Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donegal Irish. (Continued).

Title
Donegal Irish. (Continued).
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DONEGAL IRISH.



J.C. WARD.



IASGAIRE BEAG BHEIL-ATH-SHEANNAIGH.



(Continued).



Ní rabh sé bh-fad go rabh na capuill eile aig breith
suas leis an mbromaistin mar bhí sé aig iomchar cúlog,
agus bhí scannradh aig teacht air Dhomhnall go m-beur-
faidh orrtha agus dubhairt sé sin le n-a chéile. “Amharc”
ars eise “i g-cluais an bhromhaigh.” “Chidhimh” ars
eision “an drithleog teineadh ann is deirge d'a bh-fa
caidh súil aon duine aríamh.” “Bain amach é agus caith
air do chúl é” ars eise. Righne sé sin agus le prea-
badh na súl d'eirigh teine suas as a bhí seacht míle air
fad agus seacht míle ar leathad agus na splancacha ag
eirigh seacht míle suas ins an aer. Nuair a thainic an
bunadh a bhí 'na 'ndiaigh ansoir (to) b'eigin doibh a dhul
thart fadu d'é (round about it) agus bhí an bromaistin
fad mór in tosaigh leis an mhoill a baineadh as an
bunadh a bhí aig tóruigheact air. Indiaidh sin agus uile
bhudh ghoirid go rabh na gearrain aig breith suas leis an
bhromach agus nuair a bhí siad in aice leis d'iarr an
bhean óg air Dhomhnall feuchaint i g-cluais an bhromaigh.
D'innis sé dí go rabh an dealg ann budh ghéire d'a
bh-facaidh aon duine ariamh. “Caith air ár g-cúl é” ars
eise. Righne sé sin agus le tionntadh na boise d'fás
coill as a bhí seacht míle air fhad agus seacht mile air
leathad agus a bhí cho dlúth sin nach d-tiocfadh le eun a
dhul thríd. B'eigin do na tóruigheanna a dhul thart
fadú d'é acht budh ghoirrid 'nna dhiaigh sin agus eile go
rabh siad aig breith suas leis an bhromaistín.



An trídheadh h-uair (an treas uair) d'iarr an bhean air
Dhomhnall amharc i g-cluais an bhromaigh. Dubhairt sé
go rabh an braon drúchta ann budh lonnraigh agus
b'fhuaire da bh-facaidh neach ariamh. “Caith air ár g-cúl
é” ars eise. Righne sé sin agus i m-bomeint thainic
loch uisge eidir iad féin agus na daoine bhí 'na 'ndiaigh,
a bhí seacht míle air fhad agus seacht míle air leathad,
agus nuair a thainic athair agus mathair ná mná óige
agus an bunadh a bhí leó, co fada leis, le méid na
deifre agus na dibhfeirge bhí orrtha ní thainic leó a
m-beithighe a chongbhail asteach no go deachaid siad amach
ins an loch agus baitheadh iad.



Shiúbhail an bheirte leó 'na dhiaigh sin agus ní
dhearnadar stad no fad chomhnuidhe go d-tainic siad
an aice le Beul-Ath-Seannaigh. Bhí an lá aig glanadh
fa an am so agus chonnaic Dhomhnall teach a athar agus
budh leur leis nach rabh siad 'na suidhe ann agus
smuainigh sé gur dhóna an rud do gan sgeula thabhairt
doibh go rabh se aig teacht chuca le bean uasal agus go
m-beidir nach rabh an teach réidhtighthe suas mar budh chóir


L. 146


agus dubhairt sé le n-a bhean go rachadh sé le sgeula
chuca go rabh sí aig teacht.



“Má fágann tú mise ann so” ars ise “is dóichighe
go n-deanfaidh tú dearmad díom agus go cinnte beidh
sin mar sin má bheireann tú póg uait go d-tigidh tú
chugam air ais.” “Na bidheadh eagla ort; ní baoghal
damh,” arsa Domhnall, “b'olc an lá é air a n-dean-
fainn dearmad díot-se indiaigh an mhéid a righne tú
damh. Leis sin d'-imthigh sé agus níor bh' fhada go d-tainic
sé go tigh a athara (athar). Bhí luathghair mhór roimhe,
air 'ndoithche, agus thug a mhathair iarraidh póg a thabhaist
dó agus chuir sé iongantas mór uirrí nuair nach
leigfeadh sé Dhí. D'iarr sé orrtha an teach a sguabadh
agus a ghlanadh suas. Sul a rabh an sgeul críochnuighthe
aige rug sé air phéire bróg le n-a g-cur air acht nuair
a chrom sé síos leis na h-iallacha a cheangal léim
madadh bheag suas agus thug sé póg do. Leis sin righne
sé dearmad de an uile rud a thárla do ó d'fhág sé an
baile.



D'fhan an bhean uasal aig taobh (taoibh) tobair a bhí
aig ceann an bhaile gur bhain sí súil de Dhomhnall a
theacht air ais agus ann sin chuaidh sí suas air chrann a
bhí aig fás le taoibh an tobair. Níor bh'fada bhí sí ann
sin go d-tainic cailleach na g-cearc fa choinne uisge
agus nuair a chrom sí síos ós cionn an tobair chonnaic
sí scáile na mná uasaile a bhí shuas annsa chrann, agus
shíl sí gur b'é a scáile féin a bhí ann. “Mo dhona agus
mo dhuirne (dhothairne?) orm” ars ise “dá m-beidheadh
a fhios agam go rabh me chomh dóigheamhail agus táim go
n-imeóchainn ó'n sclabhuidhe sean duine sin agam agus go
bh-fuighinn fear úr óg. Leis sin d'amharc sí suas agus
chonnaic sí an bhean uasal anns an chrann. B'fhurus
damh aithne bheith agam nach rabhas comh dóigheamail agus
shíleas mé féin air ball. Chuir sí faisneis air an
mnaoi óig cia h-i féin nó cha h-áit ar b'as í agus fuair
sí amach uaithe gur coigcrigheach a bhí inntí agus thug sí
leí abhaile í. Níor bhfada bhí sí aig cailleach n-a g-
cearc gur thoisigh sí aig deanadh cultacha do na mnáibh
fa'n áit agus ameasg neitheadh eile ghnidheadh sí birreid
agus dhíoladh sí iad go d-tí fa dheireadh nach rabh an bhean a
b'fhiú aireamh thart timpioll nach bh-fuair cinnbheirt
uaithe agus is é sin an cheud uair a thoisigh na mná aig
cathadh birreid. Acht ní birreid amhain a thainic leí a
dheanadh. Bhí sí an-achmur (handy) aig an uile chineul
oibre. Chaith sí bliadhain agus lá aig cailleach na
g-cearc aig saothrughadh a beatha agus aig sásadh na
m-ban go d-tí nach rabh aon duine a b'fhad agus a ngar
nach g-cualaidh iomradh sa chailín caillighe na g-cearc.



Cad é tharla sa 'n am so acht go rabh Domhnall le
pósadh air bhean shaidhbhir mheasamhail a bhí ins an ait?
Mar budh Gnáthach fuair an uile duine thart cuireadh in
na bainse, agus ameasg na coda eile fuair cailín
caillighe na g-cearc cuireadh. Ins an t-sean-aimsir
ghnídhfidhe dínnear na bainse sul a b-pósfaidh an
lanamhuin agus andiaigh an dínnéir thaisbeanadh gach duine
cleas. Nuair a thainic sé air chrann chailín caillighe
na g-cearc dubhairt sí go rabh cleas beag aicí agus da
m-budh é ad-toil é go n-deanfadh sí é. D'fhreagair an
uile dhuine gur mhaith leóbhtha <leó> é d'fheicsint.
Tharraing sí coileach agus cearc amach as a póca agus
cuir 'na seasadh air an urlar iad. Bhain sí trí
ghrainín cruithneachda as a brollach agus chaith sí chuca iad.
Thóg an coilleach beirt aca agus d'fhag ceann amhain aig
an chearc. “Mo dhona agus mo dhuirne ort” ars an
chearc “ní deanfá sin liomsa an lá chuís m'athair thú a
chartadh an bhóithigh agus leis an leith-phíghin a bhí caillte
ann d'fhaghail agus nach rabh dul agat air gur bh'eigin
damhsa é dheanadh dhuit le do Sabhail ó m'athair a
dubhairt go m-bainfeadh sé an cean díot mar m-
beidheadh sin deanta agat.” Chaith sí trí ghrainín eile
air an urlar. Shlug an coileach beirt aca agus d-fhág
ceann amhain aig an chearc. “Mo dhona agus mo
dúirne ort” ars an chearc, “ní dheanfá sin liomsa an
lá a chuir m'athair thú a chreathadh an nid leis na ceithre
h-uíbhe inntí agus b'éigin damhsa ceathramhnacha a fhaghal
deanta dhíom féin sul ar eirigh leat na h-uibheacha a
bhaint ánuas. 'Na Diaigh sin agus uile bhris tú ceann de
na h-uibheacha agus b'éigin damhsa an ladhar bheag a
ghearradh dhíom féin agus ubh a dheanadh dhí agus má
amharcann tú air mo choraibh, chidhfidh tú go bh fuil ladhar
a dhíth air mo choir clé.” Chuis sgeul na ceirce
iongantus air ghach duine agus go h-áirighthe air Dhomhnall -
Níor labhair sé aon fhocal agus níor amharc she thart
acht aig simaineadh agus aig meabhrughadh air féin agus
fa dheireadh agus fá dheighionach thainic an uile nídh
d'ar tharla dho isteach ann a inntinn agus ní luaithe
bhí sin mar sin, no sheas sé suas agus d'innis do'n
chuidheachta a líg mar d'eirigh dhó nuair a bhí sé as baile
agus gur b'í so an bhean óg a thug air siubal é agus a bhí
abhaile leis agus go déarn sé dearmad dí go d-tí sin.
Ní luaithe chualaidh an bhean a bhí aig dhul da phósadh so
ná d'eirigh sí suas agus dubhairt gur aig an chéad bhean a
bhí an ceart a b'fhearr air Dhomhnall, nach rabh caill
deanta go fóill agus go rachfadh sise abhaile.



Righneadh bainfheis úr a mhair naoi n-oidhche agus naoí lá
agus gur bh-fearr an lá deirionnach no an cheud lá.
Chuaidh siad-san an t-ath agus mise an clochan; baitheadh
iad-san agus thainic mise.



Críoch.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services