Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair Éadhmoinn Ui Chleirigh do réir Sheaghain Ui Neachtain.
Title
Stair Éadhmoinn Ui Chleirigh do réir Sheaghain Ui Neachtain.
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
STAIR ÉADHMOINN UI CHLÉIRIGH DO RÉIR SHEAGHAIN UI NEACHTAIN Do rug air, agus do rinne poll ina lár, agus do chuir a cheann tríd an b-poll i ngleus go raibh leith an chadogha roimhe, agus an leith eile 'na dhiaidh. An tráth chonnairc Éadhmonn é féin 'san riocht sin, a seadh a dubhairt leis féin; uru Éadhmoinn, an féidir gur tú Éadhmonn? n-Domhnach, má's tú, ní tú Éadhmonn ó Cléirigh bhí a n-allód againn: 'sis cosamhla le Gilbiort ó Giobúin thú 'ná le h-Éadhmonn o Cléirigh. Do bhí mar so, ag gnáth dhol 'san m-bealach, go d-tárla fear craos-leathan bolg-mhór air gabhail le h-ais reilge teampuil; agus an tráth do chonnairc an fear é,do stad air a chéim, agus a dubhairt, Conjuro te in nomine Patris eit Filii, et Spiritus Sancti, ut narres mihi quid vis ut pro te faciam? A dubhairt Éadhmonn, dh'á fhreagra: Non opus est ut me conjures, nam con- juratus et valde turbatus sum ante. A mhaighistir, a ghrádh, ar buachaill do bhí a n-aice an fhir mhóir, atámaoid air lom- fhághail; cad é rud no cread a dubhairt? Eisd, ar an fear mór, tarruing amach do pháidrín, agus guidh Dia, óir is spiorad é; agus an uair do chuir mise faoi gheasaibh a laidionn é, do fhreagair a Laindionn, agus a dubhairt go raibhe geasa agus buaidhreadh go leor air féin cheana agus nach ar riachtanach geasa nuadha air bith do chur air. Is cóir a deirthear go m-bí gach uile sheort teangan ag spiorad. Páireir, páiteir, a mhaighistir, a Mhúirnín, Abair pháiteir agus labhair a nGaoidheilg leis. An uair a d'aithin Éadhmonn an phrádhainn in a rabhadar, do chuir buirfeadh anmhór air nos tairbh as, óir d'aithin go fíor-mhaith go m-budh shagart an fear mór: Do rinne ann sin meigiollach mar ghabhar, agus amhus- tradh mar mhadadh. Do léig annn so an sagart é féin air a ghlúinibh, agus é air coimh-chrioth, agus a dubhairt naisgim féin ort, i n-Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh, a innsin dam cread é an buaidhreadh atá ort, nó an féidir Liom- sa cabhair do thabhairt duit? Agus má's feidir do bhearadh gan amhrus, gan eura, gan imreasán duit é. Is féidir, maiseadh, ar an spiorad, agus i ngleus go d-tuigfidh tú siocair mo bhuaidh- ridh; an uair do bhí mé saoghalta mar ibhse, do thuit mé i d-tinneas anmhór, agus do thugadar na leagha breitheamhnus báis orm, i módh go n-dubhairt na h-uile nach raibh dáil éirghe go bráth agam. Do cuireadh fios air shagart dam, agus do fuair mé ceart na h- eaglaise. Ann sin do smuain mé go m- budh cóir dam léagáid éigin d'fagbháil aig an eaglaiseach maith do fuair an oiread sin dom dhochair agus fuair sé-sean. Ní raibh do mhaoin shaoghalta agam dár bh-fiú dham lámh do síneadh do-san leis acht léine cealtrach nár chuir mé air mo dhruim ariamh, agus péire bróg agus stocaaidhe nach deachaidh air chosa duine air bith riamh. Do bhronn mé iad so dho dá rachainn d'eug don éag- cruas sin in a raibh mé. Do rug sé-sean an t-iomlán díobh so leis do láthair, gan
fuireach le mo bhás féin. Do fuair mise faoithiughadh air na mhárach; agus an tráth shaoil mé mo choisbheart do chur orm, do h-innseadh dham go d-tug an sagart leis iad féin agus mo léine. An rug ar sa mise, agus mé féin beó? Nar théidh sé- sean go flaithios Dé, na go h-ifrionn choidhche, ná mise fós, acht aig bruimnigh idir neulaibh, go m-bainfidh mise léine, bróga, agus stocaidhe dhe féin, nó de shagart éige eile air a shon. Agus anois, atáim le trí bliadhnaibh mo gheoinneach deireoil, mar chídh tú, ó shagart go sagart, agus ó thom go to. Agus anois thug mo aingeal coimhdeachta orm a theacht dot fhorruidh-se ag iarruidh fóirighne ort. Go bh-fóiridh Dia na glóire ort, is truagh do chor, agus ní thaisdeoghaidh mo chungnamh- sa uait chum do leasa agus do shlánuighthe, ar an sagart, ag teilgion a bhróga, a stoc- aidhe, agus a léine chuige; ag rádh, ag so dhuit [iad] agus mo mhíle beannacht led chum do shláinte. Do ghlac an spiorad go fonn- mhar iad, agus a dubhairt, mar is lón anma agus cuirp damhsa [iad] so, go m-budh lón siorruighe air neamh duit-se é [iad?]. D'imigh an sagart ann so air nós a mhaighistir, gan bhróig, gan bhuatais, d'á árus féin do bhí a dó no a trí do mhíltibh uadh; ag innsin d'á phobal go minic ar éirigh dho, agus cionnus do shábhail sé anam do bhí 'na ró-phráidhinn. (le bheith leanta)
VOCABULARY, NOTES, AGUS C. Craos, a mouth; nearly always a wide mouth. Allod, an obsolete term, except in the phrase a n-allod, in the old times. Ceart, rights (rites of the Church, extreme unction, etc. Cosamhla (comparative of cosmhuil, like) more like, Le, to. Meigiollach, a bleating like a goat, Amhustradh, a barking; this is sceamhaoil in Waterford. [Gláim, the low whimpering sound which dogs emit, and is indicative of grief; ualthairt, that long-continued dismal howl which we sometimes hear from dogs at night, and which in Ireland, at this day is considered the sure omen of some near misfortune - most generally a warning that one of the family will soon die. Glamaoil, that single yell which hounds sometimes five when scattered up and down, loking for their game. When the com- bined pack makes but one body of sound, this is called geoin." - Barron's Magazine.] Can our readers make re- marks on or add to this? Dom' (do mo in MS.) dhochar: duadh, or triobloid, or olc, would be said in Munster instead of dochar; dom' duadh, trouble about me. Dar bh' siu dham lámh do shíneadh dho-san (chuige sin) leis, which it was worth while to reach my hand to him with. Cealtair, clothes; léine cealtrach, perhaps to dis- tinguish it from léine aifrinn, the alb; and from eis- léine, a shroud. Faoithiughadh, in Waterford, faothamh or biseach, the crisis in a fever. When a person gets over this crisis, they say: do fuair se faothamh. Mar is lon, etc., in Waterford. This formula was very common in the mouth of beggars 60 years ago.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services