Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Correspondence.
Title
Correspondence.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CORRESPONDENCE IRISH IN THE NATIONAL SCHOOLS. Cill mhic Ciaráin In aice Cathrach Saidhbhín. A Shaoi oirbhidnigh, Gabhaim orm sgríobhadh do'n Irislea- bhar lé cúntus éigin do thabhairt air an múnadh atá air an nGaedhilge san g-ceannt- racht so, agus deunaim é so air dhá fháth: an cheud fáth, lé súil go mbroisdeóchainn na maighistiridhe scoile so de'n taobh shiardheas de chontae fír-eolach Chiarraighe nach fuil ag múnadh na Gaedhilge fós chum cabhruighthe leis sin an g-cúis ársa; agus an dara fáth, do bhrígh gur iarr duine uasal orm so do dheunadh náchar bh'fhéidir liom d'eiteach gan mí-mheas do thabhairt orm féin. Tá áthas agus mórdháil orm do rádh go bhfuil an Ghaedhilge gá múnadh go teasuidhe air leathtaobh ná fairrge ó Chathair Dhomhnaill go Cathair Saidhbhín. Ameasg na maighis- tireadh a thionólas go ráitheamhail i g-Cathair Saidhbhín tá aoinne deug barántamhail air an nGhaedhilge do mhúnadh 'na scoilibh. Fuair beirt díobh so a mbarántacht i n-Iul, 1885, agus do bhí aosóga lé ceistiughadh 'na scóilibh in 1886: d'fhreagradar go crei- deamhnach. Ó'n am sin is beag bliadhain nach bhfuil meudughadh ag dul air an droing atá tio- dalamhail air ár dteangainn mháthardha do mhúnadh, agus do bhrigh gur labhair furmhór na maighistireadh so a dteanga dhúthchuis ó n-a mbróncaibh níor theip air aon neach dhíobh a bharántacht d'fhaghbháil chum í do mhúnadh, an t-an do chuadar dhá lorg. Chomh fada agus is féidir liom-sa do bhreithniughadh, taithneann an Ghaedhilge lé h-aosógaibh na sgol chomh mór lé h-aon ní eile a mhúintear dhóibh. Is maith lé n-a muintir, mar an gceudna, taobh amuigh d' fhír-bheagán, a bpáisdidhe d'fheicsint agus do chlos ag leigheadh agus ag rádh ó mheabhair chinn, na sgeul agus na n-abhrán san “Leabhar Sgeuluidheachta,” i “g-Cois na Teineadh,” agus i “nDuainaire na Nuadh- Ghaedhilge,” atá i láimh beagnach gach n-aon díobh tré mhór-chroidheacht agus tré thír-ghrádh an t-Saoi oirbh. E. D. MacCliabhair, do bhronn air na scoilibh iad. Tá mian Gaedhilge do léigheadh agus d'fhoghluim meuduighthe go mór ó fhoirleith- neacht na leabhar so agus leabhar eile do bhronn an Saoi ceudna air na scoilibh. I bhfogus do'n áit so táid ocht scoile in a
múintear Gaedhilge do dhá cheud go leith air an áireamh is lugha, agus ó faghthar díol as timcheall cúigear do'n seisear díobh so, faghaid na maighistiridhe gach bliadhain níosa mhó ná trí púint deug gach duine dhíobh lé chéile, gan trácht air na bronntanasaibh do dheunann an Saoi Mac Cliabhair (cúig púint do'n scoil is feárr agus dhá phúnt do'n dara scoil san gCondae), ná air na leabhraibh le d'fhaghaid lucht múinte na Gaedhilge ó am go h-am ó'n Árdscoil Ríoghamhail Éirean- naigh. Níorbh iongnadh go g-cuirfeadh na nidhthe so amháin spor i g-cliathánaibh tírghradhacha na maighistireadh so i g-Ciarraighe a labhras Gaedhilge gac lá d'a saoghal acht nach dtu- geann aon chongnadh eile lé í choimheud beo. Tá aithreachas orm do rádh nach bhfuil an Teagasg Críosduidhe Gaedhilge d'á mhúnadh anois chomh coitchionnta agus do bhidheadh sé deich mbliadhna fichid ó soin; acht air a shon sin fós tá an Ghaedhilge, moladh lé Dia, ag tógbháil a cinn go h-ónórach seach an t-am do bhidheas féin am gharsún, nuair do leath- mharbhadh mo shean-mhaighistir mé do thaobh bheith “ag labhairt na Gaedhilge agus ag lot an Bheurla.” Is mé etc. FÍONÁN UA LOINGSIGH. Márta, 1892 A Athair ionurramtha, Ag so dhuit, chum meisnighe do thabhairt do na tionnsgantóiribh greas i nGaedhilge do righneadh lé duine féin-theagasgtha nár labhair focal Gaedhilge riamh agus nár chuala riamh ag a labhairt í, óir do chaith sé a shaoghal i bhfad ameasg Sacsannach agus eachtrannach eile. Timcheall cúig mbliadhain deug ó shin do sgríobhadh an dá chanamhain Thíre-só-thuinn .i. an Olandaois agus an Fhlamaois i modhaibh eugcosamhla. Do righneadar Ollaimh an dá chríoch feis agus oireachtas, agus do chinnea- dar reachta socruighthe do'n teangaidh, agus mar sin sgríobhaid an dá mhuintir in aon nós ó shin amach. Cad fá nach mb' fhéidir an nidh ghlic ghaos- mhar cheudna do dheunadh eadrainne? Agus mar nac bhfuil canamhain ganl ochtaibh agus gan forglaidhe, agus mar atáid muintire ár g-cúigeadh eudmhar lé chéile do fheudfa- daois an Sacsannach oirdhearc eolgach úd, ughdar an “Trí bior-ghaoithe,” do roghain mar nachtarán, is mó thuilleas ó'n tír ná fur- mhór de na h-Éireannachaibh. Munab féidir so do dheunadh, do leanfadaois na fogh- lamuidhidh uile céimeanna an Irisleabhair dá dtabhradh sé athchumaireacht riughail d'aslabhradh líomhtha liteardha etc. ar na rianaibh sin. Is mian liomsin d'fhaicsin, óir ní fhuil dhá sgríobhán nó Graiméir adeir an nídh cheudna ann, ná fós dhá fhoclóir scríobhas in aon nós. DALLÁN GAN EOLUIGHE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services