Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gleann 'nn ar tógadh mé.
Title
An Gleann 'nn ar tógadh mé.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GLEANN 'NN AR TÓGADH MÉ An Chraoibhín Aoibhinn do chan. O áit go h-áit budh bhreágh mo shiúbhal, A's b'árd mo léim air bhárr an t-sléibh San uisge fíor budh mhór mo dhúil, 'S budh bheó mo chroidhe i lár mo chléibh, Mar chois an gheirrfhiadh bhí mo chos, Mar iarann gach alt a's féith, Bhí 'n sonas rómham, anall 's abhus, Ann san ngleann 'nn ar tógadh mé. Budh chuma liom-sa fear air bith, Budh chuma liom an domhan iomlán, Mar rith an fhiadh bhí mo rith, Mar shruth an t-sléibhe dul le fán; A's ní raibh rud air bith 'san domhan Nach ndearnas (da m-budh mhaith liom é) Do léim mo bhád air bhárr na n-abhann Ann san ngleann 'nn ar tógadh mé. Gach nidh d'á bh-facas le mo shúil Bhí sé, dar liom, air dhath an óir, Is anamh dhearcamn air mo chúl, Acht dul air aghaidh le misneach mór; Do leanfainn-se gan stad gan sgith Mo rún (dá g-cuirfinn rómham-sa é); Do bhéarfainn, dar liom, air an ngaoith, Ann san ngleann 'nn ar togadh mé. Ní h-amhlaidh tá sé liom anois! Do bhí mé luath, a's tá mé mall; Is é, mo leun! an aois do bhris Sean-neart mo chroidhe a's lúth mo bhall. Do chaill mé mórán, 's fuair mé fios Air mhórán; Och! ni sásughadh é! Mo leun! mo leun! gan mise arís ag 'san ngleann 'nn ar tógadh mé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services