Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dies irae, dies illa i nGaoidhilg.

Title
Dies irae, dies illa i nGaoidhilg.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DIES IRAE, DIES ILLA I NGAOIDHILG.



Borb an lá, luan an bhrátha,
a uathfás ní hinchleatha;
cuirfidh mar dhrithlinn do grís
domhan na n-olc i nemhfís.



An lá soin budh lá feirge,
'S budh lá déanta díbhfeirge
atáid m'fhiadhna liom am' ghar,
ríogh-fháidh, naoimh, Dáibhidh, Sibeil.



Anba an criothnughadh bhias de,
Ar dteacht mór-dhál na breithe
Do bhuain gheur-chunntais chirt chruaidh
Do shíol Adhaimh i n-aon uair.



Stoic-bhéim bhus alata fuaim
Cluinfid mairbh in gach aon uaidh;
Gan spás fhuaideochas uile
Cách do rochtain ró-throine.



An nádúir bíodhgfaidh 's a' bás
'S gach creutúir ann tré uathfás,
Dóibh iar n-éirighe dá fhreagra, —
Críost an breithiomh ceirt-bhreatha.



Leabhar sgríobhtha leis 'n-a láimh,
Sgríbhinn ionar léir ar n-eugcáir;
As an sgríbhinn bheuras breath
Ar shíol Adhaimh i n-aoinfheacht.



'n-s bhreithiomh ag suidhe dhó,
Gach foilchios bhus fáth iargnó,
Do'n chruinne bhudh soiléir soin,
'S ní bhiaidh droich-mhéin gan díoghail.



Do'n anbhocht, och, creud adéar?
Cia an patrún ghuidhfidh ainnséin,
Saor ó mhairg an tan théighid
Ar éigin na fíréinigh.



A Rí is croithnaighthe mór-dháil,
'S shlánuighios gach iolar-dháimh,
Anasgadh 's gan ní dá cheann
Seoil seacha go hifreann.



'S ná hagair m'fhiach troma,
Cidh 'taid sgríobhtha ad' mór-rolla;
Rom-shlánuigh, gabh ar do cheart,
A Rí buan buidheacht.



Do shuidhe sgítheach dom' shúr,
'S um fhuasgladh daoirseacht ó 'n
dragún;
Do mhór-dhuadh 's do bhás croiche
Ná deachd d'easbhaidh orruinne.



Bronn dúinn loghadh 'n-ar lochtaibh,
A Cheart-bhreithimh dhíoghaltaigh,
Sul thig lá an chunntais chruaidh
Bhus lia amhghar is anbhuain.



Doghní geur-chaoi mé an lochtach;
Tré m'olc isam gruadh-chorcrach;
Coigill damh tar mo mheisneach;
Fóir, a Dhé, ar do dhéircitheach.



Nach tú d'fuasgail ó léan
An bhean choirioch, Magdaileun;
Do ghrás cidh mall do shír-sean,
Is d'éist ris an mbithbhineadh.



Nach tú fós do dhearlaic dham
Dóchas díolgaidh am pheacadh;
Réd' ghrás is beartha a bhuidhe,
A Shlánuightheoir thoghaidhe.



Cuimirce so, a Mhic Mhuire,
M' éisdiocht ní fiu m'aithrighe;
Tréd gháth-mhaordhacht so ainic inn
Ar thionól adhnaidh ifrinn.



Dot turas nach mé badh cúis
Cuimhnigh, a Leoghain Lán-bhúidh;


L. 151


allain do ghoineas do ghnáth
Ná rom-damuin 'san luan-bhráth.



O na gabhraidh dealaidh mé
Dot láimh dheis, lá ar n-eiséirghe
Áitigh 's ná tairg ar séamh,
AUain, ameasg do naomh-chaorcha.



Ar ndíochur lucht na mallacht
Do shír-bhiathadh lonn-lasrach,
Goir orm anuair adeura
“Tigidh uaibh, a fhíréana.”



Atchim go hiarratach umhal
Cur mo chré ar n-a combrúghadh,
Is do fhreagra ó nach dein mise
Iomchair ualach m'fhine-se.



La fearg-fhaobhrach, lá fola,
La doilghis, lá deur-ghola,
Aon lá coimhthionail gach sluaigh,
Lá na heiséirghe ó'n úir luaith.



Lá comhdhála na gciontach
dá mbreathnughadh lé héin-fhiortach,
Coigill an lá so, a Dhé, dhóibh,
Naimhde nár annam eugcóir.



A Chríost chaidh, ó nach beura
Breath oile ar shíol sheirbh-Eubha,
Níor a gcionn adhbhle t'fhearta
Diolgadh dáibh a ndoibhearta.



A Ua Iaicim is Anna,
D'ar ndeoin dúinn dob eascara,
Deuna go leanam do lorg,
'S ná bí 'san mbráth linn lán-bhorb.
Borb.



NÓTAIDHE.



Fuaras an t-atharrughadh i láimh-sgríbhinn do
sgríobhadh san mbliadhain 1727 nó 'n-a timchioll, cidh is
dóigh nár cumadh fá leith-cheud bhliaidhan roimhe sin é.
Atá an naomh-abhrán mór-dhálach so ar n-a atharrughadh
ag níos mó ioná aon ughdar amháin san mBeurla
Shagsanach, agus go háirithe ag Iarla Ruis Chomáin; acht
níor chuir fear aca caoi as fearr air ioná an t-ughdar
Gaodhalach so. Ní inmheasta gurab é an t-atharrughadh
dobheir ar gach focal a fhocal féin an t-atharughadh as
fearr. Ní hé focal ar fhocal acht ciall ar chéill as
cóir do 'n cheart-atharruightheoir do thabhairt, agus is amh-
laidh sin dorinne an sgríbhneoir Eireannach; gidheadh,
ní theasduigheann áit nó a dó i leantar an laidion
bhunadhasach go handlúth. Feuch mar shomla ll. 17, 21,
25 go dtí 33,45,46,49,50, agus rl.



Mar is gnáth leis na bárdaibh, do chuir an t-ughdar
blás éigin arsaidheacht 'n-a abhrán. Ag so míniughadh
ar na foclaibh is dothuigsiona ann: l 2 ní hinchleatha
.i. ní cóir a cheilt. l 4 neimhfhís .i. dofhaicsionacht,
dorchadaas. l7 fiadhna .i. ucht fiadhnaise. l9 anba
.i. uathbhásach. l 13 alata .i. allta? l 26 foilchois .i.
ní atá i bhfolach. l 29 adeur .i. adeuradh. l 30 ainn-
séin .i. annsin, ar son an comhfhuama. l 34 iolar-
dháimh .i. mór-shluagh. l 35 anasgadh .i. gan a iarraidh
air? l36 ní soiléir dhamhsa an líne so. l 39 rom-
shlánuigh .i. slánuigh mé. l 44 ná deachd .i. ná meas:
atá “deach“ 'sa sgríbhinn. l 50 isam gruadhchorcrach
.i. is gruadhchorcrach mé, is dearg mo ghruadh. l 51
meisneach .i. dóchas? l 55 leugh an líne so i ndiaidh
l 56: do shír-sean .i. do shír seisean. l 56 bithbhineach
.i. bitheamhnach, gaduidhe. l 57 do dhearlaic .i. do
bhronn. l 59 is beartha a bhuidhe .i. is cóir bhuidheachas
do thabhairt. l 63 ainic inn .i. saor sinn. l 64 adh-
naidh .i. loisgthe, adhanta. l 66 lán-bhúidh .i. lán-tro-
caireach. l 68 ná rom-dhamuin .i. ná dhamuin mé, ná
mallaigh mé. l 71 ní soiléir dhamh, agus measaim nach
ceart a bhfuil aguinn. l 74 sí-bhiathadh .i. síor-áitiu-
ghadh, síor-chomhnuidhe. l 77 aithchim .i. sírim. l 86 éin-
fhiortach, ní aithnighim-se an focal so. l 89 beura .i.
beurair (agus mar a gceudna “adeura” .i. adeurair,
l 75). l 95 deuna go leanam .i. deun go leanfamaois.
Dorinneadh an t-ábhrán so do réir ghnása dhuthchasaigh
ar sinnear nGaodhalach. Do luidheadh an guth ar
shiollab dheidheanach gach líne, agus do bhiodh seacht
shiollaib in gach líne. Mar sin de, gan aimhreas,
teasda rud éigin ó 'n seiseadh líne tríochad agus ó 'n
gceud líne seathmhoghadh, as nach léir a gciall dúinn.



Mac Léighinn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services