé fiadháin.



Sláinte na h-Eireann
'S gach condae fá dhó,
'S a' t-é nach maith leis go maith sinn
Na rabh sé a bh-fad beo.



Faoi ghoirm bhur slainte
O bhalla go balla
'S ma tá aon duine 'sa m-balladh labhrui-
gheadh sé.



Sláinte an bhric 's a bhradáin
Nár fheuch ariamh 'sa m-bogán
Acht gach a m-beidheadh ann
A chathadh siar ann a phíobán.



J. J. LYONS





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services