Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Donegal Irish. (Continued).
Title
Donegal Irish. (Continued).
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DONEGAL IRISH. J.C. WARD. IASGAIRE BEAG BHEIL-ATH-SHEANNAIGH. (Continued). Ní rabh sé bh-fad go rabh na capuill eile aig breith suas leis an mbromaistin mar bhí sé aig iomchar cúlog, agus bhí scannradh aig teacht air Dhomhnall go m-beur- faidh orrtha agus dubhairt sé sin le n-a chéile. “Amharc” ars eise “i g-cluais an bhromhaigh.” “Chidhimh” ars eision “an drithleog teineadh ann is deirge d'a bh-fa caidh súil aon duine aríamh.” “Bain amach é agus caith air do chúl é” ars eise. Righne sé sin agus le prea- badh na súl d'eirigh teine suas as a bhí seacht míle air fad agus seacht míle ar leathad agus na splancacha ag eirigh seacht míle suas ins an aer. Nuair a thainic an bunadh a bhí 'na 'ndiaigh ansoir (to) b'eigin doibh a dhul thart fadu d'é (round about it) agus bhí an bromaistin fad mór in tosaigh leis an mhoill a baineadh as an bunadh a bhí aig tóruigheact air. Indiaidh sin agus uile bhudh ghoirid go rabh na gearrain aig breith suas leis an bhromach agus nuair a bhí siad in aice leis d'iarr an bhean óg air Dhomhnall feuchaint i g-cluais an bhromaigh. D'innis sé dí go rabh an dealg ann budh ghéire d'a bh-facaidh aon duine ariamh. “Caith air ár g-cúl é” ars eise. Righne sé sin agus le tionntadh na boise d'fás coill as a bhí seacht míle air fhad agus seacht mile air leathad agus a bhí cho dlúth sin nach d-tiocfadh le eun a dhul thríd. B'eigin do na tóruigheanna a dhul thart fadú d'é acht budh ghoirrid 'nna dhiaigh sin agus eile go rabh siad aig breith suas leis an bhromaistín. An trídheadh h-uair (an treas uair) d'iarr an bhean air Dhomhnall amharc i g-cluais an bhromaigh. Dubhairt sé go rabh an braon drúchta ann budh lonnraigh agus b'fhuaire da bh-facaidh neach ariamh. “Caith air ár g-cúl é” ars eise. Righne sé sin agus i m-bomeint thainic loch uisge eidir iad féin agus na daoine bhí 'na 'ndiaigh, a bhí seacht míle air fhad agus seacht míle air leathad, agus nuair a thainic athair agus mathair ná mná óige agus an bunadh a bhí leó, co fada leis, le méid na deifre agus na dibhfeirge bhí orrtha ní thainic leó a m-beithighe a chongbhail asteach no go deachaid siad amach ins an loch agus baitheadh iad. Shiúbhail an bheirte leó 'na dhiaigh sin agus ní dhearnadar stad no fad chomhnuidhe go d-tainic siad an aice le Beul-Ath-Seannaigh. Bhí an lá aig glanadh fa an am so agus chonnaic Dhomhnall teach a athar agus budh leur leis nach rabh siad 'na suidhe ann agus smuainigh sé gur dhóna an rud do gan sgeula thabhairt doibh go rabh se aig teacht chuca le bean uasal agus go m-beidir nach rabh an teach réidhtighthe suas mar budh chóir
agus dubhairt sé le n-a bhean go rachadh sé le sgeula chuca go rabh sí aig teacht. “Má fágann tú mise ann so” ars ise “is dóichighe go n-deanfaidh tú dearmad díom agus go cinnte beidh sin mar sin má bheireann tú póg uait go d-tigidh tú chugam air ais.” “Na bidheadh eagla ort; ní baoghal damh,” arsa Domhnall, “b'olc an lá é air a n-dean- fainn dearmad díot-se indiaigh an mhéid a righne tú damh. Leis sin d'-imthigh sé agus níor bh' fhada go d-tainic sé go tigh a athara (athar). Bhí luathghair mhór roimhe, air 'ndoithche, agus thug a mhathair iarraidh póg a thabhaist dó agus chuir sé iongantas mór uirrí nuair nach leigfeadh sé Dhí. D'iarr sé orrtha an teach a sguabadh agus a ghlanadh suas. Sul a rabh an sgeul críochnuighthe aige rug sé air phéire bróg le n-a g-cur air acht nuair a chrom sé síos leis na h-iallacha a cheangal léim madadh bheag suas agus thug sé póg do. Leis sin righne sé dearmad de an uile rud a thárla do ó d'fhág sé an baile. D'fhan an bhean uasal aig taobh (taoibh) tobair a bhí aig ceann an bhaile gur bhain sí súil de Dhomhnall a theacht air ais agus ann sin chuaidh sí suas air chrann a bhí aig fás le taoibh an tobair. Níor bh'fada bhí sí ann sin go d-tainic cailleach na g-cearc fa choinne uisge agus nuair a chrom sí síos ós cionn an tobair chonnaic sí scáile na mná uasaile a bhí shuas annsa chrann, agus shíl sí gur b'é a scáile féin a bhí ann. “Mo dhona agus mo dhuirne (dhothairne?) orm” ars ise “dá m-beidheadh a fhios agam go rabh me chomh dóigheamhail agus táim go n-imeóchainn ó'n sclabhuidhe sean duine sin agam agus go bh-fuighinn fear úr óg. Leis sin d'amharc sí suas agus chonnaic sí an bhean uasal anns an chrann. B'fhurus damh aithne bheith agam nach rabhas comh dóigheamail agus shíleas mé féin air ball. Chuir sí faisneis air an mnaoi óig cia h-i féin nó cha h-áit ar b'as í agus fuair sí amach uaithe gur coigcrigheach a bhí inntí agus thug sí leí abhaile í. Níor bhfada bhí sí aig cailleach n-a g- cearc gur thoisigh sí aig deanadh cultacha do na mnáibh fa'n áit agus ameasg neitheadh eile ghnidheadh sí birreid agus dhíoladh sí iad go d-tí fa dheireadh nach rabh an bhean a b'fhiú aireamh thart timpioll nach bh-fuair cinnbheirt uaithe agus is é sin an cheud uair a thoisigh na mná aig cathadh birreid. Acht ní birreid amhain a thainic leí a dheanadh. Bhí sí an-achmur (handy) aig an uile chineul oibre. Chaith sí bliadhain agus lá aig cailleach na g-cearc aig saothrughadh a beatha agus aig sásadh na m-ban go d-tí nach rabh aon duine a b'fhad agus a ngar nach g-cualaidh iomradh sa chailín caillighe na g-cearc. Cad é tharla sa 'n am so acht go rabh Domhnall le pósadh air bhean shaidhbhir mheasamhail a bhí ins an ait? Mar budh Gnáthach fuair an uile duine thart cuireadh in na bainse, agus ameasg na coda eile fuair cailín caillighe na g-cearc cuireadh. Ins an t-sean-aimsir ghnídhfidhe dínnear na bainse sul a b-pósfaidh an lanamhuin agus andiaigh an dínnéir thaisbeanadh gach duine cleas. Nuair a thainic sé air chrann chailín caillighe na g-cearc dubhairt sí go rabh cleas beag aicí agus da m-budh é ad-toil é go n-deanfadh sí é. D'fhreagair an uile dhuine gur mhaith leóbhtha
é d'fheicsint. Tharraing sí coileach agus cearc amach as a póca agus cuir 'na seasadh air an urlar iad. Bhain sí trí ghrainín cruithneachda as a brollach agus chaith sí chuca iad. Thóg an coilleach beirt aca agus d'fhag ceann amhain aig an chearc. “Mo dhona agus mo dhuirne ort” ars an chearc “ní deanfá sin liomsa an lá chuís m'athair thú a chartadh an bhóithigh agus leis an leith-phíghin a bhí caillte ann d'fhaghail agus nach rabh dul agat air gur bh'eigin damhsa é dheanadh dhuit le do Sabhail ó m'athair a dubhairt go m-bainfeadh sé an cean díot mar m- beidheadh sin deanta agat.” Chaith sí trí ghrainín eile air an urlar. Shlug an coileach beirt aca agus d-fhág ceann amhain aig an chearc. “Mo dhona agus mo dúirne ort” ars an chearc, “ní dheanfá sin liomsa an lá a chuir m'athair thú a chreathadh an nid leis na ceithre h-uíbhe inntí agus b'éigin damhsa ceathramhnacha a fhaghal deanta dhíom féin sul ar eirigh leat na h-uibheacha a bhaint ánuas. 'Na Diaigh sin agus uile bhris tú ceann de na h-uibheacha agus b'éigin damhsa an ladhar bheag a ghearradh dhíom féin agus ubh a dheanadh dhí agus má amharcann tú air mo choraibh, chidhfidh tú go bh fuil ladhar a dhíth air mo choir clé.” Chuis sgeul na ceirce iongantus air ghach duine agus go h-áirighthe air Dhomhnall - Níor labhair sé aon fhocal agus níor amharc she thart acht aig simaineadh agus aig meabhrughadh air féin agus fa dheireadh agus fá dheighionach thainic an uile nídh d'ar tharla dho isteach ann a inntinn agus ní luaithe bhí sin mar sin, no sheas sé suas agus d'innis do'n chuidheachta a líg mar d'eirigh dhó nuair a bhí sé as baile agus gur b'í so an bhean óg a thug air siubal é agus a bhí abhaile leis agus go déarn sé dearmad dí go d-tí sin. Ní luaithe chualaidh an bhean a bhí aig dhul da phósadh so ná d'eirigh sí suas agus dubhairt gur aig an chéad bhean a bhí an ceart a b'fhearr air Dhomhnall, nach rabh caill deanta go fóill agus go rachfadh sise abhaile. Righneadh bainfheis úr a mhair naoi n-oidhche agus naoí lá agus gur bh-fearr an lá deirionnach no an cheud lá. Chuaidh siad-san an t-ath agus mise an clochan; baitheadh iad-san agus thainic mise. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services