Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhilge Chonnachta.
Title
Gaedhilge Chonnachta.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GAEDHILGE CHONNACHTA. Bhí fear a rabh cruit air a siúbhal 'san oidhche le hais lios 's chualaidh sé crónán taob astigh de chloidhe. Seas sé 'gus chuir sé cluas air féin. Siad na daoine maithe a bhi ann, agus sé an crónán a bhí air a m- beul: “Dialuain, Diamáirt, Dialuain, Dia- máirt.” Bhí an crónán cho binn sin 's gur sheas sé tamall fada aig eisteacht leis. Fá dheireadh thoisigh sé a cur leis agus deir leis féin go g-cuirfeadh sé fad air, 's du- bhairt se; “Dhialuain, Diamáirt, 's Dia- ceudaoin.” “Cé sin,” arsa 'n guth, “a chuir fad air, m' abhrán.” “Mise, má sé do thoil é,” arsa fear na cruite. “Cia 'n luachsaothair a theastnigheas uait ar shon do seirbhise?” “A' chruit seo a bhaint díom da m-b' féidir.” “Gabh steach ann seo.” Chuaidh fear na cruite taobh steach do chloidhe 's bhain na daoine maithe an chruit dhe. Ní dheárnaidh siad acht bos a chur le n-a dhroim an uair a thainic a' chruit leotha agus leag siad asteach air thaobh a chloidhe í. Chuaidh sé abhaile ann sin agus is air éigin a d' aithnidh a mhathair é. D' fhiafruigh sí de sé 'n naomh no an sagart beannaighthe a chas Dia air le gur baineadh a' chruit de. D' innis sé di go raibh sé dul lé ais lios 's go g-cualaidh sé abhrán aig na daoine maithe agus chuir se fad air, 'gus gur bhain siad a chruit de. Well bhí buachaill óg eile anns an áit, mac duine uasail, a rabh cruit air. Ní rabh fághail go deo air a shaibhreas, acht ní bh-fuigeadh sé bean air bith le pósadh mar bhí chruit air. Bheurfadh a' fear saibhir seo rud air bith air shon a chruit a bhaint de. Chualaidh sé a d-taobh an fhir eile 's d' fhiafruigh sé dhe cá 'n chaoi ar baineadh á' chruit de. D' innis sé dhó. Bhí go maith, chuaidh mac a' duine uasal aig a' lios go m-bainthidhe an chruit de.
Chuir sé cluas air féin d' éist sé. Chualaidh sé an guth a radh: “Dialuain, Diamairt, 'gus Diaceudaoin.” Thoisigh sesean ann sin agus dubairt sé: “Dialuain, Diamáirt, 's Diaceudaoin agus Diathordaoin.” “Cé sin a mhill m' abhrán,” arsa 'n guth. “Mise má sé do thoil é,” arsa fear na cruite. “Gabh asteach ann seo.” Chuaid sé asteach, 's a chruit a bhain siad den bh-fear eile chuir siad air í. Bhí dhá chruit ann sin air. Bhí fear 'na chomhnuidhe i g-condae Shlige 's bhí dúil 'san ól aige. Thainic sé asteach a d-teach lá, 's chonnaic sé an gleus a bhí ann lé ól a dheunadh. D' fheuch sé air agus dubhairt se: A thoruigh dhíot, a Eoghainín, is tusa an rógaire cliste, Do shuidhe air do thóin a cur na n-daoine air meisge; Is minic a d' ól mé cróin leat 'gus bárr mo bhróige briste, Acht a' diabhal sin deor níos mó dhá d-tei- ghinn aig ól an uisge. Bhidheadh na paisdidhe a déanadh cleas mar seo. Dhúnfadh duine aca a dhorn agus leagfadh sé air dhorn a duine eile é, 's deurfadh sé: “Cá bh-fuil a' bainne reamhar a bhí 'sa g-cuinneóig seo?” “D' ól a' cat é.” “Cá bh-fuil a' cat?” “Faoi 'n sop.” “Cá bh-fuil a' sop?” “Dhóigh a' teine é.” “Cá bh-fuil an teine?” “Múch an abhainn í.” “Cá bh-fuil an abhainn?” “D' ól a giorrán bán 's a' giorrán dubh í.” “Cá bh-fuil a giorrán bán 's a giorrán dubh?” “A m-beul na bearnán.” “Cá bh-fuil a' bheárna?” “A bh-fearrtain.” “Gráinne shíos 's grainne shuas, 'S trí fichead gráinne a b-poll na luaithe.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services