Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Charthanachd, no Grádh ár g-Comharsan.
Title
Ar Charthanachd, no Grádh ár g-Comharsan.
Author(s)
Meany, Father John,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR CHARTHANACHD, NO GRÁD ÁR G-COMHARSAN. An uair do chuir ollamh dlíghe de na h-Iudaighibh ceist air ár Slánuightheoir cread do dhéanfadh sé chum na beatha síorruidhe do shaothrughadh, a dubhairt an Slánuightheóir leis, féachaint cread do cheanglann an dlíghe, agus cread do leigheann sé ann; agus do bh'é a fhreagra “ní fuláir duit do Thighearna Dia do ghradhughadh led' chroidhe go h-iomlán, agus led' t-inntinn go h-iomlán, agus led' neart go h-iomlán.” Agus an sin a dubh- airt Iosa leis go m-budh fíor a chaint, déanadh dá réir, agus go mairfeadh sé. Is é an freagra céadna d' oireann fós agus oirfeas choidhche d' aon duine do bheidheas aig iarraidh comhairle chum a anam do shlánúghadh, óir an té a ghrádhuigheann Dia ní theidheann sé amúghadh, mar tá a shlighte céillidhe, daingean, agus an Tighearna, mar a deir an t-eagnach, a díriúghadh na slighe dho, agus a rianúghadh an róid roimhe. Acht an té ná deanann; an té ná cuimhnigheann air Dhia acht go neamh-shuimeamhuil, agus go fánach, agus dá réir sin, ná grádhuigheann é chuige ná air aon chor, bidheann sé air seachrán, gan beannachd a d-tosach ná a n-deire aon ghnímh leis, gan beódhachd ná luathachd ann aon iompóghadh leis; mar, air nós na colna gan anam, bidheann an t-anam gan Dia. Qui non doligit manat in morte, etc. Is mairg air an adhbhar san (do aoin-ne)d' iompochadh a inntinn ó Dhia agus a bhronnfadh a ghrádh air aon rud faoi na bhun; óir dá éagmuis ní'l aon rud buan, agus gan a theannta ní'l aon rud seasamhach. Is uaidh a thainic maise, deilb, agus áileachd gach creatúra. Is é chuir an tráigh mar theórainn leis an bh-fairge. Is é do bhronn tuigsin air an duine chum é féin d'aithint seach mar do thug sé do na beathachaibh. Ní mise, ar máthair na Machabees, do righne sibh mar a tá sibh, níor thugas beódhachd na beatha dhíbh, agus ní mé a chúm baill aon duine agaibh: ní liom an obair, acht le h-úghdar na bh-flaitheas agus na talmhan, árd riaghlaigh- theóir na cruinne do thug do'n duine teachd air an saoghal. Is fíor dá réir sin b'é cáilídheachd a tá in aon nídh cruthaighthe go bh-fuil an cháilídheachd so gan teóra san g-cruthaightheóir, agus dá bhrígh sin, gur mó a thuilleann sé ár n-annsachd. Saidhbhrios, chaithréim, agus mór-mheas ní mairid acht seal, agus air uairibh ní luaithe agat iad ná uait. Is é an cás ceadna é a d-taobh maise agus neirt na h-óige; eirgheann go luath agus meathann go h-obann arís air nós bláith na g-craobh a bhriseann amach na lán áileachd an-diu agus a thuiteann de'n
g-crann a márach. Is mar sin dúinne agus do ghach nidh 'san t-saoghal so. Acht ní mar sin do Dhia: a tá sé a g-comhnúidhe do- atharruighthe, air aon imtheachd amháin, gan túis, óige, gan fás gan fáth, gan tosach ná deire; agus dá réir sin ní mealltar aon uair iad so a ghrádhuigheann é. A deir Naomh Aghuistín go bh-fuil croidhe an duine anshocair, go g-comhnuigheann sé a n-Dia mar nach bh- fuil sásamh iomlán in seilbh aon rud i n-eagmuis Dé. Bídheadh a n-iarrfá, agus a n-ordóchá agat, agus 'na ndiaigh sin beidh do dhuil an rud éigin eile; nídh a thaisbeanann go bh-fuil seilbh éigin ann a thugann sásamh fóirlíonta iomlán, agus is é sin seilbh Dé, mar is é seilbh is aoirde é. Diombuanas agus mio-mhaise aon nídh eile a g-cóimhmheas le Dia. A tá rádh ró dheimhneach againn ó na bhéul féin, é ghrádhughadh; agus is furas aithne, mar a deir ollamh naomhtha áirighthe (aon de na h-aithreachaibh naomhtha) gur loiteadh go daingean daonachd an duine le peacadh an t-sinnsir, le gur gábhadh a chur de dhualgus orrainn annsachd ár g-croidhe a thabhairt do'n te thuilleann chomh mór san é — úghdar an uile mhaitheasa agus tobar an uile ghrádh. Is beag de dhuadh an duine is práidhin a dh'fághail chum é dheanadh ceanamhuil air a ghaoltaibh air a cháirdibh agus air a chúngantóiridhe; agus dar n-dóigh ní'l aon duine aca san a g-chóimhmheas do Dhia. Sul a cuimhnigh do shinnsir air do leithéid a bheith air tí a bheith beó, do bhi do bhreith a meabhair do Dhia, agus 'na dhiaigh san ó chonnarcais an solus is é a tá ad aodhair- eachd agus ad' dhíon; agus ad' chongbhail. In ipso sumus et movemur. Níor leór leis an chomaoin sin do chuir ort a d-taobh do cholna, acht an uair do bhi t-anam deílte, daor uaidh do thíonnsgain sé an meodhan budh éifeachdamhla chum tu a thabhairt air n-ais - ioncolnughadh ár d-Tighearna le n-ar chean- nuigh tré phéin na páise saoirse an chine- daonda ó mhallachd a n-damanta: agus 'na dhiaigh sin, bhronn orrainn éifeachd na páise, le brígh na sacramainte a cuireadh air bun air ár n-aghaidh san eaglais: oir gheibhmíd tiodal air an ngloire le baiste, cumas air eirghe, an uair a thuiteamaoid, le aithrighe; agus cungnamh agus cabhair chum fuireach buan in seirbhís an Tighearna air staid na ngrás, gach n-aon an a slighe féin, le tathuighe na sacramaintidhe uile. A bh-fochair na d- tabhartus so, is ó Dhia do thiodhluicthe saogh- alta; mar an g-céadna do chuid, do chlú, do neart, do shiubhal gaus do rachmus saogh- alta. Cread tá agat, a deir naomh Pól, ná fuaíris? agus arís is anuas ó Athair na soillse do thúirlingeann gach tiodhlacadh iomlán: agus ma 'seadh cad é an chiall do mhi-mheas agus do dhearmad? O! is cruaidh an gearán a dheanann an Tighearna air an té ná cuimhnigheann air; air an té a luigheas agus d'eirgheas agus chaitheas a ré gan smaoineamh air go minic. “Nior cuimhnighea- dar,” a deir an t-sailm, “air Dhia do chaomh- naigh iad”. Agus arís “do dhearmadar a n-Dia do thug beodhachd doibh.” “Do rineadar mo dhaoine,” a deir Dia le béal an fháidh, “dha dhioghbháil, do thréigeadar mise, tobar an uisge siorruidhe, agus do thógadar dóibh feín soighthighe ná coimheadfadh braon”. Far- aoir is baoghlach gur ab í an fhírinne í a d-taobh go leór. [Dá chruadhachd é an saoghal, is déine na san iarrachd na n-daoineadh is giorra dho. An té a m-bheidh caitheamh agus fághail aige — is í sin riaghail an sgrioptúra — ni h-áil leis gan dul níos sía, agus le beartuigheacht éigin aimhghlic no amus eugcórach, gradh Dé a dhibirt uadh, agus a dhiol go deoigh mar gheall air dul a m-breis: no muna m-beidh sin air a chumas, acht e ísiol agus a d-teannta aig an saoghal, mar is ghnathach seirbhiseach Dé a bheith go minic, is baoghalach a n-áit compórd d'fághail a n-dóthchur agus a ngrád Dé gur míoshásamh agus iomthnuth a phaidir.] No mar ar dhíbir saidhbhrios na bochdanachd grádh Dé uait feuch air do chleachdaibh eile, air luas no bréagachd do theangan; air do dhroch amhrus; air do mhio-mhódh; air t'fheirg; air
nimh do chlaonta; air do chraos d'earráid agus do chur amughadh; óir ma's tathuighe leat é is ceanamhla leat, d'aimhdheóin do thuigsiona, aon diobh so ná grádh do cruthuigh- theóra. “Ní féidir le h-aon duine,” a deir an Sgrioptúr, dhá mhaighistir a riar an aoin- fheachd; agus dá réir sin ní féidir leat do ghrádh no do sheirbhís a roinn idir Dia agus aon rud eile. Ni h-é an leath acht an t- iomlán a tá uaidh agus ni h-é an taobh amuigh acht an taobh astigh a shásuigheann é. “Thug- adar árd mholadh domh le na d-teanga acht do bhi a g-croidhe a bh-fad uaim.” Agus arís fogrann Eliseus brón air luchd an dá chroidhe. Ni iarrann air a shon sin grádh Dé go d-tabharfá fuath d'aon rud do cheap sé chum do sheirbhíse; fós budh rogha leis go n- deanfá an oiread muirinn de agus do thuil- leann sé ann a cháilidheachd féin, acht amháin ná rachfá thar módh ann do chion budh cheart a g-comhnuighe a bheith aig triall agus stiúr- aighthe chum grádh dé, mar a bhidheann an sruth chum na h-abhann. “Oir is geall le h-abhainn mhór,” a deir N. Abhaistín, grádh Dé a ghlachann asteach uisgidhe na srothán; air slíghe b'é cion no grádh no páirt measardha a bheidheadh aig siubhal le duine go m-budh cheart dóibh a bheith stiuraighthe a g-comhnuidhe aig filleadh air mór-mhuir cáilidheachda an Tighearna, air slighe go n-gráidheochaidhe Dia ann gach nidh agus gach nidh a n-Dia, air son Dé agus fé bhun Dé. Is iontuigthe as so gur ab' é ár n-iomchar, agus ár bh-feidhim do nidhthibh an t-saoghail do thaisbeánann ma támaoid in seilbh na charthanachda, a bh-fad níos mó 'ná aon chorruidhe sólásach grádhmhar d'aireócama- ois leith-astigh dínn. Is minic a bheidheadh duine, agus mar gheall air an daonachd mhaoth, bhog, go n-aireócadh sé claonadh agus teas duthrachd' diadha agus luisnídhe éigin grádh leith astigh de le ar dhóigh leis grádh Dé do bheith ann, agus 'san am g-ceadna ná beidheadh aige acht a sgáil. Do bhi mórán do na naomhaibh agus níor bhrathadar aon airea- chtain don t-samhail seo; air a shon sin ní féidir a rádh nár ghrádhuigheadar Dia le na g-croidhe go h-iomlán. Is é an comhartha, air an adhbhar sin, má tá gradh Dé agat, tu d'fuireach buan iona sheirbhís aig deanadh a chomhairle, aig tathaighe na sácramainte, agus a coimeád a aitheanta, a n-aimhdheoin aon mhioshásaimh, leisge no easbaidh compóird a bheidheadh aig iarraidh tu d'iompóghadh uaidh. Óir sin é an uair a bhidheann sé le faicsin go bh-fuil do mheoin glan, go ngrádhuigheann tu Dia os ceann gach uile nídh mar gheall air féin, mar is túisge do dheanfá aon rud ná bhrisfeá a dhlíge. Is beannuighthe an rún éseo, agus le beagán aireachuis a tá sé air chumas gach aon duine. Tuigeann sibh anois air an adhbhar sin, go bh-fuil sé d'fiachaibh orrain Dia do grádhughadh os cionn an uile nídh agus ár g-comharsa mar sinn féin air son Dé, annsa g-ceud áit, mar go n-orduighean sé féin é; annsa dara h-ait mar gur chuir sé cumaoin orrainn a thuil- leann go h-iomarcach é, agus annsa d-treas áit mar go bh-fuil sé gealltha doibhsin do choimhlionas na h-aitheanta so go m-beidh siad taithneamhach a lathair Dé 'san saoghal so, agus go nglacfar asteac a nglóire na bh-flaitheas agus 'san m-bheatha shiorruidhe iad 'san t-saoghal eile; beannachd a táimse aig iarraidh dhíbhse agus dom féin tré ár d- tighearna Iosa Criost. Amen. VOCABULARY. Ceist do chur orm, ort, to ask me, thee, a question: literally to put a question on me, etc. Feachaint, Munster form of feuchain. D'oireann, does suit? Ní théidheann sé amughadh, he deos not stray. Dul amughadh, straying, being lost. Rianughadh, this is not a common word. Rian, a track, a mark; rianugadh, marking out. Go fánach, seldom; go neamh-shuimeamhail, carelessly. The ná before the verbs here = nach; and the verbs, in the other provinces would be eclipsed. Chuige, at all: chuige ná ar aon chor, at all, at all. Leis of his. Aoinne = aoin neach, any one. Faoi n-a bhun, beneath him. Ní luaithe agat iad ná uait, thou no sooner hast them than they are gone; literally, not sooner are they with thee than from thee. Air aon imtheacd amhain, always the same; in the one pace. Gábhadh an práidhin in this place signify want, or need. Gur gábhadh a chur de dhualgus orrainn, that it is a necessity (is necessary) to lay it as an obligation upon us. Is beag de dhuadh an duine is práidhin d'fhaghail, it is little labour (trouble) that is a need (that is necessary) to be taken with a person [to make him
love his relations]. Duadh, labour, toil. Is beag an duadh fuair sé leis, it is little trouble (labour) he had with it; Is beag d'á (de a) dhuadh fuair me, it is little trouble I had with it (or I took with him), literally it is little of its (or his) labour I got. Is beag de dhuadh an duine is praidhin d'fhaghail, lit. it is little of the labour of (with) a person it is a necessity to get. Observe too, d''fhághail (do fhághail) is a verb in the inf. mood. Speakers, and writers occasionally, make d'fághail one simple word, which they aspirate as they would any verb in the inf. mood, and they put a before it, instead of do, the sign of the inf. mood; a dh'fághail. Níor leór leis, he did not think this enough; lit. this was not enough with him. A d-teannta, in difficulty, Mar = muna: cur amugadh, wasting. Is geall le, it is like. A bheidheadh a'siubhal le duine, that one would have; literally, that would be walking along with a person. Tuisge, sooner.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services