Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Sermon - ar charthanachd, nó grád ár g-comharsan.

Title
An Irish Sermon - ar charthanachd, nó grád ár g-comharsan.
Author(s)
Meany, Father John,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR CHARTHANACHD, NÓ GRÁD ÁR g-COMHARSAN.



Innsidheann ár Slanuightheoir in soisgéul
an lae an-diu an dualgas is treise a tá
againn le coimhlíonadh, an uair a deir gur
ab'é grádh Dé an aithne is aoirde, agus
grádh ár g-comarsan an aithne is giorra dhi.
Is air an dá aithne seo a tá an dlíghe agus
na fáighe 'na seasamh. Is iad aith-ghearr na
n-aitheantadh uile iad. Má abraígheann aon
duine, a deir naomh Eoin (caib.4, ránn 20),
go n-grádhuigheann sé Dia, agus 'san am
céadna fuath aige d'á dhearbhráthair, is breu-
gach é: óir an té ná grádhuigheann a dhear-
bhráthair cionnas is féidir leis grádh Dé do
bheith ann? Is fíor, dá réir sin, ná fuil
creideamh ná subhailce mar a bh-fuil easbadh
grád agus muinteardhais; agus is sía 'na
sin íad ó an té a tá air lasadh le moisgais,
imreas, no dioghaltus. Do bhi d'fiachaibh air
luchd creideimh an t-sean-reachta a g-comhar-
sa agus a n-daoine muinnteardha do ghrá-
dhughadh; agus, mar is iomláine creideamh
Chríosd, teidheann sé níos siá, agus cean-
glann sé orrain mhaith a dhéanadh a n-aghaidh
an uilc, agus páirt do roinn le n-ár
namhaidhibh. Is cruaidh é seo, acht ní'l aon
mhaith aig aidhneas air aon rud a deireann
Día, agus dá réir sin ní fuláir duit buaidh
a bhreith, air d' fheirg agus gan aon droch-
inntinn, fós acht deigh-mheóin, a bheith agat
do'n té dheárfá leat féin ná taithneóchadh
no ná tuillfeádh uait é; ní mar gheall air
sin go h-iomlán, acht mar gheall air an té
a chruthaigh tusa agus é sin, agus a d'fág
cló a dhiadhachda mar á chéile orraibh a raon.
Ní h-áil le Dhia go d-tábharfá fuath ná
tarcaisne d'á obair. Ós a chionn sin do
thug Dia taisbeánadh carthanachda d'á shamhail
seo uaidh, an uair do ghlac sé chum siochána
clann Adhaimh go léir agus iad 'na namhaid
aige leis a' b-peacadh. Agus dar n-dóigh, an
nídh do rinné Cruthaightheóir neimhe agus tal-
mhan, níor cheart d'á chréatuir cur suas de.
Ní bh-fuil aon eascáirdeas ná formad, a deir
naomh Aghuistín, idir baill an chuirp daonda,
acht fós is é is beag le ceann feabhas an
chinn eile. Is mar seo do'n t-súil ní
mhóruigheann sí neart na n-géag, ná luas
na g-cos. Agus íad so arís, is é is lag leó
radharc na súl. Is é an sgéul ceadhna é i
d-taobh na m-ball eile; reidhid síad gan
fearg gan imreas choídhche. Sin é go díreach,
a deir Naomh Aghuistín, an chuma, án cheangal,
agus an muinnteardhas, budh cheart do bheith
idir na críostaighthibh, mar nach bh-fuil ionnta,
do réir an scrioptúra, ácht baill d'aon chorp
rúindíamhrach Chríost. Ceanglann an aithne


L. 5


seo carthanachd orrainn dá réir sin gan aon
díoghbhail a dhéanadh a n-aghaidh ár g-comhar-
san iona chuid, iona chlú, ná iona cholann; á
lochdaighe agus a lagachair a fhoidhneamh;
subhailceas á chur air ina dhubhrón, agus
cungnamh leis ina ríachdanas. Sin mar
budh mhaith leat féin a dhéanadh dhuit, agus an
amhlaidh a rinnis? A rabhais aon uair a'
gáire an uair do bhídheadh do comharsa a'
gul? Luathghaireach, taibhseach, an uair do
bhaineadh mí-sgéul dó? A rabhais aon uair
aig eísteachd leis an m-bhréig, no fós leis
an bh-fhírinne do bhí a n-aghaidh a clú, gan í
chur a leath-taobh an uair a b'fhéidir leat é?
A rabhais aon uair ad fhíghnéadh diomhaoin an
uair a bhí a chuid ná a mhaoin shaoghalta aig
imtheachd gan fhios do, as a thigh, no as a
ghort? Tabhair fae n-deara nach le fuar-
ghrádh béil a choimhlíontar an aithne seo. Ní
fuláir duit carthanachd daingean, buan,
fairsing, a bheith agat, mar is sí bhi aig
Críosd do'n domhan; is sí a bhidheann aig gach
aon duine dho féin; is sí budh mhaith leis a
bheith aige o dhaoinibh eile; agus dá réir sin
is í budh cheart do a thabairt uaidh. An
tomhas a thabharfaidh tu uait is é a roinn-
fear leat — trócaire ma's trócaireach a
bheidhir, no a mhalairt má's é a dhéanfair.
Dá m-beidheadh cion agat air an domhan go
léir, agus gan fuath a bheith agat acht air aon
duine amháin do bheidheadh do carthanachd briste.
Air nós an chreidimh, an uair do shéanfá aon
phonc de, gídh go n-aidmheochá gach ponc eile
bheidheadh an chreidheamh bhriste. Tugann ár
Slánuightheóir le tuigsin dúinn a g-cosamh-
lachd san scrioptúir nach carthanachd chumhang
acht carthanacdh fhairsing is ceart duit a
bheith agat; agus nach d'aon duine amháin ná
d'aon drong amháin is ceart duit deagh-
aigne a bheith agat acht don domhan go léir
óir a deir sé do bhí taisdiolach aig imtheacht
ó Ierusalem go Iericho agus do ráinig do
tuitim a lamhaibh biothamhnach do nocht, agus
do bhuail, agus d'fág loitighthe é san n-díg.
Do ghabh sagart agus leibhíteach (daoine d'á
chine féin) thairis agus níor ghoill an radharc
so orrtha. Do ghabh Samaratánach an t-slíghe
(budh é sin duine do bhain le creideamh agus
le droing eile) agus air fheicsin an othair,
do ghlac truaighmhéil do é. Do thóig sé é,
agus thug cabhair agus cungnamh dho, agus do
chrean sé le h-é leigheas. Agus dob'é sin
do righne gníomh ceart na carthanachda.
Agus déinsi mar é, a deir ár Slánuightheoir.
As so chídhmíd nach ceart dúinn á bheith mall
ríghin á d'aimhdheóintamhuil chum fuasguilt do
thabhairt don té a bheidheadh 'na ghábhadh, a
d-taobh gan é bheith d'aon tír d'aon chualacht
ná d'aon chreideamh linn féin, óir is sé ár
g-coimhchreatúr é, aig iomchar iomháigh Dé
agus rían a oibre. Is a g-cás d'á shamhuil
so a thaisbeánann duine glaine inntinne,
agus thuilleann sé luaidheacht fhírinneach na
carthanachdá. Ní leath bhuidheachus air dhuine
deighbheart a dhéanadh air an té do dhéanfadh
air é, agus dá réir sin an té is mó do
dhéanfadh gan tnúth le tairbhe faoghalta, is é
is mó lúaidheachd. Is mar sin do'n déirc a
déantar air son Dé go h-iomlán, is í is
aoirde luaidheachd. Acht dá m-bhudh treise
aon mheóin eile agat, cuirim a g-cás, glóire
dhíomhaoin, no muinteardhas saoghalta, a tá
do dhaonachd gan mórán tairbhe; do bhí trian
no dha d-trian di caillte ma bhí an mhéid sin
ded' mheóin lochdach. Budh cheart do dhaoinibh
air an adhbhar sin (gídh go m-beidheadh cumann
agus muinnteardhas eatorrtha) a ngníomh-
artha carthanachda a bheith a gluaiseachd ó
ghrádh Dé; oir dá éagmuis sin, dá m-beidheadh
an muinteardhas go h-iomlán saoghalta ní
bheidheadh aon luaidheachd ann, acht an oiread
a's tá do mhuinnteardhas na m-beathaigheach
a chomhnuigheann a b-páirt gan buaidhirt gan
aimhréidhteach. Déarfadh duine, thuit, mé amach
le m' chomharsa, agus níor bh'áil liom beann-
ughadh dho már do rinne sé mo dhíobháil. Gan
amhrus ní féidir duit do dhaonachd a thréi-
gion ná gan aireachtain mar seo á bheith
ann. Air á shon son muna bh-fuil t'inntinn
go h-iomlán leis, ní comhartha deimhneach mío-
charthanachda corruighe don t-samhuilt seo.
Is minic ná bidheann neart aig duine air ma


L. 6


nach cloch ná crann é, agus má bhraitheann tu
t'inntinn ad chomhairliúghadh agus ad' chosg á
tá tu saor ó pheacadh. A d-taobh easbadh
beannachda ná labhartha ní bheidheadh d'fiachaibh
ort é dhéanadh an uair budh dóigh leat gur
masla a gheobhthá a n-áit. An té air a bh-
fuil an cionnta ó thuis is do is cirte tos-
nughadh agus umhlughadh á dheanadh. Tuigeann
sibh anois cad a chialluigheann grádh ár g-
comharsan; gur ab í aithne is giorra do
ghrádh Dé í; agus air an adhbhar san gur ab é
grádh na g-comharsan an comhartha is dearbhtha
a bheith in seilbh grádh Dé. Ni fuar-mhuinn-
teardhas a ghluaiseann ó thairbhe saoghalta,
acht teas ghrádh diadha os ceann daonachda,
do ghluaiseann sinn chum gach aon duine
d'admháil 'na comharsa; déanadh dho mar budh
mhait linn a dhéanadh dhúinn; ceart, agus
páirt, agus truaighmhéil a roinn leis a
d-taobh a choda, a chlú, agus in-a riachdanus.
Agus é sin do dhéanadh le grádh do Dia, a
gheallann a thrócaire i n-áit trócaire.



(le bheith air leanamhain.)



VOCABULARY.



Atá againn [the obligation] we have = atá orrainn, that
we owe: Aoirde = airde.



Ná fuil = nach bh-fuil, mara bh-fuil, where.



Deigh-mheoin = deigh-mhéin; the eoi in meoin is pro-
nounced nearly as iui in ciuin. Ná taithneochadh
[leat] = nach d-t. Ná tuillfeadh uait é (nach d-t.),
who would not deserve it (the good wish) from you.



Dearfá leat féin, you would say to yourself. Mar
gheall air, on his account. D'fág. c. a. d. orraibh
araon, left the impression of his divinity on you
both.



D'fág se, airgiod, or, beannacht, agaibh.



D'ság se rian, clodh, mallacht orraibh (also mall.
agaibh.)



Áil, pleasure. Ni h-áil le Dia, liom-sa, le Tomás an
rud sin: do not wish that.



Fuath, tarcuisne, grádh, do thabhairt.



Os a chionn sin, moreover. D'á shamhail, seo, of this
kind, such as this.



Dar n-dóigh, by my certainty. Cur suas de, to put up
of it; to refuse to accept it. Baill = ballaibh.



Moruigh, in dicts., to extol, to exalt, etc.; to grudge is the
meaning here. Ní d'á mórughadh air Dhia é, it is
not grudging it to God, a mother says, whose child
has died.



Is é is beag le ceann feabhus an chinn eile: it is [a fact
that] the excellence of the other is thought too little
by the one of them; i.e., one wishes the other to be
more excellent.



Is é an sgeul ceadna é, it is the same case. Reididh
siad [le chéile], they agree. Gan aon d. do dh. an-
ár g-c.; not to do any injury against our neighbour.
Do'n chomarsainn, to the neighbour is the more com-
mon idiom.



Lagachar, a failing; also a weakness, a fainting.



A fhoidhneamh, to bear with. This verb is not in dicts.
foighid, patience, is in Munster, foidhne, and the
root of the verb akin to this term, foidhnigh or foigh-
nidh. Foighnidh me, a dheigh-leinbh Mháire ad cuan.
Tadg. Gaodhalach, subhailceas = subhailce, joy,
gladness. s. do chur air, to put gladness on him;
to make him glad, or joyful [in his sorrow]; cungnam
leis, to help [with] him. A dhéanadh dhuit … leat,
to do for you … to you. Budh mhaith leat, that would
be good with you; that you would wish. Taibhseach,
proud, glad. Duine taibhseach, a proud, or rather a
vain person. Mísgeil, a calumnious story. Bhain-
eadh m. do, used to happen to him. The meaning of
mísgeul above is O'Reilly's; but I am not quite
sure it was what the preacher meant. Is mór an
sgeul é; ní mór an sgéal é, it is a great pity; it is
not a pity = (it is a good deed). I suspect the
preacher meant a mishap. Gan i chur a leat-taobh,
and not to put it to one side, i.e., out of the way. An
uair a b'f. l. é, when you could do it. Fíghnéadh =
fiadhan, or fiadhnuise, a witness. Tabhair fae n-
deara (fa deara), take notice. Ní fulair duit,
you must; it is a necessity; it is not an optoin with
you.



Is budh ceart do, it is what would be right for him; -
what he ought. cion air, love for. ráinig do,
reached to him; happened to him. ghabh. thairis,
passed him by. Níor ghoill an r. so orra, this
sight did not affect them. Goillim, with air, signi-
fies to affect injuriously, as food, agus c. Níor bh-fada
gur ghoill air chloinn sin Mhaoghnuis an fairge
dhoimhin. Giolla an Amaráin. Budh é sin. I think
the é is superfluous; bud sin duine, that was a man.
Do chrean sé le n-a leigheas, he bore the expense
of getting him cured. Crean in dicts. is to buy, to
purchase: in Waterford, it is always applied as in
the Sermon, and in all books, so far a I can
recollect.



Glac truaigmheil do … truagh dho, he took (felt) com-
passion for him, pity for him. D'aimdheontamhuil,
as if in spite of one's self. It is very likely Father
Meany said dúinneamhuil, reluctant (dúinne, reluc-
tance): these two latter words are quite common in
Waterford, though not in any dictionary. D'aon
chuallachd … linn, of the same party with us:
d'aon creidiomh linn, etc., of the same religion as
we; rian a oibre; rian, in Waterford, is the mark,
the track, etc.; the rut of wheel, rian roithleain;
the track of the foot, rian coise; ní buidheachus air,
he deserves no thanks; ní leath-bh. air, he scarcely
deserves thanks.



Is aoirde = is áirde, the highest, the greatest. Cuirim
i g-cas, let me suppose. D'á eagmuis sin, other-
wise, beannugadh dho, to salute him.



Daonachd, human nature. Ann, recte innte. Aireach-
dain, feeling: in the West, aireachdail. Corruighe,
emotion. A' n-ait, recte in ait, in return for it.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services