MO PHÍOPA GHOIRID, DHONN.
Is iomadh buille searbh, trom,
Do fuaras in mo shaoghal;
Is minic bhí mo phócaidhe lom,
'Gus cíos na míos gan díol;
Acht in gach buaidhreadh, beag no mór,
Ní raibh mé riamh gan fonn,
'Nuair phógas thú, mo míle stór,
Mo phíopa ghoirid, dhonn.
Mo bheannacht ort a chára fhíor,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní iarraim grádh acht thú go síor,
Mo phíopa ghoirid, dhonn.
An lá a d'fhág mé tír mo bhreith'
Le dul air fud an domhain,
Ba frásach thuit mo dheóra teith',
Ba gheur, ro-gheur mo bhrón, —
I stoirm, síon; i n-goimh no gádh
Air fhairsingeacht na d-tonn,
Fuair mise sólás in mo chrádh
ó m' phíopa ghoirid, dhonn.
'Gus dúbhras leat: “A chára fhior,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní'l agam 'nois acht thú, faraoir!
Mo phíopa ghoirid, dhonn.”
'Nuair casadh thusa liom air d-tús,
Ba sgiamhach thú, 'gus bán,
Bhí snas na h-óige air do ghnúis,
A's bhí do cholann slán;
Anois atá tú féin 'gus mé
Níos sine bh-fad, mo ghrádh,
Chuaidh fiche samhradh thart a n-dé
a bhí tú in do bhláth.
Acht, beannacht ort, a chára fhíor,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní féidir linn bheith óg go síor,
Mo phíopa ghoirid, dhonn.
Ba cheannsa thú, a rúin mo chroidhe,
'Gus deirim é, a stóir,
Gur minic fuarais in mho dhíth
An cúram ná'r ba chóir.
Is minic, minic bhuail mé féin
An sméaróid air do chár,
'S ní dúbhrais liom ariam: “Mo leun!
Gan agad ciall níos feárr!”
Ba foighideach thú, a chára fhíor,
'Nuair sgoilt mé síos do cheann;
Béidh lorg loite ann go síor,
Mo phíopa ghoirid, dhonn.
Mo chreach! 'nuair dhearcaim air an t-saoghal,
'S air nós na n-daoineadh ann,
A thréigeas bráthair ins an m-baoghal
Chuir Dia ós a g-cionn —
'Nuair smuainim féin gur ionnan cré
Na píopa, fir gus mná,
Ní iongantach é má cluintear mé
Ag seinm liom go bráth:—
Mo bheannacht ort, a chára fhíor,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní sgarfar tú 'gus mé go síor,
Mo phíopa ghoirid, dhonn!
“PÁDRAIC”