Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Nóinín.
Title
An Nóinín.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN NÓINÍN. Ná trachd air an rós, gidh gur áluin an bláth é; Ná trachd air an lile chomh bog a's chomh bán; Ná trachd air an t-sóbhrach, gidh deirim gur breágh é; Óir b'fheárr liom 'ná'n t-iomlán aon nóinín amháin. Tabhair dam-sa an nóinín, Is díl liom an nóinín, Och, b'fheárr liom 'ná'n t-iomlán aon nóinín amháin. Acht fós, ní'l sé ceart dam an rós do dhí- mheasadh, Óir go cinnte is cosamhail deirge a bhláth'
Le deirge na sláinte go síorruidhe ag lasadh Na sgéimhe d'fhág nádúir air leaca mo ghrádh. Acht tabhair dam an nóinín, O! cáraim an nóinín, Ní'l fás mar an nóinín 'measg iomláin na m-bláth. Anois, ní'l mé dall timchioll áille na lile A nochduigheas suas as na h-uisgidhibh fúinn, Oir bheireann sí chugam-sa boige 'gus gile An bhraghaid sin mar sneachta a seilbh mo rúin. Acht, grádh chum an nóinín, O! adhraim an nóinín, Ní'l bláth anns an domhan mar an nóinín beag, ciuin. Is áil liom an sóbhrach a d-tosach na bliadhna, Le buidheacht a duilleadh tá beagnach mar ór, Oir bheireann sé chugam dath gruaige is míne A shuigheas mar choróin air éadan mo stóir. Acht measfad an nóinín, A's molfad an nóinín, 'Gus seinnfead an nóinín le h-iomlán mo ghlóir. Nuair dhearcaim an nóinín, a luigheas go h- ísiol, Ag smigeadh go grádhmhar air lorg mo shlighe, Ní fheicim-se sgiamhacht mo chailín ro-uasail, Acht smuainim air mhaitheas 'gus fírinn a croidhe. O! beannachta móra, Céad beannacht 'gus glóire Do'n nóinín, caomh-nóinín mo thíre, a choidhch'! “PÁDRAIC”.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services