Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Slán, slán go deo!
Title
Slán, slán go deo!
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SLÁN, SLÁN GO DEO! I. Shíos air an g-cladach tá an long ann dhá líonadh, A's caithfidh sinn sgaradh fá dheireadh, a stóir! Tá 'n adharc mhór dá séideadh, 's na seolta dá sgaoileadh, Á's béidh mé gan mhoill air an bhfairrge mhóir. Dá mbéidhinn-se 'nois sgaoilte do sgap- fainn mo namhaid; Acht sgaoileadh nó sgapadh ní féidir, faraor! A's ní fada go mbéidh mé air eudan na mara A'g fágbháil mo charad, mo chró a's mo thír'. Slán, slán go deo libh, a chnuic ghlasa Éireann, Slán lé mo mhuintir, a's slán lé mo chró, Slán leis na coilltibh 's lé ceol deas na n-eunach Slán, slán, mo thír féin, slán leat go deo! II. A mháthair, a stóir, tá mo chroidhe buadhartha brónach, Nach truagh do mhac bocht, d'oidhche 's do ló Gan cara, gan cumann, gan cabhair gan cumhdach, Gan aon duine amhain do mo mhuintir níos mó! Acht biadh aig mo namhaid, ní feáirrde dhóibh aon nidh, Béidh buaidhreadh a's brón ann go deireadh an tsaoghail, Slán libh go h-iomlán a's slán libh a choidhche Slán, slán go bráth libh, mo thír a's mo ghaoil! S. P. C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services