Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filleadh Aoidh Ruaidh Ui Dhomhnaill. A. D. 1592.
Title
Filleadh Aoidh Ruaidh Ui Dhomhnaill. A. D. 1592.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FILLEADH AOIDH RUAIDH UI DHOMHNAILL. A.D. 1592 Is líonta anocht atá "Caisleán an Uisge", Is lonnrach gach fuinneóg ó thalamh go díon; Gidh fairsing an fíon ann, ní'l callán ná meisge Ag musgailt mac-alla na sean-taobhán críon. Tá sláintidhe 'ga n-ól ann le taoisighibh treuna Do cheannphort a n-duthaigh tá leo-san arís; Acht air maidin a mbárach, le h-éirighe na gréine, Béidh mustar níos mnó air an leuna úd shíos. Feuch, cheana tá'n nuaidheacht thar mhór-leath na tíre, Tá teachtairidhe lúthmhar' a' bhualadh na slighe, Ag dúsachd tréin-spioraid in anamnaibh fíora, 'S ag gríosadh na cródhachda tá fós in gach croidhe. Feuch, feuch! tá na teinte air mhullach gach sléibhe Ag freagairt an fhógra tré dhubhachd a's ceó, Gidh dearg a lasadh, béidh pícidhe 'gus cloidhmhe Níos deirge go luath i g-cogadh níos teó. Glóir, glóir, a Thír-Chonnaill! le tréimhse gan cabhair, Suas, suas gach clann chródha ó'n bh-Finn go Ros-Eoghain, Air aghaidh, a laochra, ó Mháilionn go Samhair, Bíodh luathgháir anocht ag cur díbirt air bhrón. Nach g-cluintí an gháir úd a' líonadh na spéire, Mar thóírnigh ag reubadh tré chiuineas na n-gleann? Nach g-cluintí guth-fháilte na n-daoineadh ag éirigh? “Hurrá! tá Aodh Ruadh arís ós ár g-ceann!” Níos sia ná bidhidh a's gruaim in bhur g-croidhthibh, Tá dóthchas a' briseadh air Éirinn go léir; A n-dé bhí an t-sean-chúis faoi neultaibh na h-oidhche, Amárach béidh dath úr air fhairsinge spéir'. Amárac béidh solus geal gréine ag sileadh Áir chath-bhrat Thír-Chonnaill a' crothadh 'sa n-gaoith, Béidh mílte fear treun againn réidh le n-a m-buille, 'S béidh Aodh óg Ua Domhnaill ag treó- rughadh faoi. Is diomhaoin le bliadhanthaibh bhi gliceas gach láimhe, Is meirgeach a d'éirigh gach píc' air a crann; Acht bheathaigh an sgith sin smior úr in ár g-cnamha', 'S d'fág meirg diomhaoinis níos géire gach lann. Mar méaduighthear neart agus luathas na h-aibhne Le fearthainn an fhóghmhair d'éis tiormachda míos, Is ámhlaidh béidh sáthadh ár n-arm níos doimhne 'Nuair castar na Sacsanaighe orrainn arís. O! taraidh go taraidh, laoch-coise 'gus marcach, Ó chnocaibh a's gleanntaibh air fud Dhuin- na-nGall, Tá trom-chíos le díol ag an t-sean-namhaid beartach A geineadh 'nna ghaduidhe, 's a tógadh 'measg feall. Is fada gach fear dínn go foighideach a' fanacht
Le filleadh ár n-grádh ghil ó charcar Ath' Chliath, Chum buille do bhualadh, 's chum saoirse do cheannacht Le daor-fhuil ar g-croidhtheadh, má's toil é le Dhia. Ná fanaidh! tá cnámha sean-sinnsear Ui Dhomhnaill, Ag glaodhach chum díoghaltais o lámhaibh a g-clann; Béidh fiacha le h-íoc ag gach fear i d-Tír- Chonnaill Chomh fhad a's tá lorg aoin sgriosadór' ann. La chéile! le chéile! béidh feallta Loch Suilidhe Glan-nighte gan mhoill i bh-fuil Sacsanach teann, Air aghaidh! air aghaidh chum saoirse, a mhílidhe, Tá'n ceart air ár d-taoibh 's tá Aodh óg ós ar g-ceann. “PÁDRAIC”. = Pádraig Ó Beirn, Málainn Bhig, DG
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services