Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dies irae, dies illa i nGaoidhilg.
Title
Dies irae, dies illa i nGaoidhilg.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DIES IRAE, DIES ILLA I NGAOIDHILG. Borb an lá, luan an bhrátha, a uathfás ní hinchleatha; cuirfidh mar dhrithlinn do grís domhan na n-olc i nemhfís. An lá soin budh lá feirge, 'S budh lá déanta díbhfeirge atáid m'fhiadhna liom am' ghar, ríogh-fháidh, naoimh, Dáibhidh, Sibeil. Anba an criothnughadh bhias de, Ar dteacht mór-dhál na breithe Do bhuain gheur-chunntais chirt chruaidh Do shíol Adhaimh i n-aon uair. Stoic-bhéim bhus alata fuaim Cluinfid mairbh in gach aon uaidh; Gan spás fhuaideochas uile Cách do rochtain ró-throine. An nádúir bíodhgfaidh 's a' bás 'S gach creutúir ann tré uathfás, Dóibh iar n-éirighe dá fhreagra, — Críost an breithiomh ceirt-bhreatha. Leabhar sgríobhtha leis 'n-a láimh, Sgríbhinn ionar léir ar n-eugcáir; As an sgríbhinn bheuras breath Ar shíol Adhaimh i n-aoinfheacht. 'n-s bhreithiomh ag suidhe dhó, Gach foilchios bhus fáth iargnó, Do'n chruinne bhudh soiléir soin, 'S ní bhiaidh droich-mhéin gan díoghail. Do'n anbhocht, och, creud adéar? Cia an patrún ghuidhfidh ainnséin, Saor ó mhairg an tan théighid Ar éigin na fíréinigh. A Rí is croithnaighthe mór-dháil, 'S shlánuighios gach iolar-dháimh, Anasgadh 's gan ní dá cheann Seoil seacha go hifreann. 'S ná hagair m'fhiach troma, Cidh 'taid sgríobhtha ad' mór-rolla; Rom-shlánuigh, gabh ar do cheart, A Rí buan buidheacht. Do shuidhe sgítheach dom' shúr, 'S um fhuasgladh daoirseacht ó 'n dragún; Do mhór-dhuadh 's do bhás croiche Ná deachd d'easbhaidh orruinne. Bronn dúinn loghadh 'n-ar lochtaibh, A Cheart-bhreithimh dhíoghaltaigh, Sul thig lá an chunntais chruaidh Bhus lia amhghar is anbhuain. Doghní geur-chaoi mé an lochtach; Tré m'olc isam gruadh-chorcrach; Coigill damh tar mo mheisneach; Fóir, a Dhé, ar do dhéircitheach. Nach tú d'fuasgail ó léan An bhean choirioch, Magdaileun; Do ghrás cidh mall do shír-sean, Is d'éist ris an mbithbhineadh. Nach tú fós do dhearlaic dham Dóchas díolgaidh am pheacadh; Réd' ghrás is beartha a bhuidhe, A Shlánuightheoir thoghaidhe. Cuimirce so, a Mhic Mhuire, M' éisdiocht ní fiu m'aithrighe; Tréd gháth-mhaordhacht so ainic inn Ar thionól adhnaidh ifrinn. Dot turas nach mé badh cúis Cuimhnigh, a Leoghain Lán-bhúidh;
allain do ghoineas do ghnáth Ná rom-damuin 'san luan-bhráth. O na gabhraidh dealaidh mé Dot láimh dheis, lá ar n-eiséirghe Áitigh 's ná tairg ar séamh, AUain, ameasg do naomh-chaorcha. Ar ndíochur lucht na mallacht Do shír-bhiathadh lonn-lasrach, Goir orm anuair adeura “Tigidh uaibh, a fhíréana.” Atchim go hiarratach umhal Cur mo chré ar n-a combrúghadh, Is do fhreagra ó nach dein mise Iomchair ualach m'fhine-se. La fearg-fhaobhrach, lá fola, La doilghis, lá deur-ghola, Aon lá coimhthionail gach sluaigh, Lá na heiséirghe ó'n úir luaith. Lá comhdhála na gciontach dá mbreathnughadh lé héin-fhiortach, Coigill an lá so, a Dhé, dhóibh, Naimhde nár annam eugcóir. A Chríost chaidh, ó nach beura Breath oile ar shíol sheirbh-Eubha, Níor a gcionn adhbhle t'fhearta Diolgadh dáibh a ndoibhearta. A Ua Iaicim is Anna, D'ar ndeoin dúinn dob eascara, Deuna go leanam do lorg, 'S ná bí 'san mbráth linn lán-bhorb. Borb. NÓTAIDHE. Fuaras an t-atharrughadh i láimh-sgríbhinn do sgríobhadh san mbliadhain 1727 nó 'n-a timchioll, cidh is dóigh nár cumadh fá leith-cheud bhliaidhan roimhe sin é. Atá an naomh-abhrán mór-dhálach so ar n-a atharrughadh ag níos mó ioná aon ughdar amháin san mBeurla Shagsanach, agus go háirithe ag Iarla Ruis Chomáin; acht níor chuir fear aca caoi as fearr air ioná an t-ughdar Gaodhalach so. Ní inmheasta gurab é an t-atharrughadh dobheir ar gach focal a fhocal féin an t-atharughadh as fearr. Ní hé focal ar fhocal acht ciall ar chéill as cóir do 'n cheart-atharruightheoir do thabhairt, agus is amh- laidh sin dorinne an sgríbhneoir Eireannach; gidheadh, ní theasduigheann áit nó a dó i leantar an laidion bhunadhasach go handlúth. Feuch mar shomla ll. 17, 21, 25 go dtí 33,45,46,49,50, agus rl. Mar is gnáth leis na bárdaibh, do chuir an t-ughdar blás éigin arsaidheacht 'n-a abhrán. Ag so míniughadh ar na foclaibh is dothuigsiona ann: l 2 ní hinchleatha .i. ní cóir a cheilt. l 4 neimhfhís .i. dofhaicsionacht, dorchadaas. l7 fiadhna .i. ucht fiadhnaise. l9 anba .i. uathbhásach. l 13 alata .i. allta? l 26 foilchois .i. ní atá i bhfolach. l 29 adeur .i. adeuradh. l 30 ainn- séin .i. annsin, ar son an comhfhuama. l 34 iolar- dháimh .i. mór-shluagh. l 35 anasgadh .i. gan a iarraidh air? l36 ní soiléir dhamhsa an líne so. l 39 rom- shlánuigh .i. slánuigh mé. l 44 ná deachd .i. ná meas: atá “deach“ 'sa sgríbhinn. l 50 isam gruadhchorcrach .i. is gruadhchorcrach mé, is dearg mo ghruadh. l 51 meisneach .i. dóchas? l 55 leugh an líne so i ndiaidh l 56: do shír-sean .i. do shír seisean. l 56 bithbhineach .i. bitheamhnach, gaduidhe. l 57 do dhearlaic .i. do bhronn. l 59 is beartha a bhuidhe .i. is cóir bhuidheachas do thabhairt. l 63 ainic inn .i. saor sinn. l 64 adh- naidh .i. loisgthe, adhanta. l 66 lán-bhúidh .i. lán-tro- caireach. l 68 ná rom-dhamuin .i. ná dhamuin mé, ná mallaigh mé. l 71 ní soiléir dhamh, agus measaim nach ceart a bhfuil aguinn. l 74 sí-bhiathadh .i. síor-áitiu- ghadh, síor-chomhnuidhe. l 77 aithchim .i. sírim. l 86 éin- fhiortach, ní aithnighim-se an focal so. l 89 beura .i. beurair (agus mar a gceudna “adeura” .i. adeurair, l 75). l 95 deuna go leanam .i. deun go leanfamaois. Dorinneadh an t-ábhrán so do réir ghnása dhuthchasaigh ar sinnear nGaodhalach. Do luidheadh an guth ar shiollab dheidheanach gach líne, agus do bhiodh seacht shiollaib in gach líne. Mar sin de, gan aimhreas, teasda rud éigin ó 'n seiseadh líne tríochad agus ó 'n gceud líne seathmhoghadh, as nach léir a gciall dúinn. Mac Léighinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services