Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair Éadhmoinn Ui Chleirigh do réir Sheaghain Ui Neachtain.

Title
Stair Éadhmoinn Ui Chleirigh do réir Sheaghain Ui Neachtain.
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

STAIR ÉADHMOINN UI CHLÉIRIGH DO
RÉIR SHEAGHAIN UI NEACHTAIN



Do rug air, agus do rinne poll ina lár,
agus do chuir a cheann tríd an b-poll i
ngleus go raibh leith an chadogha roimhe, agus
an leith eile 'na dhiaidh. An tráth chonnairc
Éadhmonn é féin 'san riocht sin, a seadh a
dubhairt leis féin; uru Éadhmoinn, an
féidir gur tú Éadhmonn? n-Domhnach, má's
tú, ní tú Éadhmonn ó Cléirigh bhí a n-allód
againn: 'sis cosamhla le Gilbiort ó Giobúin
thú 'ná le h-Éadhmonn o Cléirigh.



Do bhí mar so, ag gnáth dhol 'san m-bealach,
go d-tárla fear craos-leathan bolg-mhór
air gabhail le h-ais reilge teampuil;
agus an tráth do chonnairc an fear é,do
stad air a chéim, agus a dubhairt, Conjuro
te in nomine Patris eit Filii, et Spiritus
Sancti, ut narres mihi quid vis ut pro te
faciam? A dubhairt Éadhmonn, dh'á fhreagra:
Non opus est ut me conjures, nam con-
juratus et valde turbatus sum ante.



A mhaighistir, a ghrádh, ar buachaill do bhí a
n-aice an fhir mhóir, atámaoid air lom-
fhághail; cad é rud no cread a dubhairt?
Eisd, ar an fear mór, tarruing amach do
pháidrín, agus guidh Dia, óir is spiorad é;
agus an uair do chuir mise faoi gheasaibh a
laidionn é, do fhreagair a Laindionn, agus a
dubhairt go raibhe geasa agus buaidhreadh go
leor air féin cheana agus nach ar riachtanach
geasa nuadha air bith do chur air. Is cóir a
deirthear go m-bí gach uile sheort teangan
ag spiorad. Páireir, páiteir, a mhaighistir,
a Mhúirnín, Abair pháiteir agus labhair a
nGaoidheilg leis.



An uair a d'aithin Éadhmonn an phrádhainn
in a rabhadar, do chuir buirfeadh anmhór air
nos tairbh as, óir d'aithin go fíor-mhaith go
m-budh shagart an fear mór: Do rinne ann
sin meigiollach mar ghabhar, agus amhus-
tradh mar mhadadh. Do léig annn so an
sagart é féin air a ghlúinibh, agus é air
coimh-chrioth, agus a dubhairt naisgim féin
ort, i n-Ainm an Athar, agus an Mhic, agus
an Spioraid Naoimh, a innsin dam cread é
an buaidhreadh atá ort, nó an féidir Liom-
sa cabhair do thabhairt duit? Agus má's
feidir do bhearadh gan amhrus, gan eura, gan
imreasán duit é.



Is féidir, maiseadh, ar an spiorad, agus
i ngleus go d-tuigfidh tú siocair mo bhuaidh-
ridh; an uair do bhí mé saoghalta mar ibhse,
do thuit mé i d-tinneas anmhór, agus do
thugadar na leagha breitheamhnus báis orm,
i módh go n-dubhairt na h-uile nach raibh dáil
éirghe go bráth agam. Do cuireadh fios air
shagart dam, agus do fuair mé ceart na h-
eaglaise. Ann sin do smuain mé go m-
budh cóir dam léagáid éigin d'fagbháil aig
an eaglaiseach maith do fuair an oiread
sin dom dhochair agus fuair sé-sean. Ní
raibh do mhaoin shaoghalta agam dár bh-fiú
dham lámh do síneadh do-san leis acht léine
cealtrach nár chuir mé air mo dhruim ariamh,
agus péire bróg agus stocaaidhe nach deachaidh
air chosa duine air bith riamh. Do bhronn
mé iad so dho dá rachainn d'eug don éag-
cruas sin in a raibh mé. Do rug sé-sean
an t-iomlán díobh so leis do láthair, gan


L. 83


fuireach le mo bhás féin. Do fuair mise
faoithiughadh air na mhárach; agus an tráth
shaoil mé mo choisbheart do chur orm, do
h-innseadh dham go d-tug an sagart leis
iad féin agus mo léine. An rug ar sa
mise, agus mé féin beó? Nar théidh sé-
sean go flaithios Dé, na go h-ifrionn
choidhche, ná mise fós, acht aig bruimnigh idir
neulaibh, go m-bainfidh mise léine, bróga,
agus stocaidhe dhe féin, nó de shagart éige
eile air a shon. Agus anois, atáim le trí
bliadhnaibh mo gheoinneach deireoil, mar chídh
tú, ó shagart go sagart, agus ó thom go to.
Agus anois thug mo aingeal coimhdeachta
orm a theacht dot fhorruidh-se ag iarruidh
fóirighne ort.



Go bh-fóiridh Dia na glóire ort, is truagh
do chor, agus ní thaisdeoghaidh mo chungnamh-
sa uait chum do leasa agus do shlánuighthe,
ar an sagart, ag teilgion a bhróga, a stoc-
aidhe, agus a léine chuige; ag rádh, ag so
dhuit [iad] agus mo mhíle beannacht led chum
do shláinte. Do ghlac an spiorad go fonn-
mhar iad, agus a dubhairt, mar is lón anma
agus cuirp damhsa [iad] so, go m-budh lón
siorruighe air neamh duit-se é [iad?].
D'imigh an sagart ann so air nós a
mhaighistir, gan bhróig, gan bhuatais, d'á árus
féin do bhí a dó no a trí do mhíltibh uadh;
ag innsin d'á phobal go minic ar éirigh dho,
agus cionnus do shábhail sé anam do bhí 'na
ró-phráidhinn.
(le bheith leanta)


L. 84


VOCABULARY, NOTES, AGUS C.



Craos, a mouth; nearly always a wide mouth. Allod,
an obsolete term, except in the phrase a n-allod, in the
old times.



Ceart, rights (rites of the Church, extreme unction, etc.



Cosamhla (comparative of cosmhuil, like) more like,



Le, to. Meigiollach, a bleating like a goat, Amhustradh,
a barking; this is sceamhaoil in Waterford.



[Gláim, the low whimpering sound which dogs emit,
and is indicative of grief; ualthairt, that long-continued
dismal howl which we sometimes hear from dogs at night,
and which in Ireland, at this day is considered the sure omen
of some near misfortune - most generally a warning
that one of the family will soon die. Glamaoil, that
single yell which hounds sometimes five when scattered
up and down, loking for their game. When the com-
bined pack makes but one body of sound, this is called
geoin." - Barron's Magazine.] Can our readers make re-
marks on or add to this?



Dom' (do mo in MS.) dhochar: duadh, or triobloid, or
olc, would be said in Munster instead of dochar; dom'
duadh, trouble about me.



Dar bh' siu dham lámh do shíneadh dho-san (chuige sin)
leis, which it was worth while to reach my hand to him
with.



Cealtair, clothes; léine cealtrach, perhaps to dis-
tinguish it from léine aifrinn, the alb; and from eis-
léine, a shroud. Faoithiughadh, in Waterford, faothamh or
biseach, the crisis in a fever. When a person gets over this
crisis, they say: do fuair se faothamh.



Mar is lon, etc., in Waterford. This formula was
very common in the mouth of beggars 60 years ago.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services