SLÁN, SLÁN GO DEO!
I.
Shíos air an g-cladach tá an long ann dhá
líonadh,
A's caithfidh sinn sgaradh fá dheireadh, a
stóir!
Tá 'n adharc mhór dá séideadh, 's na seolta
dá sgaoileadh,
Á's béidh mé gan mhoill air an bhfairrge
mhóir.
Dá mbéidhinn-se 'nois sgaoilte do sgap-
fainn mo namhaid;
Acht sgaoileadh nó sgapadh ní féidir, faraor!
A's ní fada go mbéidh mé air eudan na
mara
A'g fágbháil mo charad, mo chró a's mo thír'.
Slán, slán go deo libh, a chnuic
ghlasa Éireann,
Slán lé mo mhuintir, a's slán lé
mo chró,
Slán leis na coilltibh 's lé ceol
deas na n-eunach
Slán, slán, mo thír féin, slán leat
go deo!
II.
A mháthair, a stóir, tá mo chroidhe buadhartha
brónach,
Nach truagh do mhac bocht, d'oidhche 's do ló
Gan cara, gan cumann, gan cabhair gan
cumhdach,
Gan aon duine amhain do mo mhuintir níos
mó!
Acht biadh aig mo namhaid, ní feáirrde dhóibh
aon nidh,
Béidh buaidhreadh a's brón ann go deireadh
an tsaoghail,
Slán libh go h-iomlán a's slán libh a choidhche
Slán, slán go bráth libh, mo thír a's mo
ghaoil!
S. P. C.