Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air Naomh Brighid.

Title
Air Naomh Brighid.
Author(s)
Ní Brighide, Máire,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AIR NAOMH BRIGHID.
(Sgríobhtha i g-canmhuin na Mumhan).



Bhí a sheirbhísigh ariamh aig Dia in gach aois
agus in gach roinn de'n domhain. Bhí a naoimh
aige fé'n sean-reacht agus níos mó 'ná san
fé'n dhlighe nuadh ó'n am a tháinic ár Slánuigh-
theóir Iosa Críost air talamh chum slighe na
beatha naomhtha do theasbáint do'n chine daona,
agus na flaithis do osgailt le'n-a bhás agus
le'n-a éis-eirghe. Dá reir sin tá naoimh anns
na flathais ó'n domhain shiar agus ó'n domhain
shoir, ó'n Áifric agus ó'n Euróip; agus ní'l
náisíun 'san Euróip nár thug a chuid féin de
sheirbhísig do Dhia. Áirigheann an Eadáile a
cuid féin, an Fhrainc mar an g-ceadhna
agus an Gharmáin; tá a cuid féin aig
Sacsana agus aig Albain, acht ní miste a
rádh nach bh-fuil náisíun fé'n ngréin a thug
níos mó naoimh do fhlaiteas Dé ná thug talamh
na h-Éirionn. Ó aimsir Naoimh Pádraic
anuas air feadh na ceudta bliadhan, ní mór
go raibh páráiste, air fuad na h-Eirionn o
Phortláirge go Sroth-Mhaoille, ná o bheann-
Eidir go Gaillimh nach raibh naoimh ann, agus
mór-chuid. Bhíadar ann idir fearaibh agus
mnaibh, agus bhí mainistreacha fear agus ban-
riaghalta sgaipighthe air fuad na tíre.
Ameasg ban-naomh na h-Eirionn, ní'l aoinne
eile air a bh-fuil a leithéid de ghairm, ná air
a bh-fuil clanna-gaodhal chomh ceanamhuil
agus atá air Naomh Brighid. Tar éis na
Maighdeana Muire féin, b'fheidir nach bh-fuil
aon naomh eile níos iongantuidhe ná ár
Naomh-pátrún, ná chomh cosamhuil le naomh-
máthair Dé, agus dá bhrígh sin is é an ainim


L. 39


a thugtaidhe uirre 'san t-sean-aimsir, agus
a thugtar fós na, “Muire na nGaodhal.”



Rugadh Naomh Brighid i g-cúige Laighin 'san
g-cúigeadh aois, timpchioll cheithre cheud
blíadhain a's dá fhichid déis Chriost. Tháinic
sí ó phreamh uasal, mar badh dhe shliocht
righeamhuil a h-athair, agus bhí sí 'na naomh,
ní amháin ó'n a h-óige, acht ó'n a leanbhuigheacht
féin. Aig éirghe suas di, chuir sí iongantas
air gach aoinne leis na subhailcidhibh do bhronn
Día uirre. Bhí sí umhal, banamhuil, ceannsa,
foidhneach; ní theidheadh lag uirre acht ag
urnuighthe, mar bhí grádh Dé air lasadh 'na
croidhe; bhí sí lán de thruaighmhéil do s na
boicht, agus cion máthar aici ortha. Bhí sí chomh
tógtha súas le Día ná cuireadh sí suim ans
na neithibh is gnáthach le leanbhuidhe pléisiúr
d'fhaghail ionnta, agus is é bhidheadh mar
chaitheamh aimsire aici ná ag deunadh
altórachadh beaga nó áirnéise éigin eile do
bhain le tigh Dé. Bhí árd-chomhacht aici ó Dhía,
agus is mó míorbhuail do righne sí agus gan
innte acht leanbh. Bhí sí lá ag deunadh altorach
bige ag aithris air altóir an t-séipéil, agus
fuair sí leac chloiche le na h-agaidh, acth bhí
an leac ró throm di chum i do árdach ná do
iompchar, acht bhí a neamh-urchóideacht agus a
simplidheacht chomh taithneamhach sin i láithir Dé,
gur chuir Sé aingeall ós na flaithis chum na
lice d'árdach agus d'ullamhughadh dhi. Dar
n-doigh budh chóir go m-beidheadh cion aig
aoinne air a shamhlachas so dhe leanbh, acth bhí
leas-máthair aig Bríghid agus badh thoil le
Dia gur tháinic crosa agus cathuighe air a
sheirbhiseach bhig go lúath 'na saoghal, mar gur
raibh an ghráin aig an mhnaoi so uirre. Le
neart sgeulta, agus éithig d'iompuigh sí a
h-athair féin 'na coinne, agus chuir sí d'fhiachaibh
air an leanbh bocht do chur le sclábhuidheacht.
Badh h-e an cheud obair do cuireadh dá
dheunadh í ná i bh-feidhil na muc, agus cé go
raibh fuil uasal innte, ghlac sí an tarcuisne
so le h-umhaluidheacht chroidhe, agus le h-
uirísleacht, le h-inntinn gan cur suas de
nidh air bith dá chruadhacht air son Dé. Bhí a
croidhe i g-comhnuighe ceangailte in nDia,
agus níor leig sí do don nídh í do sgaramhuin
leis, agus in am ríachtanuis níor theip Sésean
uirre. Bhí sí lá n-aon i bhfheidhil na muc air
na bántaibh, agus thárla go raibh beirt bhio-
thamhnach ag gabháil tar bráighid. Ghuideadar
uatha dhá cheann aca, agus bhidheadar dhá d-
tiomáint rompa 'nuair a theagmaig Dubhthach,
athair Brighide ortha. D'aithin sé a chuid féin,
agus nuair do chonnairc na biothamhnaig gur
aithin, theitheadar chum siubhail ag fágbháil an
dá mhuc as a n-díagh. Tháinic olc air Dhubhtac
chean gur leig Brighid uatha na muca, agus
leis sin chuir sé i bh-folach íad, agus chuaidh
sé, gan leigion air cad do rigne sé, dhá n-
eileamh uirre. D'íarr sé uirre an raibh na
muca go léir aici, agus dubhairt sí go raibh.
“Má tá aon amhras agat a athair nach bh-
fuil,” ar sí, “deun íad do coimhreamh.” Rigne,
agus fuair sé go raibh an dá cheann do chuir
sé féin i bh-folach i bh-fochair na coda eile.



Tamall na dhíagh so chuir sé os ceann an
ime a's bainne í. Do éirig léi go h-iongantach
agus bhí an rath air gach obair do thóg sí i
láimh. Ní raibh na bá ariamh roimhe sin chomh
toramhuil, agus ni raibh aon uathbhás acht an
méid bainne a bhí aca, agus an méid ime a
bhí sí ag deunadh futha. Chuir Día an bhreis
so chuice chum go m-beidheadh sé air a cumas
cungnamh a thabhairt do's na boicht, gan, air
an am ceudna, aon eugcoir a dheunadh air a
h-aithair.



Tháinic féar bocht lá ag iarradh déirce
uirre air son Dé, agus thug Brighid bó dhó.
Badh gearr gur chualaidh a leas-máthair cad
a righne sí, agus dar n-dóigh cuaidh sí le'n a
gearán chum a h-athar. Tháinic sésean go
feargach go d-tí Brighid aig fíafrughadh “Cad
fá an gno so?” Do fhreagair sí go síbhíalta
agas dubhairt. “Ní'l aon eugcóir deunta
ort a athair, comhraig na ba.” Righne, agas
bhíadar go léir ann. Bhí sí lá eile tar eis
cuiginne do deunadh, agus thárla gur tháinic
món-cuid de d'aoine bochta an mhaidin cheudhna
ag lorg déirce uirre. Thug Brighid urmhór
na h-ime dhóibh agus le'n a linn sin chuir a h-
athair sgéula chuiche go raibh an oiread sin


L. 40


ime uaidh féin agus é chur chuige gan mhaill.
Cad a bhí aici le dheunadh? Chuaidh sí air a
glúinibh agus d'íarr sí air Dhía teacht i g-
cobhair uirre, agus fad a bhí sí ag úrnuighthe
tháinic an oiread breise ans an bh-fuighleach
ime a bhí aici go raibh a leór-dóthain aici dá
h-athair.



Badh gheárr gur chuaidh tuairisg a míor-
bhuailtidhe agus naomhthachta a beatha amach
air fuad na tíre, agus thimpchioll an ama
ceudna tháinic mór-shesear banóglách chuice
chum cráibhtheact d'fhoghluim uaithe, chum aithris
do dheunadh air a slíghe beatha, agus íad féin
do chur fé na smacht. Thóg Brighid uirre
féin íad a stiúrughadh i m-beatha spioradálta
agus chomhnuigheadar tamall i bh-fochair a
chéile ag leanmhúint beatha ríaghalta, ag
úrnuighthe, agus ag trosgadh, ag friothála air
na boicht agus air dhaoine tinne, agus ag
cleachtadh deagh-oibreacha eile dhe'n t-
samhuilt so.



Tar éis doibh a bheith ag leanmhuint na
beatha so air feadh sgathaimh chuireadar a g-
comhairle i g-ceann a cheile, agus ghlacadar
rún tríall air Easpog naomhtha darab ainim
Macaille, le fonn íarradh air íad a chois-
reacadh mar Mhaighdeanacha chum seirbhíse
Dé.



(Le bheith air leanmhúin).



MÁIRE NÍ BRIGHIDE.



Áth na Coran.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services