Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mo phíopa ghoirid, dhonn.
Title
Mo phíopa ghoirid, dhonn.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MO PHÍOPA GHOIRID, DHONN. Is iomadh buille searbh, trom, Do fuaras in mo shaoghal; Is minic bhí mo phócaidhe lom, 'Gus cíos na míos gan díol; Acht in gach buaidhreadh, beag no mór, Ní raibh mé riamh gan fonn, 'Nuair phógas thú, mo míle stór, Mo phíopa ghoirid, dhonn. Mo bheannacht ort a chára fhíor, Ceud beannacht air do cheann; Ní iarraim grádh acht thú go síor, Mo phíopa ghoirid, dhonn. An lá a d'fhág mé tír mo bhreith' Le dul air fud an domhain, Ba frásach thuit mo dheóra teith', Ba gheur, ro-gheur mo bhrón, — I stoirm, síon; i n-goimh no gádh Air fhairsingeacht na d-tonn, Fuair mise sólás in mo chrádh ó m' phíopa ghoirid, dhonn. 'Gus dúbhras leat: “A chára fhior, Ceud beannacht air do cheann; Ní'l agam 'nois acht thú, faraoir! Mo phíopa ghoirid, dhonn.”
'Nuair casadh thusa liom air d-tús, Ba sgiamhach thú, 'gus bán, Bhí snas na h-óige air do ghnúis, A's bhí do cholann slán; Anois atá tú féin 'gus mé Níos sine bh-fad, mo ghrádh, Chuaidh fiche samhradh thart a n-dé a bhí tú in do bhláth. Acht, beannacht ort, a chára fhíor, Ceud beannacht air do cheann; Ní féidir linn bheith óg go síor, Mo phíopa ghoirid, dhonn. Ba cheannsa thú, a rúin mo chroidhe, 'Gus deirim é, a stóir, Gur minic fuarais in mho dhíth An cúram ná'r ba chóir. Is minic, minic bhuail mé féin An sméaróid air do chár, 'S ní dúbhrais liom ariam: “Mo leun! Gan agad ciall níos feárr!” Ba foighideach thú, a chára fhíor, 'Nuair sgoilt mé síos do cheann; Béidh lorg loite ann go síor, Mo phíopa ghoirid, dhonn. Mo chreach! 'nuair dhearcaim air an t-saoghal, 'S air nós na n-daoineadh ann, A thréigeas bráthair ins an m-baoghal Chuir Dia ós a g-cionn — 'Nuair smuainim féin gur ionnan cré Na píopa, fir gus mná, Ní iongantach é má cluintear mé Ag seinm liom go bráth:— Mo bheannacht ort, a chára fhíor, Ceud beannacht air do cheann; Ní sgarfar tú 'gus mé go síor, Mo phíopa ghoirid, dhonn! “PÁDRAIC”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services