Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Charthanachd, no Grádh ár g-Comharsan.

Title
Ar Charthanachd, no Grádh ár g-Comharsan.
Author(s)
Meany, Father John,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR CHARTHANACHD, NO GRÁD ÁR G-COMHARSAN.



An uair do chuir ollamh dlíghe de na
h-Iudaighibh ceist air ár Slánuightheoir cread
do dhéanfadh sé chum na beatha síorruidhe do
shaothrughadh, a dubhairt an Slánuightheóir leis,
féachaint cread do cheanglann an dlíghe,
agus cread do leigheann sé ann; agus do
bh'é a fhreagra “ní fuláir duit do Thighearna
Dia do ghradhughadh led' chroidhe go h-iomlán,
agus led' t-inntinn go h-iomlán, agus led'
neart go h-iomlán.” Agus an sin a dubh-
airt Iosa leis go m-budh fíor a chaint, déanadh
dá réir, agus go mairfeadh sé. Is é an
freagra céadna d' oireann fós agus
oirfeas choidhche d' aon duine do bheidheas
aig iarraidh comhairle chum a anam do
shlánúghadh, óir an té a ghrádhuigheann Dia
ní theidheann sé amúghadh, mar tá a shlighte
céillidhe, daingean, agus an Tighearna, mar
a deir an t-eagnach, a díriúghadh na slighe dho,
agus a rianúghadh an róid roimhe. Acht an
té ná deanann; an té ná cuimhnigheann air
Dhia acht go neamh-shuimeamhuil, agus go
fánach, agus dá réir sin, ná grádhuigheann
é chuige ná air aon chor, bidheann sé air
seachrán, gan beannachd a d-tosach ná a
n-deire aon ghnímh leis, gan beódhachd ná
luathachd ann aon iompóghadh leis; mar, air
nós na colna gan anam, bidheann an
t-anam gan Dia. Qui non doligit manat in
morte, etc. Is mairg air an adhbhar san
(do aoin-ne)d' iompochadh a inntinn ó Dhia
agus a bhronnfadh a ghrádh air aon rud faoi na
bhun; óir dá éagmuis ní'l aon rud buan,
agus gan a theannta ní'l aon rud seasamhach.
Is uaidh a thainic maise, deilb, agus áileachd
gach creatúra. Is é chuir an tráigh mar
theórainn leis an bh-fairge. Is é do bhronn
tuigsin air an duine chum é féin d'aithint
seach mar do thug sé do na beathachaibh. Ní
mise, ar máthair na Machabees, do righne sibh
mar a tá sibh, níor thugas beódhachd na beatha
dhíbh, agus ní mé a chúm baill aon duine
agaibh: ní liom an obair, acht le h-úghdar na
bh-flaitheas agus na talmhan, árd riaghlaigh-
theóir na cruinne do thug do'n duine teachd
air an saoghal. Is fíor dá réir sin b'é
cáilídheachd a tá in aon nídh cruthaighthe go
bh-fuil an cháilídheachd so gan teóra san
g-cruthaightheóir, agus dá bhrígh sin, gur mó a
thuilleann sé ár n-annsachd. Saidhbhrios,
chaithréim, agus mór-mheas ní mairid acht
seal, agus air uairibh ní luaithe agat iad ná
uait. Is é an cás ceadna é a d-taobh
maise agus neirt na h-óige; eirgheann go
luath agus meathann go h-obann arís air
nós bláith na g-craobh a bhriseann amach na
lán áileachd an-diu agus a thuiteann de'n


L. 20


g-crann a márach. Is mar sin dúinne agus
do ghach nidh 'san t-saoghal so. Acht ní mar
sin do Dhia: a tá sé a g-comhnúidhe do-
atharruighthe, air aon imtheachd amháin, gan
túis, óige, gan fás gan fáth, gan tosach ná
deire; agus dá réir sin ní mealltar aon
uair iad so a ghrádhuigheann é. A deir Naomh
Aghuistín go bh-fuil croidhe an duine anshocair,
go g-comhnuigheann sé a n-Dia mar nach bh-
fuil sásamh iomlán in seilbh aon rud i
n-eagmuis Dé. Bídheadh a n-iarrfá, agus a
n-ordóchá agat, agus 'na ndiaigh sin beidh do
dhuil an rud éigin eile; nídh a thaisbeanann
go bh-fuil seilbh éigin ann a thugann sásamh
fóirlíonta iomlán, agus is é sin seilbh Dé,
mar is é seilbh is aoirde é. Diombuanas
agus mio-mhaise aon nídh eile a g-cóimhmheas
le Dia.



A tá rádh ró dheimhneach againn ó na bhéul
féin, é ghrádhughadh; agus is furas aithne,
mar a deir ollamh naomhtha áirighthe (aon de
na h-aithreachaibh naomhtha) gur loiteadh go
daingean daonachd an duine le peacadh
an t-sinnsir, le gur gábhadh a chur de
dhualgus orrainn annsachd ár g-croidhe
a thabhairt do'n te thuilleann chomh mór
san é — úghdar an uile mhaitheasa agus
tobar an uile ghrádh. Is beag de dhuadh an
duine is práidhin a dh'fághail chum é dheanadh
ceanamhuil air a ghaoltaibh air a cháirdibh
agus air a chúngantóiridhe; agus dar n-dóigh
ní'l aon duine aca san a g-chóimhmheas do
Dhia. Sul a cuimhnigh do shinnsir air do
leithéid a bheith air tí a bheith beó, do bhi do
bhreith a meabhair do Dhia, agus 'na dhiaigh san
ó chonnarcais an solus is é a tá ad aodhair-
eachd agus ad' dhíon; agus ad' chongbhail.
In ipso sumus et movemur. Níor leór leis
an chomaoin sin do chuir ort a d-taobh do
cholna, acht an uair do bhi t-anam deílte, daor
uaidh do thíonnsgain sé an meodhan budh
éifeachdamhla chum tu a thabhairt air n-ais -
ioncolnughadh ár d-Tighearna le n-ar chean-
nuigh tré phéin na páise saoirse an chine-
daonda ó mhallachd a n-damanta: agus 'na
dhiaigh sin, bhronn orrainn éifeachd na páise,
le brígh na sacramainte a cuireadh air bun
air ár n-aghaidh san eaglais: oir gheibhmíd
tiodal air an ngloire le baiste, cumas air
eirghe, an uair a thuiteamaoid, le aithrighe; agus
cungnamh agus cabhair chum fuireach buan in
seirbhís an Tighearna air staid na ngrás,
gach n-aon an a slighe féin, le tathuighe na
sacramaintidhe uile. A bh-fochair na d-
tabhartus so, is ó Dhia do thiodhluicthe saogh-
alta; mar an g-céadna do chuid, do chlú,
do neart, do shiubhal gaus do rachmus saogh-
alta. Cread tá agat, a deir naomh Pól, ná
fuaíris? agus arís is anuas ó Athair na
soillse do thúirlingeann gach tiodhlacadh
iomlán: agus ma 'seadh cad é an chiall do
mhi-mheas agus do dhearmad? O! is cruaidh
an gearán a dheanann an Tighearna air an
té ná cuimhnigheann air; air an té a luigheas
agus d'eirgheas agus chaitheas a ré gan
smaoineamh air go minic. “Nior cuimhnighea-
dar,” a deir an t-sailm, “air Dhia do chaomh-
naigh iad”. Agus arís “do dhearmadar a
n-Dia do thug beodhachd doibh.” “Do rineadar
mo dhaoine,” a deir Dia le béal an fháidh,
“dha dhioghbháil, do thréigeadar mise, tobar an
uisge siorruidhe, agus do thógadar dóibh
feín soighthighe ná coimheadfadh braon”. Far-
aoir is baoghlach gur ab í an fhírinne í a
d-taobh go leór.



[Dá chruadhachd é an saoghal, is déine na
san iarrachd na n-daoineadh is giorra dho.
An té a m-bheidh caitheamh agus fághail aige —
is í sin riaghail an sgrioptúra — ni h-áil
leis gan dul níos sía, agus le beartuigheacht
éigin aimhghlic no amus eugcórach, gradh Dé a
dhibirt uadh, agus a dhiol go deoigh mar gheall
air dul a m-breis: no muna m-beidh sin
air a chumas, acht e ísiol agus a d-teannta
aig an saoghal, mar is ghnathach seirbhiseach Dé
a bheith go minic, is baoghalach a n-áit compórd
d'fághail a n-dóthchur agus a ngrád Dé gur
míoshásamh agus iomthnuth a phaidir.]



No mar ar dhíbir saidhbhrios na bochdanachd
grádh Dé uait feuch air do chleachdaibh eile, air
luas no bréagachd do theangan; air do dhroch
amhrus; air do mhio-mhódh; air t'fheirg; air


L. 21


nimh do chlaonta; air do chraos d'earráid
agus do chur amughadh; óir ma's tathuighe
leat é is ceanamhla leat, d'aimhdheóin do
thuigsiona, aon diobh so ná grádh do cruthuigh-
theóra. “Ní féidir le h-aon duine,” a deir
an Sgrioptúr, dhá mhaighistir a riar an aoin-
fheachd; agus dá réir sin ní féidir leat do
ghrádh no do sheirbhís a roinn idir Dia agus
aon rud eile. Ni h-é an leath acht an t-
iomlán a tá uaidh agus ni h-é an taobh amuigh
acht an taobh astigh a shásuigheann é. “Thug-
adar árd mholadh domh le na d-teanga acht
do bhi a g-croidhe a bh-fad uaim.” Agus arís
fogrann Eliseus brón air luchd an dá
chroidhe. Ni iarrann air a shon sin grádh Dé
go d-tabharfá fuath d'aon rud do cheap sé
chum do sheirbhíse; fós budh rogha leis go n-
deanfá an oiread muirinn de agus do thuil-
leann sé ann a cháilidheachd féin, acht amháin
ná rachfá thar módh ann do chion budh cheart a
g-comhnuighe a bheith aig triall agus stiúr-
aighthe chum grádh dé, mar a bhidheann an sruth
chum na h-abhann. “Oir is geall le h-abhainn
mhór,” a deir N. Abhaistín, grádh Dé a ghlachann
asteach uisgidhe na srothán; air slíghe b'é
cion no grádh no páirt measardha a bheidheadh
aig siubhal le duine go m-budh cheart dóibh a
bheith stiuraighthe a g-comhnuidhe aig filleadh
air mór-mhuir cáilidheachda an Tighearna, air
slighe go n-gráidheochaidhe Dia ann gach nidh
agus gach nidh a n-Dia, air son Dé agus fé
bhun Dé. Is iontuigthe as so gur ab' é ár
n-iomchar, agus ár bh-feidhim do nidhthibh an
t-saoghail do thaisbeánann ma támaoid in
seilbh na charthanachda, a bh-fad níos mó 'ná
aon chorruidhe sólásach grádhmhar d'aireócama-
ois leith-astigh dínn. Is minic a bheidheadh
duine, agus mar gheall air an daonachd
mhaoth, bhog, go n-aireócadh sé claonadh agus
teas duthrachd' diadha agus luisnídhe éigin
grádh leith astigh de le ar dhóigh leis grádh Dé
do bheith ann, agus 'san am g-ceadna ná
beidheadh aige acht a sgáil. Do bhi mórán do
na naomhaibh agus níor bhrathadar aon airea-
chtain don t-samhail seo; air a shon sin ní
féidir a rádh nár ghrádhuigheadar Dia le na
g-croidhe go h-iomlán. Is é an comhartha,
air an adhbhar sin, má tá gradh Dé agat, tu
d'fuireach buan iona sheirbhís aig deanadh a
chomhairle, aig tathaighe na sácramainte, agus
a coimeád a aitheanta, a n-aimhdheoin aon
mhioshásaimh, leisge no easbaidh compóird a
bheidheadh aig iarraidh tu d'iompóghadh uaidh.
Óir sin é an uair a bhidheann sé le faicsin go
bh-fuil do mheoin glan, go ngrádhuigheann tu
Dia os ceann gach uile nídh mar gheall air
féin, mar is túisge do dheanfá aon rud ná
bhrisfeá a dhlíge. Is beannuighthe an rún
éseo, agus le beagán aireachuis a tá sé air
chumas gach aon duine. Tuigeann sibh
anois air an adhbhar sin, go bh-fuil sé
d'fiachaibh orrain Dia do grádhughadh os cionn
an uile nídh agus ár g-comharsa mar sinn
féin air son Dé, annsa g-ceud áit, mar go
n-orduighean sé féin é; annsa dara h-ait
mar gur chuir sé cumaoin orrainn a thuil-
leann go h-iomarcach é, agus annsa d-treas
áit mar go bh-fuil sé gealltha doibhsin do
choimhlionas na h-aitheanta so go m-beidh
siad taithneamhach a lathair Dé 'san saoghal
so, agus go nglacfar asteac a nglóire na
bh-flaitheas agus 'san m-bheatha shiorruidhe iad
'san t-saoghal eile; beannachd a táimse aig
iarraidh dhíbhse agus dom féin tré ár d-
tighearna Iosa Criost. Amen.



VOCABULARY.



Ceist do chur orm, ort, to ask me, thee, a question:
literally to put a question on me, etc. Feachaint,
Munster form of feuchain. D'oireann, does suit?
Ní théidheann sé amughadh, he deos not stray. Dul
amughadh, straying, being lost.



Rianughadh, this is not a common word. Rian, a track, a
mark; rianugadh, marking out. Go fánach, seldom;
go neamh-shuimeamhail, carelessly. The ná before the
verbs here = nach; and the verbs, in the other provinces
would be eclipsed. Chuige, at all: chuige ná ar aon
chor, at all, at all. Leis of his. Aoinne = aoin neach,
any one. Faoi n-a bhun, beneath him.



Ní luaithe agat iad ná uait, thou no sooner hast them
than they are gone; literally, not sooner are they
with thee than from thee. Air aon imtheacd amhain,
always the same; in the one pace.



Gábhadh an práidhin in this place signify want, or need.
Gur gábhadh a chur de dhualgus orrainn, that it is a
necessity (is necessary) to lay it as an obligation upon
us. Is beag de dhuadh an duine is práidhin d'fhaghail,
it is little labour (trouble) that is a need (that is
necessary) to be taken with a person [to make him


L. 22


love his relations]. Duadh, labour, toil. Is beag an
duadh fuair sé leis, it is little trouble (labour) he had
with it; Is beag d'á (de a) dhuadh fuair me, it is
little trouble I had with it (or I took with him),
literally it is little of its (or his) labour I got. Is
beag de dhuadh an duine is praidhin d'fhaghail, lit.
it is little of the labour of (with) a person it is a
necessity to get. Observe too, d''fhághail (do fhághail)
is a verb in the inf. mood. Speakers, and writers
occasionally, make d'fághail one simple word, which
they aspirate as they would any verb in the inf. mood,
and they put a before it, instead of do, the sign of
the inf. mood; a dh'fághail.



Níor leór leis, he did not think this enough; lit. this
was not enough with him. A d-teannta, in
difficulty, Mar = muna: cur amugadh, wasting.
Is geall le, it is like. A bheidheadh a'siubhal le duine,
that one would have; literally, that would be walking
along with a person. Tuisge, sooner.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services