Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Air Naomh Brighid.
Title
Air Naomh Brighid.
Author(s)
Ní Brighide, Máire,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AIR NAOMH BRIGHID. (Sgríobhtha i g-canmhuin na Mumhan). Bhí a sheirbhísigh ariamh aig Dia in gach aois agus in gach roinn de'n domhain. Bhí a naoimh aige fé'n sean-reacht agus níos mó 'ná san fé'n dhlighe nuadh ó'n am a tháinic ár Slánuigh- theóir Iosa Críost air talamh chum slighe na beatha naomhtha do theasbáint do'n chine daona, agus na flaithis do osgailt le'n-a bhás agus le'n-a éis-eirghe. Dá reir sin tá naoimh anns na flathais ó'n domhain shiar agus ó'n domhain shoir, ó'n Áifric agus ó'n Euróip; agus ní'l náisíun 'san Euróip nár thug a chuid féin de sheirbhísig do Dhia. Áirigheann an Eadáile a cuid féin, an Fhrainc mar an g-ceadhna agus an Gharmáin; tá a cuid féin aig Sacsana agus aig Albain, acht ní miste a rádh nach bh-fuil náisíun fé'n ngréin a thug níos mó naoimh do fhlaiteas Dé ná thug talamh na h-Éirionn. Ó aimsir Naoimh Pádraic anuas air feadh na ceudta bliadhan, ní mór go raibh páráiste, air fuad na h-Eirionn o Phortláirge go Sroth-Mhaoille, ná o bheann- Eidir go Gaillimh nach raibh naoimh ann, agus mór-chuid. Bhíadar ann idir fearaibh agus mnaibh, agus bhí mainistreacha fear agus ban- riaghalta sgaipighthe air fuad na tíre. Ameasg ban-naomh na h-Eirionn, ní'l aoinne eile air a bh-fuil a leithéid de ghairm, ná air a bh-fuil clanna-gaodhal chomh ceanamhuil agus atá air Naomh Brighid. Tar éis na Maighdeana Muire féin, b'fheidir nach bh-fuil aon naomh eile níos iongantuidhe ná ár Naomh-pátrún, ná chomh cosamhuil le naomh- máthair Dé, agus dá bhrígh sin is é an ainim
a thugtaidhe uirre 'san t-sean-aimsir, agus a thugtar fós na, “Muire na nGaodhal.” Rugadh Naomh Brighid i g-cúige Laighin 'san g-cúigeadh aois, timpchioll cheithre cheud blíadhain a's dá fhichid déis Chriost. Tháinic sí ó phreamh uasal, mar badh dhe shliocht righeamhuil a h-athair, agus bhí sí 'na naomh, ní amháin ó'n a h-óige, acht ó'n a leanbhuigheacht féin. Aig éirghe suas di, chuir sí iongantas air gach aoinne leis na subhailcidhibh do bhronn Día uirre. Bhí sí umhal, banamhuil, ceannsa, foidhneach; ní theidheadh lag uirre acht ag urnuighthe, mar bhí grádh Dé air lasadh 'na croidhe; bhí sí lán de thruaighmhéil do s na boicht, agus cion máthar aici ortha. Bhí sí chomh tógtha súas le Día ná cuireadh sí suim ans na neithibh is gnáthach le leanbhuidhe pléisiúr d'fhaghail ionnta, agus is é bhidheadh mar chaitheamh aimsire aici ná ag deunadh altórachadh beaga nó áirnéise éigin eile do bhain le tigh Dé. Bhí árd-chomhacht aici ó Dhía, agus is mó míorbhuail do righne sí agus gan innte acht leanbh. Bhí sí lá ag deunadh altorach bige ag aithris air altóir an t-séipéil, agus fuair sí leac chloiche le na h-agaidh, acth bhí an leac ró throm di chum i do árdach ná do iompchar, acht bhí a neamh-urchóideacht agus a simplidheacht chomh taithneamhach sin i láithir Dé, gur chuir Sé aingeall ós na flaithis chum na lice d'árdach agus d'ullamhughadh dhi. Dar n-doigh budh chóir go m-beidheadh cion aig aoinne air a shamhlachas so dhe leanbh, acth bhí leas-máthair aig Bríghid agus badh thoil le Dia gur tháinic crosa agus cathuighe air a sheirbhiseach bhig go lúath 'na saoghal, mar gur raibh an ghráin aig an mhnaoi so uirre. Le neart sgeulta, agus éithig d'iompuigh sí a h-athair féin 'na coinne, agus chuir sí d'fhiachaibh air an leanbh bocht do chur le sclábhuidheacht. Badh h-e an cheud obair do cuireadh dá dheunadh í ná i bh-feidhil na muc, agus cé go raibh fuil uasal innte, ghlac sí an tarcuisne so le h-umhaluidheacht chroidhe, agus le h- uirísleacht, le h-inntinn gan cur suas de nidh air bith dá chruadhacht air son Dé. Bhí a croidhe i g-comhnuighe ceangailte in nDia, agus níor leig sí do don nídh í do sgaramhuin leis, agus in am ríachtanuis níor theip Sésean uirre. Bhí sí lá n-aon i bhfheidhil na muc air na bántaibh, agus thárla go raibh beirt bhio- thamhnach ag gabháil tar bráighid. Ghuideadar uatha dhá cheann aca, agus bhidheadar dhá d- tiomáint rompa 'nuair a theagmaig Dubhthach, athair Brighide ortha. D'aithin sé a chuid féin, agus nuair do chonnairc na biothamhnaig gur aithin, theitheadar chum siubhail ag fágbháil an dá mhuc as a n-díagh. Tháinic olc air Dhubhtac chean gur leig Brighid uatha na muca, agus leis sin chuir sé i bh-folach íad, agus chuaidh sé, gan leigion air cad do rigne sé, dhá n- eileamh uirre. D'íarr sé uirre an raibh na muca go léir aici, agus dubhairt sí go raibh. “Má tá aon amhras agat a athair nach bh- fuil,” ar sí, “deun íad do coimhreamh.” Rigne, agus fuair sé go raibh an dá cheann do chuir sé féin i bh-folach i bh-fochair na coda eile. Tamall na dhíagh so chuir sé os ceann an ime a's bainne í. Do éirig léi go h-iongantach agus bhí an rath air gach obair do thóg sí i láimh. Ní raibh na bá ariamh roimhe sin chomh toramhuil, agus ni raibh aon uathbhás acht an méid bainne a bhí aca, agus an méid ime a bhí sí ag deunadh futha. Chuir Día an bhreis so chuice chum go m-beidheadh sé air a cumas cungnamh a thabhairt do's na boicht, gan, air an am ceudna, aon eugcoir a dheunadh air a h-aithair. Tháinic féar bocht lá ag iarradh déirce uirre air son Dé, agus thug Brighid bó dhó. Badh gearr gur chualaidh a leas-máthair cad a righne sí, agus dar n-dóigh cuaidh sí le'n a gearán chum a h-athar. Tháinic sésean go feargach go d-tí Brighid aig fíafrughadh “Cad fá an gno so?” Do fhreagair sí go síbhíalta agas dubhairt. “Ní'l aon eugcóir deunta ort a athair, comhraig na ba.” Righne, agas bhíadar go léir ann. Bhí sí lá eile tar eis cuiginne do deunadh, agus thárla gur tháinic món-cuid de d'aoine bochta an mhaidin cheudhna ag lorg déirce uirre. Thug Brighid urmhór na h-ime dhóibh agus le'n a linn sin chuir a h- athair sgéula chuiche go raibh an oiread sin
ime uaidh féin agus é chur chuige gan mhaill. Cad a bhí aici le dheunadh? Chuaidh sí air a glúinibh agus d'íarr sí air Dhía teacht i g- cobhair uirre, agus fad a bhí sí ag úrnuighthe tháinic an oiread breise ans an bh-fuighleach ime a bhí aici go raibh a leór-dóthain aici dá h-athair. Badh gheárr gur chuaidh tuairisg a míor- bhuailtidhe agus naomhthachta a beatha amach air fuad na tíre, agus thimpchioll an ama ceudna tháinic mór-shesear banóglách chuice chum cráibhtheact d'fhoghluim uaithe, chum aithris do dheunadh air a slíghe beatha, agus íad féin do chur fé na smacht. Thóg Brighid uirre féin íad a stiúrughadh i m-beatha spioradálta agus chomhnuigheadar tamall i bh-fochair a chéile ag leanmhúint beatha ríaghalta, ag úrnuighthe, agus ag trosgadh, ag friothála air na boicht agus air dhaoine tinne, agus ag cleachtadh deagh-oibreacha eile dhe'n t- samhuilt so. Tar éis doibh a bheith ag leanmhuint na beatha so air feadh sgathaimh chuireadar a g- comhairle i g-ceann a cheile, agus ghlacadar rún tríall air Easpog naomhtha darab ainim Macaille, le fonn íarradh air íad a chois- reacadh mar Mhaighdeanacha chum seirbhíse Dé. (Le bheith air leanmhúin). MÁIRE NÍ BRIGHIDE. Áth na Coran.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services