Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Irish Sermon - ar charthanachd, nó grád ár g-comharsan.
Title
An Irish Sermon - ar charthanachd, nó grád ár g-comharsan.
Author(s)
Meany, Father John,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR CHARTHANACHD, NÓ GRÁD ÁR g-COMHARSAN. Innsidheann ár Slanuightheoir in soisgéul an lae an-diu an dualgas is treise a tá againn le coimhlíonadh, an uair a deir gur ab'é grádh Dé an aithne is aoirde, agus grádh ár g-comarsan an aithne is giorra dhi. Is air an dá aithne seo a tá an dlíghe agus na fáighe 'na seasamh. Is iad aith-ghearr na n-aitheantadh uile iad. Má abraígheann aon duine, a deir naomh Eoin (caib.4, ránn 20), go n-grádhuigheann sé Dia, agus 'san am céadna fuath aige d'á dhearbhráthair, is breu- gach é: óir an té ná grádhuigheann a dhear- bhráthair cionnas is féidir leis grádh Dé do bheith ann? Is fíor, dá réir sin, ná fuil creideamh ná subhailce mar a bh-fuil easbadh grád agus muinteardhais; agus is sía 'na sin íad ó an té a tá air lasadh le moisgais, imreas, no dioghaltus. Do bhi d'fiachaibh air luchd creideimh an t-sean-reachta a g-comhar- sa agus a n-daoine muinnteardha do ghrá- dhughadh; agus, mar is iomláine creideamh Chríosd, teidheann sé níos siá, agus cean- glann sé orrain mhaith a dhéanadh a n-aghaidh an uilc, agus páirt do roinn le n-ár namhaidhibh. Is cruaidh é seo, acht ní'l aon mhaith aig aidhneas air aon rud a deireann Día, agus dá réir sin ní fuláir duit buaidh a bhreith, air d' fheirg agus gan aon droch- inntinn, fós acht deigh-mheóin, a bheith agat do'n té dheárfá leat féin ná taithneóchadh no ná tuillfeádh uait é; ní mar gheall air sin go h-iomlán, acht mar gheall air an té a chruthaigh tusa agus é sin, agus a d'fág cló a dhiadhachda mar á chéile orraibh a raon. Ní h-áil le Dhia go d-tábharfá fuath ná tarcaisne d'á obair. Ós a chionn sin do thug Dia taisbeánadh carthanachda d'á shamhail seo uaidh, an uair do ghlac sé chum siochána clann Adhaimh go léir agus iad 'na namhaid aige leis a' b-peacadh. Agus dar n-dóigh, an nídh do rinné Cruthaightheóir neimhe agus tal- mhan, níor cheart d'á chréatuir cur suas de. Ní bh-fuil aon eascáirdeas ná formad, a deir naomh Aghuistín, idir baill an chuirp daonda, acht fós is é is beag le ceann feabhas an chinn eile. Is mar seo do'n t-súil ní mhóruigheann sí neart na n-géag, ná luas na g-cos. Agus íad so arís, is é is lag leó radharc na súl. Is é an sgéul ceadhna é i d-taobh na m-ball eile; reidhid síad gan fearg gan imreas choídhche. Sin é go díreach, a deir Naomh Aghuistín, an chuma, án cheangal, agus an muinnteardhas, budh cheart do bheith idir na críostaighthibh, mar nach bh-fuil ionnta, do réir an scrioptúra, ácht baill d'aon chorp rúindíamhrach Chríost. Ceanglann an aithne
seo carthanachd orrainn dá réir sin gan aon díoghbhail a dhéanadh a n-aghaidh ár g-comhar- san iona chuid, iona chlú, ná iona cholann; á lochdaighe agus a lagachair a fhoidhneamh; subhailceas á chur air ina dhubhrón, agus cungnamh leis ina ríachdanas. Sin mar budh mhaith leat féin a dhéanadh dhuit, agus an amhlaidh a rinnis? A rabhais aon uair a' gáire an uair do bhídheadh do comharsa a' gul? Luathghaireach, taibhseach, an uair do bhaineadh mí-sgéul dó? A rabhais aon uair aig eísteachd leis an m-bhréig, no fós leis an bh-fhírinne do bhí a n-aghaidh a clú, gan í chur a leath-taobh an uair a b'fhéidir leat é? A rabhais aon uair ad fhíghnéadh diomhaoin an uair a bhí a chuid ná a mhaoin shaoghalta aig imtheachd gan fhios do, as a thigh, no as a ghort? Tabhair fae n-deara nach le fuar- ghrádh béil a choimhlíontar an aithne seo. Ní fuláir duit carthanachd daingean, buan, fairsing, a bheith agat, mar is sí bhi aig Críosd do'n domhan; is sí a bhidheann aig gach aon duine dho féin; is sí budh mhaith leis a bheith aige o dhaoinibh eile; agus dá réir sin is í budh cheart do a thabairt uaidh. An tomhas a thabharfaidh tu uait is é a roinn- fear leat — trócaire ma's trócaireach a bheidhir, no a mhalairt má's é a dhéanfair. Dá m-beidheadh cion agat air an domhan go léir, agus gan fuath a bheith agat acht air aon duine amháin do bheidheadh do carthanachd briste. Air nós an chreidimh, an uair do shéanfá aon phonc de, gídh go n-aidmheochá gach ponc eile bheidheadh an chreidheamh bhriste. Tugann ár Slánuightheóir le tuigsin dúinn a g-cosamh- lachd san scrioptúir nach carthanachd chumhang acht carthanacdh fhairsing is ceart duit a bheith agat; agus nach d'aon duine amháin ná d'aon drong amháin is ceart duit deagh- aigne a bheith agat acht don domhan go léir óir a deir sé do bhí taisdiolach aig imtheacht ó Ierusalem go Iericho agus do ráinig do tuitim a lamhaibh biothamhnach do nocht, agus do bhuail, agus d'fág loitighthe é san n-díg. Do ghabh sagart agus leibhíteach (daoine d'á chine féin) thairis agus níor ghoill an radharc so orrtha. Do ghabh Samaratánach an t-slíghe (budh é sin duine do bhain le creideamh agus le droing eile) agus air fheicsin an othair, do ghlac truaighmhéil do é. Do thóig sé é, agus thug cabhair agus cungnamh dho, agus do chrean sé le h-é leigheas. Agus dob'é sin do righne gníomh ceart na carthanachda. Agus déinsi mar é, a deir ár Slánuightheoir. As so chídhmíd nach ceart dúinn á bheith mall ríghin á d'aimhdheóintamhuil chum fuasguilt do thabhairt don té a bheidheadh 'na ghábhadh, a d-taobh gan é bheith d'aon tír d'aon chualacht ná d'aon chreideamh linn féin, óir is sé ár g-coimhchreatúr é, aig iomchar iomháigh Dé agus rían a oibre. Is a g-cás d'á shamhuil so a thaisbeánann duine glaine inntinne, agus thuilleann sé luaidheacht fhírinneach na carthanachdá. Ní leath bhuidheachus air dhuine deighbheart a dhéanadh air an té do dhéanfadh air é, agus dá réir sin an té is mó do dhéanfadh gan tnúth le tairbhe faoghalta, is é is mó lúaidheachd. Is mar sin do'n déirc a déantar air son Dé go h-iomlán, is í is aoirde luaidheachd. Acht dá m-bhudh treise aon mheóin eile agat, cuirim a g-cás, glóire dhíomhaoin, no muinteardhas saoghalta, a tá do dhaonachd gan mórán tairbhe; do bhí trian no dha d-trian di caillte ma bhí an mhéid sin ded' mheóin lochdach. Budh cheart do dhaoinibh air an adhbhar sin (gídh go m-beidheadh cumann agus muinnteardhas eatorrtha) a ngníomh- artha carthanachda a bheith a gluaiseachd ó ghrádh Dé; oir dá éagmuis sin, dá m-beidheadh an muinteardhas go h-iomlán saoghalta ní bheidheadh aon luaidheachd ann, acht an oiread a's tá do mhuinnteardhas na m-beathaigheach a chomhnuigheann a b-páirt gan buaidhirt gan aimhréidhteach. Déarfadh duine, thuit, mé amach le m' chomharsa, agus níor bh'áil liom beann- ughadh dho már do rinne sé mo dhíobháil. Gan amhrus ní féidir duit do dhaonachd a thréi- gion ná gan aireachtain mar seo á bheith ann. Air á shon son muna bh-fuil t'inntinn go h-iomlán leis, ní comhartha deimhneach mío- charthanachda corruighe don t-samhuilt seo. Is minic ná bidheann neart aig duine air ma
nach cloch ná crann é, agus má bhraitheann tu t'inntinn ad chomhairliúghadh agus ad' chosg á tá tu saor ó pheacadh. A d-taobh easbadh beannachda ná labhartha ní bheidheadh d'fiachaibh ort é dhéanadh an uair budh dóigh leat gur masla a gheobhthá a n-áit. An té air a bh- fuil an cionnta ó thuis is do is cirte tos- nughadh agus umhlughadh á dheanadh. Tuigeann sibh anois cad a chialluigheann grádh ár g- comharsan; gur ab í aithne is giorra do ghrádh Dé í; agus air an adhbhar san gur ab é grádh na g-comharsan an comhartha is dearbhtha a bheith in seilbh grádh Dé. Ni fuar-mhuinn- teardhas a ghluaiseann ó thairbhe saoghalta, acht teas ghrádh diadha os ceann daonachda, do ghluaiseann sinn chum gach aon duine d'admháil 'na comharsa; déanadh dho mar budh mhait linn a dhéanadh dhúinn; ceart, agus páirt, agus truaighmhéil a roinn leis a d-taobh a choda, a chlú, agus in-a riachdanus. Agus é sin do dhéanadh le grádh do Dia, a gheallann a thrócaire i n-áit trócaire. (le bheith air leanamhain.) VOCABULARY. Atá againn [the obligation] we have = atá orrainn, that we owe: Aoirde = airde. Ná fuil = nach bh-fuil, mara bh-fuil, where. Deigh-mheoin = deigh-mhéin; the eoi in meoin is pro- nounced nearly as iui in ciuin. Ná taithneochadh [leat] = nach d-t. Ná tuillfeadh uait é (nach d-t.), who would not deserve it (the good wish) from you. Dearfá leat féin, you would say to yourself. Mar gheall air, on his account. D'fág. c. a. d. orraibh araon, left the impression of his divinity on you both. D'fág se, airgiod, or, beannacht, agaibh. D'ság se rian, clodh, mallacht orraibh (also mall. agaibh.) Áil, pleasure. Ni h-áil le Dia, liom-sa, le Tomás an rud sin: do not wish that. Fuath, tarcuisne, grádh, do thabhairt. Os a chionn sin, moreover. D'á shamhail, seo, of this kind, such as this. Dar n-dóigh, by my certainty. Cur suas de, to put up of it; to refuse to accept it. Baill = ballaibh. Moruigh, in dicts., to extol, to exalt, etc.; to grudge is the meaning here. Ní d'á mórughadh air Dhia é, it is not grudging it to God, a mother says, whose child has died. Is é is beag le ceann feabhus an chinn eile: it is [a fact that] the excellence of the other is thought too little by the one of them; i.e., one wishes the other to be more excellent. Is é an sgeul ceadna é, it is the same case. Reididh siad [le chéile], they agree. Gan aon d. do dh. an- ár g-c.; not to do any injury against our neighbour. Do'n chomarsainn, to the neighbour is the more com- mon idiom. Lagachar, a failing; also a weakness, a fainting. A fhoidhneamh, to bear with. This verb is not in dicts. foighid, patience, is in Munster, foidhne, and the root of the verb akin to this term, foidhnigh or foigh- nidh. Foighnidh me, a dheigh-leinbh Mháire ad cuan. Tadg. Gaodhalach, subhailceas = subhailce, joy, gladness. s. do chur air, to put gladness on him; to make him glad, or joyful [in his sorrow]; cungnam leis, to help [with] him. A dhéanadh dhuit … leat, to do for you … to you. Budh mhaith leat, that would be good with you; that you would wish. Taibhseach, proud, glad. Duine taibhseach, a proud, or rather a vain person. Mísgeil, a calumnious story. Bhain- eadh m. do, used to happen to him. The meaning of mísgeul above is O'Reilly's; but I am not quite sure it was what the preacher meant. Is mór an sgeul é; ní mór an sgéal é, it is a great pity; it is not a pity = (it is a good deed). I suspect the preacher meant a mishap. Gan i chur a leat-taobh, and not to put it to one side, i.e., out of the way. An uair a b'f. l. é, when you could do it. Fíghnéadh = fiadhan, or fiadhnuise, a witness. Tabhair fae n- deara (fa deara), take notice. Ní fulair duit, you must; it is a necessity; it is not an optoin with you. Is budh ceart do, it is what would be right for him; - what he ought. cion air, love for. ráinig do, reached to him; happened to him. ghabh. thairis, passed him by. Níor ghoill an r. so orra, this sight did not affect them. Goillim, with air, signi- fies to affect injuriously, as food, agus c. Níor bh-fada gur ghoill air chloinn sin Mhaoghnuis an fairge dhoimhin. Giolla an Amaráin. Budh é sin. I think the é is superfluous; bud sin duine, that was a man. Do chrean sé le n-a leigheas, he bore the expense of getting him cured. Crean in dicts. is to buy, to purchase: in Waterford, it is always applied as in the Sermon, and in all books, so far a I can recollect. Glac truaigmheil do … truagh dho, he took (felt) com- passion for him, pity for him. D'aimdheontamhuil, as if in spite of one's self. It is very likely Father Meany said dúinneamhuil, reluctant (dúinne, reluc- tance): these two latter words are quite common in Waterford, though not in any dictionary. D'aon chuallachd … linn, of the same party with us: d'aon creidiomh linn, etc., of the same religion as we; rian a oibre; rian, in Waterford, is the mark, the track, etc.; the rut of wheel, rian roithleain; the track of the foot, rian coise; ní buidheachus air, he deserves no thanks; ní leath-bh. air, he scarcely deserves thanks. Is aoirde = is áirde, the highest, the greatest. Cuirim i g-cas, let me suppose. D'á eagmuis sin, other- wise, beannugadh dho, to salute him. Daonachd, human nature. Ann, recte innte. Aireach- dain, feeling: in the West, aireachdail. Corruighe, emotion. A' n-ait, recte in ait, in return for it.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services