Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Correspondence.

Title
Correspondence.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CORRESPONDENCE



IRISH IN THE NATIONAL SCHOOLS.



Cill mhic Ciaráin
In aice Cathrach Saidhbhín.



A Shaoi oirbhidnigh,



Gabhaim orm sgríobhadh do'n Irislea-
bhar lé cúntus éigin do thabhairt air an
múnadh atá air an nGaedhilge san g-ceannt-
racht so, agus deunaim é so air dhá fháth: an
cheud fáth, lé súil go mbroisdeóchainn na
maighistiridhe scoile so de'n taobh shiardheas
de chontae fír-eolach Chiarraighe nach fuil ag
múnadh na Gaedhilge fós chum cabhruighthe
leis sin an g-cúis ársa; agus an dara fáth,
do bhrígh gur iarr duine uasal orm so do
dheunadh náchar bh'fhéidir liom d'eiteach gan
mí-mheas do thabhairt orm féin.



Tá áthas agus mórdháil orm do rádh go
bhfuil an Ghaedhilge gá múnadh go teasuidhe
air leathtaobh ná fairrge ó Chathair Dhomhnaill
go Cathair Saidhbhín. Ameasg na maighis-
tireadh a thionólas go ráitheamhail i g-Cathair
Saidhbhín tá aoinne deug barántamhail air
an nGhaedhilge do mhúnadh 'na scoilibh. Fuair
beirt díobh so a mbarántacht i n-Iul, 1885,
agus do bhí aosóga lé ceistiughadh 'na
scóilibh in 1886: d'fhreagradar go crei-
deamhnach.



Ó'n am sin is beag bliadhain nach bhfuil
meudughadh ag dul air an droing atá tio-
dalamhail air ár dteangainn mháthardha do
mhúnadh, agus do bhrigh gur labhair furmhór
na maighistireadh so a dteanga dhúthchuis ó
n-a mbróncaibh níor theip air aon neach dhíobh
a bharántacht d'fhaghbháil chum í do mhúnadh, an
t-an do chuadar dhá lorg.



Chomh fada agus is féidir liom-sa do
bhreithniughadh, taithneann an Ghaedhilge lé
h-aosógaibh na sgol chomh mór lé h-aon ní
eile a mhúintear dhóibh. Is maith lé n-a
muintir, mar an gceudna, taobh amuigh d'
fhír-bheagán, a bpáisdidhe d'fheicsint agus do
chlos ag leigheadh agus ag rádh ó mheabhair
chinn, na sgeul agus na n-abhrán san
“Leabhar Sgeuluidheachta,” i “g-Cois na
Teineadh,” agus i “nDuainaire na Nuadh-
Ghaedhilge,” atá i láimh beagnach gach n-aon
díobh tré mhór-chroidheacht agus tré thír-ghrádh
an t-Saoi oirbh. E. D. MacCliabhair, do
bhronn air na scoilibh iad.



Tá mian Gaedhilge do léigheadh agus
d'fhoghluim meuduighthe go mór ó fhoirleith-
neacht na leabhar so agus leabhar eile do
bhronn an Saoi ceudna air na scoilibh. I
bhfogus do'n áit so táid ocht scoile in a


L. 141


múintear Gaedhilge do dhá cheud go leith air
an áireamh is lugha, agus ó faghthar díol as
timcheall cúigear do'n seisear díobh so,
faghaid na maighistiridhe gach bliadhain níosa
mhó ná trí púint deug gach duine dhíobh lé
chéile, gan trácht air na bronntanasaibh do
dheunann an Saoi Mac Cliabhair (cúig púint
do'n scoil is feárr agus dhá phúnt do'n dara
scoil san gCondae), ná air na leabhraibh le
d'fhaghaid lucht múinte na Gaedhilge ó am
go h-am ó'n Árdscoil Ríoghamhail Éirean-
naigh.



Níorbh iongnadh go g-cuirfeadh na nidhthe so
amháin spor i g-cliathánaibh tírghradhacha na
maighistireadh so i g-Ciarraighe a labhras
Gaedhilge gac lá d'a saoghal acht nach dtu-
geann aon chongnadh eile lé í choimheud beo.



Tá aithreachas orm do rádh nach bhfuil an
Teagasg Críosduidhe Gaedhilge d'á mhúnadh
anois chomh coitchionnta agus do bhidheadh sé
deich mbliadhna fichid ó soin; acht air a shon
sin fós tá an Ghaedhilge, moladh lé Dia, ag
tógbháil a cinn go h-ónórach seach an t-am
do bhidheas féin am gharsún, nuair do leath-
mharbhadh mo shean-mhaighistir mé do thaobh
bheith “ag labhairt na Gaedhilge agus ag lot
an Bheurla.”



Is mé etc.



FÍONÁN UA LOINGSIGH.



Márta, 1892



A Athair ionurramtha,



Ag so dhuit, chum meisnighe do thabhairt
do na tionnsgantóiribh greas i nGaedhilge
do righneadh lé duine féin-theagasgtha nár
labhair focal Gaedhilge riamh agus nár
chuala riamh ag a labhairt í, óir do chaith sé a
shaoghal i bhfad ameasg Sacsannach agus
eachtrannach eile.



Timcheall cúig mbliadhain deug ó shin do
sgríobhadh an dá chanamhain Thíre-só-thuinn .i.
an Olandaois agus an Fhlamaois i modhaibh
eugcosamhla. Do righneadar Ollaimh an dá
chríoch feis agus oireachtas, agus do chinnea-
dar reachta socruighthe do'n teangaidh, agus
mar sin sgríobhaid an dá mhuintir in aon
nós ó shin amach.



Cad fá nach mb' fhéidir an nidh ghlic ghaos-
mhar cheudna do dheunadh eadrainne? Agus
mar nac bhfuil canamhain ganl ochtaibh agus
gan forglaidhe, agus mar atáid muintire
ár g-cúigeadh eudmhar lé chéile do fheudfa-
daois an Sacsannach oirdhearc eolgach úd,
ughdar an “Trí bior-ghaoithe,” do roghain mar
nachtarán, is mó thuilleas ó'n tír ná fur-
mhór de na h-Éireannachaibh. Munab féidir
so do dheunadh, do leanfadaois na fogh-
lamuidhidh uile céimeanna an Irisleabhair
dá dtabhradh sé athchumaireacht riughail
d'aslabhradh líomhtha liteardha etc. ar na
rianaibh sin.



Is mian liomsin d'fhaicsin, óir ní fhuil dhá
sgríobhán nó Graiméir adeir an nídh cheudna
ann, ná fós dhá fhoclóir scríobhas in aon
nós.



DALLÁN GAN EOLUIGHE.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services