Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Gleann 'nn ar tógadh mé.

Title
An Gleann 'nn ar tógadh mé.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN GLEANN 'NN AR TÓGADH MÉ



An Chraoibhín Aoibhinn do chan.



O áit go h-áit budh bhreágh mo shiúbhal,
A's b'árd mo léim air bhárr an t-sléibh
San uisge fíor budh mhór mo dhúil,
'S budh bheó mo chroidhe i lár mo chléibh,
Mar chois an gheirrfhiadh bhí mo chos,
Mar iarann gach alt a's féith,
Bhí 'n sonas rómham, anall 's abhus,
Ann san ngleann 'nn ar tógadh mé.



Budh chuma liom-sa fear air bith,
Budh chuma liom an domhan iomlán,
Mar rith an fhiadh bhí mo rith,
Mar shruth an t-sléibhe dul le fán;
A's ní raibh rud air bith 'san domhan
Nach ndearnas (da m-budh mhaith liom é)
Do léim mo bhád air bhárr na n-abhann
Ann san ngleann 'nn ar tógadh mé.



Gach nidh d'á bh-facas le mo shúil
Bhí sé, dar liom, air dhath an óir,
Is anamh dhearcamn air mo chúl,
Acht dul air aghaidh le misneach mór;
Do leanfainn-se gan stad gan sgith
Mo rún (dá g-cuirfinn rómham-sa é);
Do bhéarfainn, dar liom, air an ngaoith,
Ann san ngleann 'nn ar togadh mé.



Ní h-amhlaidh tá sé liom anois!
Do bhí mé luath, a's tá mé mall;
Is é, mo leun! an aois do bhris
Sean-neart mo chroidhe a's lúth mo bhall.
Do chaill mé mórán, 's fuair mé fios
Air mhórán; Och! ni sásughadh é!
Mo leun! mo leun! gan mise arís
ag 'san ngleann 'nn ar tógadh mé.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services