FILLEADH AOIDH RUAIDH UI DHOMHNAILL.
A.D. 1592
Is líonta anocht atá "Caisleán an Uisge",
Is lonnrach gach fuinneóg ó thalamh go
díon;
Gidh fairsing an fíon ann, ní'l callán ná
meisge
Ag musgailt mac-alla na sean-taobhán
críon.
Tá sláintidhe 'ga n-ól ann le taoisighibh
treuna
Do cheannphort a n-duthaigh tá leo-san
arís;
Acht air maidin a mbárach, le h-éirighe na
gréine,
Béidh mustar níos mnó air an leuna úd
shíos.
Feuch, cheana tá'n nuaidheacht thar mhór-leath
na tíre,
Tá teachtairidhe lúthmhar' a' bhualadh na
slighe,
Ag dúsachd tréin-spioraid in anamnaibh
fíora,
'S ag gríosadh na cródhachda tá fós in gach
croidhe.
Feuch, feuch! tá na teinte air mhullach gach
sléibhe
Ag freagairt an fhógra tré dhubhachd a's
ceó,
Gidh dearg a lasadh, béidh pícidhe 'gus cloidhmhe
Níos deirge go luath i g-cogadh níos teó.
Glóir, glóir, a Thír-Chonnaill! le tréimhse
gan cabhair,
Suas, suas gach clann chródha ó'n bh-Finn go
Ros-Eoghain,
Air aghaidh, a laochra, ó Mháilionn go Samhair,
Bíodh luathgháir anocht ag cur díbirt air
bhrón.
Nach g-cluintí an gháir úd a' líonadh na
spéire,
Mar thóírnigh ag reubadh tré chiuineas na
n-gleann?
Nach g-cluintí guth-fháilte na n-daoineadh ag
éirigh?
“Hurrá! tá Aodh Ruadh arís ós ár
g-ceann!”
Níos sia ná bidhidh a's gruaim in bhur
g-croidhthibh,
Tá dóthchas a' briseadh air Éirinn go léir;
A n-dé bhí an t-sean-chúis faoi neultaibh na
h-oidhche,
Amárach béidh dath úr air fhairsinge spéir'.
Amárac béidh solus geal gréine ag sileadh
Áir chath-bhrat Thír-Chonnaill a' crothadh 'sa
n-gaoith,
Béidh mílte fear treun againn réidh le
n-a m-buille,
'S béidh Aodh óg Ua Domhnaill ag treó-
rughadh faoi.
Is diomhaoin le bliadhanthaibh bhi gliceas gach
láimhe,
Is meirgeach a d'éirigh gach píc' air a
crann;
Acht bheathaigh an sgith sin smior úr in ár
g-cnamha',
'S d'fág meirg diomhaoinis níos géire gach
lann.
Mar méaduighthear neart agus luathas na
h-aibhne
Le fearthainn an fhóghmhair d'éis tiormachda
míos,
Is ámhlaidh béidh sáthadh ár n-arm níos
doimhne
'Nuair castar na Sacsanaighe orrainn
arís.
O! taraidh go taraidh, laoch-coise 'gus
marcach,
Ó chnocaibh a's gleanntaibh air fud Dhuin-
na-nGall,
Tá trom-chíos le díol ag an t-sean-namhaid
beartach
A geineadh 'nna ghaduidhe, 's a tógadh
'measg feall.
Is fada gach fear dínn go foighideach a'
fanacht
Le filleadh ár n-grádh ghil ó charcar Ath'
Chliath,
Chum buille do bhualadh, 's chum saoirse do
cheannacht
Le daor-fhuil ar g-croidhtheadh, má's toil é
le Dhia.
Ná fanaidh! tá cnámha sean-sinnsear Ui
Dhomhnaill,
Ag glaodhach chum díoghaltais o lámhaibh
a g-clann;
Béidh fiacha le h-íoc ag gach fear i d-Tír-
Chonnaill
Chomh fhad a's tá lorg aoin sgriosadór' ann.
La chéile! le chéile! béidh feallta Loch
Suilidhe
Glan-nighte gan mhoill i bh-fuil Sacsanach
teann,
Air aghaidh! air aghaidh chum saoirse, a mhílidhe,
Tá'n ceart air ár d-taoibh 's tá Aodh óg
ós ar g-ceann.
“PÁDRAIC”. = Pádraig Ó Beirn, Málainn Bhig, DG