GAEDHILGE CHONNACHTA.
Bhí fear a rabh cruit air a siúbhal 'san
oidhche le hais lios 's chualaidh sé crónán
taob astigh de chloidhe. Seas sé 'gus chuir
sé cluas air féin. Siad na daoine maithe a
bhi ann, agus sé an crónán a bhí air a m-
beul: “Dialuain, Diamáirt, Dialuain, Dia-
máirt.” Bhí an crónán cho binn sin 's gur
sheas sé tamall fada aig eisteacht leis. Fá
dheireadh thoisigh sé a cur leis agus deir
leis féin go g-cuirfeadh sé fad air, 's du-
bhairt se; “Dhialuain, Diamáirt, 's Dia-
ceudaoin.”
“Cé sin,” arsa 'n guth, “a chuir fad air,
m' abhrán.”
“Mise, má sé do thoil é,” arsa fear na
cruite.
“Cia 'n luachsaothair a theastnigheas
uait ar shon do seirbhise?”
“A' chruit seo a bhaint díom da m-b'
féidir.”
“Gabh steach ann seo.”
Chuaidh fear na cruite taobh steach do
chloidhe 's bhain na daoine maithe an
chruit dhe. Ní dheárnaidh siad acht bos a
chur le n-a dhroim an uair a thainic a'
chruit leotha agus leag siad asteach air
thaobh a chloidhe í. Chuaidh sé abhaile
ann sin agus is air éigin a d' aithnidh a
mhathair é. D' fhiafruigh sí de sé 'n naomh
no an sagart beannaighthe a chas Dia air
le gur baineadh a' chruit de. D' innis sé di
go raibh sé dul lé ais lios 's go g-cualaidh sé
abhrán aig na daoine maithe agus chuir se
fad air, 'gus gur bhain siad a chruit de.
Well bhí buachaill óg eile anns an áit,
mac duine uasail, a rabh cruit air. Ní rabh
fághail go deo air a shaibhreas, acht ní
bh-fuigeadh sé bean air bith le pósadh mar
bhí chruit air. Bheurfadh a' fear saibhir
seo rud air bith air shon a chruit a bhaint de.
Chualaidh sé a d-taobh an fhir eile 's d'
fhiafruigh sé dhe cá 'n chaoi ar baineadh á'
chruit de. D' innis sé dhó.
Bhí go maith, chuaidh mac a' duine uasal
aig a' lios go m-bainthidhe an chruit de.
Chuir sé cluas air féin d' éist sé. Chualaidh
sé an guth a radh: “Dialuain, Diamairt,
'gus Diaceudaoin.” Thoisigh sesean ann
sin agus dubairt sé: “Dialuain, Diamáirt,
's Diaceudaoin agus Diathordaoin.”
“Cé sin a mhill m' abhrán,” arsa 'n guth.
“Mise má sé do thoil é,” arsa fear na
cruite.
“Gabh asteach ann seo.” Chuaid sé
asteach, 's a chruit a bhain siad den bh-fear
eile chuir siad air í. Bhí dhá chruit ann
sin air.
Bhí fear 'na chomhnuidhe i g-condae
Shlige 's bhí dúil 'san ól aige. Thainic sé
asteach a d-teach lá, 's chonnaic sé an
gleus a bhí ann lé ól a dheunadh. D'
fheuch sé air agus dubhairt se:
A thoruigh dhíot, a Eoghainín, is tusa an
rógaire cliste,
Do shuidhe air do thóin a cur na n-daoine
air meisge;
Is minic a d' ól mé cróin leat 'gus bárr mo
bhróige briste,
Acht a' diabhal sin deor níos mó dhá d-tei-
ghinn aig ól an uisge.
Bhidheadh na paisdidhe a déanadh cleas
mar seo. Dhúnfadh duine aca a dhorn
agus leagfadh sé air dhorn a duine eile é, 's
deurfadh sé: “Cá bh-fuil a' bainne reamhar
a bhí 'sa g-cuinneóig seo?”
“D' ól a' cat é.”
“Cá bh-fuil a' cat?”
“Faoi 'n sop.”
“Cá bh-fuil a' sop?”
“Dhóigh a' teine é.”
“Cá bh-fuil an teine?”
“Múch an abhainn í.”
“Cá bh-fuil an abhainn?”
“D' ól a giorrán bán 's a' giorrán dubh í.”
“Cá bh-fuil a giorrán bán 's a giorrán
dubh?”
“A m-beul na bearnán.”
“Cá bh-fuil a' bheárna?”
“A bh-fearrtain.”
“Gráinne shíos 's grainne shuas,
'S trí fichead gráinne a b-poll na luaithe.”