Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Nóinín.

Title
An Nóinín.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN NÓINÍN.



Ná trachd air an rós, gidh gur áluin an
bláth é;
Ná trachd air an lile chomh bog a's chomh
bán;
Ná trachd air an t-sóbhrach, gidh deirim gur
breágh é;
Óir b'fheárr liom 'ná'n t-iomlán aon
nóinín amháin.
Tabhair dam-sa an nóinín,
Is díl liom an nóinín,
Och, b'fheárr liom 'ná'n t-iomlán aon
nóinín amháin.



Acht fós, ní'l sé ceart dam an rós do dhí-
mheasadh,
Óir go cinnte is cosamhail deirge a
bhláth'


L. 41


Le deirge na sláinte go síorruidhe ag
lasadh
Na sgéimhe d'fhág nádúir air leaca mo
ghrádh.
Acht tabhair dam an nóinín,
O! cáraim an nóinín,
Ní'l fás mar an nóinín 'measg iomláin
na m-bláth.



Anois, ní'l mé dall timchioll áille na lile
A nochduigheas suas as na h-uisgidhibh
fúinn,
Oir bheireann sí chugam-sa boige 'gus gile
An bhraghaid sin mar sneachta a seilbh mo
rúin.
Acht, grádh chum an nóinín,
O! adhraim an nóinín,
Ní'l bláth anns an domhan mar an nóinín
beag, ciuin.



Is áil liom an sóbhrach a d-tosach na bliadhna,
Le buidheacht a duilleadh tá beagnach mar
ór,
Oir bheireann sé chugam dath gruaige is
míne
A shuigheas mar choróin air éadan mo
stóir.
Acht measfad an nóinín,
A's molfad an nóinín,
'Gus seinnfead an nóinín le h-iomlán
mo ghlóir.



Nuair dhearcaim an nóinín, a luigheas go h-
ísiol,
Ag smigeadh go grádhmhar air lorg mo
shlighe,
Ní fheicim-se sgiamhacht mo chailín ro-uasail,
Acht smuainim air mhaitheas 'gus fírinn a
croidhe.
O! beannachta móra,
Céad beannacht 'gus glóire
Do'n nóinín, caomh-nóinín mo thíre, a
choidhch'!



“PÁDRAIC”.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services